An 23 Meán Fómhair 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach buaiteoirí an tríú ceann de Ghradaim Orgánacha an Aontais. Is i dtrí phríomhchatagóir a roghnaigh agus a bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na buaiteoirí: an FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach, an Miondíoltóir Bia Orgánach is Fearr, agus an Bialann Orgánach is Fearr.

Seo a leanas na buaiteoirí:

  • An FBM is Fearr le haghaidh Próiseáil Bia Orgánach: Gino Girolomoni Cooperativa Agricola (an Iodáil), comharchumann a tháirgeann pasta orgánach i réigiún Marche ag baint leas as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus ag tacú le níos mó ná 300 feirmeoir áitiúla.
  • An Miondíoltóir Bia Orgánach is Fearr: SAiFRESC (an Spáinn), tionscnamh atá treoraithe ag feirmeoirí ag táirgeadh níos mó ná 70 cineál torthaí agus glasraí orgánacha ar 30 heicteár de thalamh talmhaíochta orgánaí, ag cur an geilleagar ciorclach chun cinn agus ceardlanna oideachasúla á gcur ar fáil acu.
  • An Bhialann Orgánach/an tSeirbhís Bia Orgánach is Fearr: Kalf & Hansen (an tSualainn), sraith bialanna a dhíríonn ar bhia séasúrach Nordach atá 100 % orgánach a chur ar fáil, agus cáil ar na bialanna as an bhfoinsiú inbhuanaithe agus naisc láidre acu le táirgeoirí áitiúla.

Mhol Peter Schmidt, cathaoirleach na Rannóige um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) in CESE, na buaiteoirí, agus thug sé dá aire go dtugtar aitheantas sna gradaim don nuálaíocht agus don bharr feabhais in earnáil orgánach an Aontais. Chuir sé i dtábhacht go bhfuil sé ríthábhachtach inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí orgánacha a mhéadú ionas go dtiocfaidh fás ar an earnáil agus chun cuidiú leis an Aontas an sprioc maidir le 25 % den fheirmeoireacht orgánach a bhaint amach faoi 2030. ‘Mar sin féin, ní é an cur chuige ceart iarracht a dhéanamh fadhbanna sóisialta a réiteach trí bheartais talmhaíochta. Le beartais shóisialta, ní mór saoránaigh na hEorpa a chumhachtú chun táirgí orgánacha a íoc’, a dúirt sé freisin.

Tá Gradam an Aontais maidir le táirgeadh orgánach mar chuid de thionscnamh níos leithne Lá Orgánach an Aontais, a seoladh in 2021 chun aird a tharraingt ar na tairbhí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht orgánach. Tháinig fás suntasach ar an bhfeirmeoireacht orgánach, a fhaigheann tacaíocht ó Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais, ó 5.9 % de thalamh talmhaíochta an Aontais in 2012 go 10.5 % faoi 2022, agus shroich díolacháin mhiondíola €45 bhilliún in 2022. D’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch, tá an tAontas fós ar an dara margadh orgánach is mó ar domhan, i ndiaidh na Stát Aontaithe. (ks)