Tá CESE ag iarraidh go mbeidh aistriú cóir agus cuimsitheach ann agus an tAontas ag athrú i dtreo na haeráidneodrachta. I dtuairim uaidh le déanaí, chuir CESE béim ar an ngá atá le hiarrachtaí comhordaithe chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus spriocanna uaillmhianacha aeráide á mbaint amach ag an Aontas. Tá na moltaí sin ag teacht le tosaíochtaí 2024-2029 an Choimisiúin Eorpaigh, lena dtugtar aghaidh ar phoist, scileanna, leas sóisialta agus éagothromaíochtaí réigiúnacha.

Tá pacáiste cuimsitheach beartais um aistriú cóir á mholadh ag CESE, ionas go mbeidh solúbthacht ag na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar a gcúinsí féin. Anuas ar aird a tharraingt ar an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil mar phríomhuirlisí, tá moltaí eile déanta ag CESE freisin, cuir i gcás bearnaí scileanna a mhapáil, cláir oiliúna chuimsitheacha a chur ar fáil, pleananna na ngnólachtaí don aistriú a bheith trédhearcach, comhairliúchán le hoibrithe a fheabhsú, agus prionsabail an aistrithe chóir a chomhtháthú i gcreataí an Aontais amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

‘Leis an aistriú cóir ba mhaith linn bunsraith chothrom, athléimneach agus inbhuanaithe a chur síos chun an bealach a réiteach do thodhchaí a bheidh níos glaise agus níos cuimsithí’, a dúirt Dirk Bergrath, rapóirtéir don tuairim.

Chuir CESE i dtábhacht sa tuairim gur gá gach beartas a bhunú ar an gcothroime más uainn uaillmhianta aeráide na hEorpa a bhaint amach, is é sin astaíochtaí a laghdú 75 % faoi 2030 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt don obair chuibhiúil, don chuimsiú sóisialta agus do laghdú na bochtaineachta chun tacaíocht phoiblí a chothú agus chun a chinntiú go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas don Eoraip.

Lena chois sin, chuir CESE béim ar an ngá atá le tacaíocht spriocdhírithe do réigiúin a ndéanann an t-aistriú glas difear díréireach dóibh. Tá sé fíorthábhachtach riachtanais réigiúnacha agus aistrithe earnála a mhapáil, agus faireachán á dhéanamh ag an bhFaireachlann um Aistriú Cóir ar dhul chun cinn agus á chinntiú nach ndéantar dearmad ar phobal ar bith.

Chun bearnaí cistiúcháin a dhúnadh, tá sé ríthábhachtach an Ciste um Aistriú Cóir a mhéadú, infheistíocht phríobháideach a ghiaráil agus ionstraimí airgeadais an Aontais a chomhchuibhiú. Le coinníollachtaí sóisialta agus comhshaoil cinnteofar leithdháileadh cothrom, ina ndíreofar ar oiliúint agus ar chosaint do ghrúpaí leochaileacha. (ks)