European Economic
and Social Committee
Ní mór dúinn beart a dhéanamh go beo ach gan an cháilíocht a chur i gcontúirt
Giuseppe Guerini
, thar ceann Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta in CESE, a scríobh
An bhliain seo caite, chuir an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle Eorpach de chúram ar Mario Draghi agus Enrico Letta tuarascálacha a dhréachtú maidir le hiomaíochas an Aontais agus maidir leis an margadh aonair a fheabhsú faoi seach. Leagadh amach sna tuarascálacha sin clár oibre polaitiúil uaillmhianach don Aontas Eorpach, ar plean agus tagarmharc ar aon iad maidir le measúnú a dhéanamh ar thiomantas na n-institiúidí agus lucht ceaptha beartas todhchaí an Aontais a mhúnlú agus ar a gcumas déanamh amhlaidh.
Is féidir iad a úsáid le héifeachtacht na n-institiúidí agus na gceannairí a thomhas agus iad ag dul i ngleic le dúshláin chasta an lae inniu.
Uirlis fhónta atá i dtuairim CESE maidir leis na tuarascálacha sin, d’fhonn céimeanna tosaigh an timthrialla pholaitiúil nua seo a mheas. Ar an gcéad cheann de na céimeanna sin, tá an Compás Iomaíochais, rud a sheol an Coimisiún Eorpach an 29 Eanáir. Cuid de na tograí ardtosaíochta éagsúla atá ann, tarraingítear aird orthu i dtuairim CESE, cuir i gcás an bhearna iomaíochais a dhruidim, an margadh aonair a chur i gcrích, rialacháin a shimpliú gan dírialáil a dhéanamh, agus tábhacht na ndaoine agus na scileanna atá acu a aithint mar an rud is mó a bhfuil an t-iomaíochas ag brath air.
Mar sin féin, de bhreis ar an mbearna iomaíochais, níl dóthain bearta nithiúla á ndéanamh. Go dtí seo, is éard atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún ná doiciméid straitéiseacha, teachtaireachtaí, agus gealltanais, ach ní bheidh bearta follasacha le feiceáil go ceann na míonna fós. Léiríonn an mhoill sin, mar a cuireadh i bhfáth sa tuairim uainn, gur gá do na hinstitiúidí Eorpacha agus do na Ballstáit freisin tús a chur le díospóireacht faoi rialacha bunúsacha an Aontais agus ábharthacht na gConarthaí atá ann faoi láthair i gcomhthéacs na ndúshlán ar gá dul i ngleic leo sa lá atá inniu ann, dúshláin a bhfuil beart ar bhonn práinne ag teastáil ina dtaobh.
Ní hionann beart a dhéanamh go beo agus an cháilíocht a chaitheamh i dtraipisí. Léirigh an Coimisiún Eorpach an méid sin in 2020 nuair a chuir sé an tionscnamh Next Generation EU chun feidhme go pras. Ba cheart dó an lúfaireacht chéanna a thaispeáint arís inniu.
Cur chuige ilghnéitheach a theastaíonn leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá sé fíorthábhachtach an margadh aonair a chur i gcrích go beo, ach, leis sin, is gá go mbeidh tiomantas láidir don inbhuanaitheacht chomhshaoil, don rathúnas eacnamaíoch, agus don chomhtháthú sóisialta agus críochach, ós rud é go gcuireann siad sin go mór leis an iomaíochas.
Teastaíonn freisin, leis an bhfís seo a thabhairt i gcrích, beartas comhtháite tionsclaíoch a sháraíonn na cuir chuige ilroinnte náisiúnta, mar aon le dreasachtaí straitéiseacha fioscacha agus custaim. Lena chois sin, má táthar chun timpeallacht dhinimiciúil ghnó a chothú, ní mór na huallaí maorlathacha agus na costais chomhlíontachta a laghdú trí bhíthin na reachtaíochta cliste agus na bpróiseas riaracháin cuíchóirithe.
In earnáil an fhuinnimh, beidh sé ríthábhachtach an éagothromaíocht atá ann ó thaobh praghsanna de a laghdú, ó Bhallstát go Ballstát agus i gcomparáid le geilleagair dhomhanda eile. Chuige sin, beidh gá lena thuilleadh infheistíochta san fhuinneamh in-athnuaite, rud a dhéanfaidh an margadh fuinnimh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe araon.
Má táthar chun na spriocanna uailmhianacha seo a bhaint amach, beidh ar an Aontas comhbheartas a fhorbairt freisin maidir le hearraí poiblí na hEorpa, ceann a saineoidh go soiléir tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus a threiseoidh an ról atá aige ar an leibhéal domhanda.
Leanfaidh CESE den fhaireachán ar chur chun feidhme na mbeartas sin, lena áirithiú go gcloistear agus go dtugtar aird ar ghlór shochaí shibhialta na hEorpa.