Luca Jahier: In ómós do David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, a d’éag an 11 Eanáir 2022

Inniu táimid faoi scamall bróin ag an bhfolús mór atá fágtha ag bás ár gcara, iriseoir a d’fhág a lorg orainn, polaiteoir dea-mhúinte, rud nach bhfeictear go minic, agus duine a bhí go mór ar son na hEorpa. Rud is féidir a rá faoi go cinnte ná gur athraigh sé treo an Aontais Eorpaigh le linn na paindéime nuair a choinnigh sé an Pharlaimint ar oscailt agus nuair a sheas sé leis an té is laige. Chuir sé chun cinn tionscnaimh a bhí neamhghnách, mar shampla nuair a rinne sé, sa chéad ráig den phaindéim, ceann d’fhoirgnimh na Parlaiminte a fholmhú, á chur ar fáil mar spás téarnaimh agus dídine do mhná agus do mháithreacha aonair a raibh COVID-19 orthu.

Tá neart le rá ag an Eoraip fós ach sinne, sibhse, a bheith in ann labhairt d’aon ghuth. A bheith in ann an díospóireacht pholaitiúil a chur chun leasa mhuintir na hEorpa agus an Pharlaimint a bheith in ann an méid a theastaíonn ó na saoránaigh, na hábhair imní atá acu agus na riachtanais atá acu a thuiscint. B’in an ghné ba shuaithinsí a bhain leis an obair a rinne sé mar pholaiteoir agus a bhí le sonrú ar a thréimhse mar Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa, nuair a toghadh é gan choinne i ndiaidh thoghcháin na hEorpa in 2019.

An cumas a bhí ann comhaontú a fhí i bParlaimint a bhí i bhfad níos deighilte ná parlaimintí eile roimhe sin, rud a d’fhág go bhfuair an tUachtarán ainmnithe, Ursula von der Leyen, tromlach níos mó ná mar a fuair a comhghleacaithe a tháinig roimpi do chlár polaitiúil bunathraitheach a bhí dírithe go hiomlán ar na hathruithe riachtanacha a theastaíonn ionsar Eoraip inbhuanaithe, nuálach, shóisialta, atá fothaithe ar luachanna agus cearta, agus atá neamhspleách ó thaobh straitéise de. An cumas a bhí ann seasamh go daingean leis na bearta go léir ba ghá a dhéanamh chun déileáil le ráig na paindéime, rud a chinntigh an rannpháirtíocht dhaonlathach ba leithne chun teacht ar an iliomad cinntí práinneacha a d’athraigh an treo ina raibh an Eoraip ag dul. Ba é a thug an spreagadh cinniúnach a d’fhág gurbh fhéidir na tograí ó Uachtarán Macron, Seansailéir Merkel agus an Coimisiún Eorpach a chlaochlú, i dtréimhse cúpla mí, go plean téarnaimh agus athléimneachta a bhí ar an bplean is mó dá leithéid i stair na hEorpa. D’éirigh leis Parlaimint na hEorpa a aontú, rud nár tharla go minic cheana.

Fear, iriseoir agus polaiteoir measúil lách a bhí ann. Bhí an-tuiscint aige ar rudaí agus air féin, fiú. Bhí sé ar dhuine den bheagán daoine sin nár fhág a cháil ná na cúraimí tábhachtacha a bhí air gur bhraith sé nach raibh teorainn leis an gcumhacht a bhí aige. Trí cinn de na dea-thréithe a bhí go smior i David Sassoli – an stuamacht, an dílseacht agus an ghnaíúlacht – ba iad sin an t-arm ba chumhachtaí a bhí aige ina shaol pearsanta agus ina shaol polaitiúil. Is minic a bhíodh teagmháil dhíreach agam leis agus is cuimhin liom go maith a mhiongháire nó mar a leagadh sé a shúil ort, ag iarraidh i gcónaí caidreamh pearsanta a bheith aige leat, agus ba é sin an chaoi ar iompar sé é féin agus a chinntigh gur rith an saol leis.

Ba shampla dúinn go léir é, duine a bhí in ann réiteach go maith le gach duine agus leas a bhaint as an umhlaíocht chliste sin chun gníomh coiteann a spreagadh ar mhaithe leis an bpobal. Ba dhaonlathach Caitliceach go smior a bhí ann, duine an-spioradálta, agus bhí ardmheas aige ar na pearsana David Maria Turoldo, as a bhfuair sé a ainm, Giuseppe Dossetti agus Giorgio La Pira ar tharraing sé aird ar a oidhreacht, agus é ina iriseoir.

As an teachtaireacht dheireanach uaidh inar ghuigh sé beannachtaí na Nollag, agus a taifeadadh roinnt laethanta sular tógadh isteach arís san ospidéal é, luaim na focail seo a leanas: ‘Sinne an dóchas, nuair nach dtugaimid cúl leis an té atá thíos, nuair nach n-ardaímid ballaí ar ár dteorainneacha, nuair a throidimid i gcoinne gach éagóra. Beannachtaí orainn uile agus ar ár ndóchas.’

Go raibh maith agat, a David. Smaoinímid go speisialta ar Sandra agus ar na páistí a raibh an oiread sin ceana agat orthu.

Luca Jahier

< lang="IT" style="color:black">Foilsíodh an t‑alt seo ar shuíomh gréasáin VITA san Iodáil an 11.1.2022

Luca Jahier, iriseoir Iodálach atá ina chomhalta de CESE ó 2002 agus a bhí ina Uachtarán ar CESE idir 2018 agus 2020.