European Economic
and Social Committee
Réitigh nuálacha don gheilleagar ciorclach: leagann comhdháil shuaitheanta CESE an bealach amach d’aistriú na hEorpa
I mbliana, chuaigh Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP), tionscnamh arna fhorbairt agus arna óstáil go comhpháirteach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), i gcomhar le hUachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an bhFóram Domhanda um an nGeilleagar Ciorclach (WCEF) atá bunaithe san Fhionlainn, chun a chomhdháil shuaitheanta a eagrú, comhdháil a reáchtáladh an 15 agus an 16 Aibreán.
Tionóladh an chomhdháil san ionad comhdhála ‘Square’ sa Bhruiséil agus ghlac níos mó ná 1 000 rannpháirtí agus 150 cainteoir páirt inti. Cuireadh réitigh i láthair a raibh tionchar mór acu agus a bunaíodh ar na torthaí eolaíocha is déanaí. Labhair toscairí CESE faoin rath atá ar ECESP.
Mhol Cillian Lohan, comhalta de CESE agus comhbhunaitheoir ECESP, an t-ardán agus dúirt sé gurb éard atá ann ‘líonra na líonraí’ a thugann an ceapadh beartas agus an tsochaí shibhialta le chéile chun dul chun cinn ciorclach a bhaint amach. Leag Anders Ladefoged, ball de Ghrúpa Stiúrtha ECESP, béim ar ról an ardáin maidir le dul chun cinn agus bearnaí na hEorpa a phlé a mhéid a bhaineann leis an gciorclaíocht, agus chuir sé in iúl gur ardán atá bunaithe ar an gcomhoibriú agus ar an bhfoghlaim atá ann. Leag Maria Nikolopoulou, comhalta de chuid CESE, béim ar idirghníomhaíocht mhéadaitheach an ardáin, rud a éascaíonn an t-idirphlé trí thionscnaimh amhail #EUCircularTalks.
Le linn sheisiún iomlánach deiridh na comhdhála, d’fhógair an Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, Jutta Urpilainen, dhá thionscnamh chun tacú leis an aistriú domhanda chuig geilleagar ciorclach: an Lárionad um Acmhainní do Gheilleagar Ciorclach an Aontais, a mhaoineoidh an Coimisiún Eorpach trí EUR 15 mhilliún a chur ar fáil, agus an clár ‘SWITCH to Circular Economy in East and Southern Africa’ a gcuirfidh an Coimisiún EUR 40 milliún ar fáil ina leith thar thréimhse cúig bliana. Gheall an t-ardán go dtabharfadh sé tacaíocht don dá thionscnamh sin.
Faoin ardán seo a thionscain CESE agus an Coimisiún Eorpach in 2017, cuirtear an t-idirphlé chun cinn, scaiptear dea-chleachtais agus cuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an ngeilleagar ciorclach chun gníomhaíochtaí a dhéanamh de na físeanna. Tá CESE ag tacú go gníomhach leis an gciorclaíocht. In 2015 chuir sé in iúl go dtacódh sé le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach. Is éard atá san ardán iarracht chomhpháirteach chun na geallsealbhóirí uile a rannpháirtiú chun fís chiorclach a bhaint amach, arb é is aidhm di dlús a chur leis an aistriú tríd an idirphlé agus tríd an gcomhar.