An 23 Feabhra, d’eagraigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus an Coimisiún Eorpach imeacht suaitheanta leis an mBliain Eorpach um Scileanna a cheiliúradh. Tugadh le chéile os cionn 400 duine óg ó gach Ballstát den Aontas san imeacht le solas a chaitheamh ar na scileanna atá ag teastáil le haghaidh na bpost atá ann cheana agus na gceann a bheidh ann amach anseo.

Bhí 35 churadh óga Eorpacha i láthair ag an imeacht Caith Seal leis na Curaidh Eorpacha. Daoine óga a bhí iontu siúd a rug an bua leo sna comórtais WorldSkills agus EuroSkills a reáchtáladh le déanaí, chomh maith le curaidh ó na Cluichí Oilimpeacha um Scileanna le haghaidh daoine faoi mhíchumas, Abylimpics. Ghlac na hiomaitheoirí páirt i mbreis agus 20 disciplín éagsúil, ina measc sin róbataic mhóibíleach, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, meicnic, dearadh grafach, teicneolaíochtaí mótarfheithiclí agus tógáil.

Roinn na curaidh scéalta spreagúla faoina gcuid foghlama agus gairme féin. Cuireadh taispeántais éagsúla ar siúl don lucht féachana óg a thug an deis dóibh scileanna traidisiúnta agus scileanna nua a fheiceáil agus foghlaim fúthu i réimsí amhail an bhláthadóireacht, péinteáil carranna, an róbataic agus an réaltacht fhíorúil. Bhí cainteanna ann, mar shampla, maidir le comhtháthú córas róbat, róbat dímhianaithe don Úcráin agus an dearadh ríomhchuidithe san innealtóireacht mheicniúil.

Leis sin, féachadh leis na tairbhí agus na deiseanna a bhaineann leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint a chur chun cinn, go mór mór i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, an aistrithe dhigitigh agus thodhchaí shaol na hoibre. Tá tábhacht freisin leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint a mhéid a bhaineann leis an nganntanas saothair agus scileanna atá ann faoi láthair san Aontas agus na mímheaitseálacha scileanna. Tá breis agus an trí cheathrú de na cuideachtaí san Aontas ann a thuairiscíonn go bhfuil deacrachtaí acu na hoibrithe a bhfuil na scileanna riachtanacha acu a aimsiú.

Seo mar a labhair Oliver Röpke, Uachtarán CESE: ‘Is iad scileanna an eochair atá ag teastáil chun cun ar chumas daoine óga a bheith rathúil sa saol, an saol pearsanta agus an saol oibre san áireamh. Agus an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas ar bun faoi láthair, tá sé de chumhacht againn, a bhuí le scileanna, ní hamháin sinn féin a chur in oiriúint don domhan nua, ach poist an lae amárach a mhúnlú freisin’.

Seo a bhí le rá ag Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta: ‘Osclaítear an-chuid doras i margadh saothair an lae inniu a bhuí leis an ngairmoiliúint. Táim cinnte de go bhféadfadh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint cuidiú linn aghaidh a thabhairt ar na mímheaitseálacha scileanna agus ar an nganntanas saothair a chuireann bac ar thionscail na hEorpa’.

Léiríodh san imeacht gur rogha den scoth an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a chuireann deiseanna iontacha gairme ar fáil do dhaoine óga agus a chuireann ar chumas acu poist a aimsiú go tapa. Is fíor an méid sin freisin do dhaoine fásta ar mian leo poist a athrú nó snas a chur ar an riar scileanna atá acu cheana féin. Ina ainneoin sin, is minic an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ina ndara rogha ag mic léinn ionchasacha. In 2021, bhí beagán os cionn leath de na daltaí meánleibhéil ar fad san Aontas ag tabhairt faoi chúrsa gairmoideachais nó gairmoiliúna.

In 2022, d’éirigh le beagnach 80 % de na céimithe gairmoideachais agus gairmoiliúna post a fháil. Is é is aidhm don Aontas an méid sin a ardú go 82 % faoi 2025. (ll)