Tá fís leagtha amach ag CESE d’fhonn córais talmhaíochta, iascaigh agus bhia an Aontais a athrú ar mhaithe leis an athléimneacht agus an inbhuanaitheacht a chinntiú in am an ghátair. 

dtuairim a glacadh i mí Dheireadh Fómhair, d’iarr CESE go dtabharfaí isteach córas bia a bheadh iomaíoch, a sheasfadh gach géarchéim agus a bheadh ag teacht le spriocanna comhshaoil agus sóisialta an Aontais. Cuireadh béim inti ar an tslándáil bia, ar ioncam cóir do tháirgeoirí, ar athléimneacht an chomhshaoil agus ar thacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile de tháirgeoirí bia.

‘Tá sé ríthábhachtach ioncam cobhsaí inbhuanaithe a áirithiú do tháirgeoirí, mar aon le beartas bia eolasbhunaithe a chothú lena spreagtar an nuálaíocht’ a dúirt Arnold Puech d’Alissac, Uachtarán Eagraíocht Dhomhanda na bhFeirmeoirí agus duine de thriúr rapóirtéirí na tuairime.

Chun tacú leis sin, molann CESE cumhacht mhargála na hearnála feirmeoireachta a neartú a mhéid a bhaineann le caibidlíocht praghsanna agus maoiniú talmhaíochta agus iascaigh an Aontais a mhéadú. Iarrann sé freisin go gcuirfí na caighdeáin a leagtar síos sa Chomhaontú Glas agus sa stráitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ san áireamh i gcomhaontuithe trádála a bheidh ann amach anseo, rud a chinnteoidh go mbeidh iomaíocht chóir agus ardcháilíocht bia ann.

‘Tá sé ríthábhachtach ioncam cothrom a áirithiú do tháirgeoirí príomhúla’, a dúirt Piroska Kállay, duine eile de rapóirtéirí na tuairime.

Chuige sin, d’iarr CESE go ndéanfaí forfheidhmiú níos déine ar chleachtais chóir trádála agus go gcuirfí toirmeasc ar dhíol faoi bhun an chostais chun slabhra an tsoláthair bia a athchothromú. Tá an-tábhacht freisin le beartais lena gcuirtear athnuachan ó ghlúin go glúin chun cinn, lena ndírítear ar dhaoine óga agus ar mhná, an t-oideachas, an oiliúint agus tacaíocht do chomharchumainn san áireamh.

Chun tacú leis an inbhuanaitheacht, mhol CESE iarrachtaí ceaptha carbóin a chúiteamh, mar shampla bainistiú inbhuanaithe ithreach, agus sceitheadh carbóin a chosc. ‘Chuideodh na bearta sin le táirgeadh bia a chur i gcomhréir le spriocanna aeráide agus le gealltanais chomhshaoil dhomhanda an Aontais,’ a dúirt Joe Healy, rapóirtéir eile.

Moladh eile atá ann córas árachais phoiblí a thabhairt isteach chun táirgeoirí a chosaint ar thubaistí a bhaineann leis an aeráid, rud a chinnteodh leanúnachas an tsoláthair bia.

D’iarr CESE go dtabharfaí beartais isteach chun sláinte ithreach agus uisce a athbhunú, chun éifeachtúlacht uisce a fheabhsú agus úsáid uisce a laghdú, mar aon leis an maorlathas a bhaint agus an trédhearcacht a threisiú trí rianú digitithe a dhéanamh ar phraghsanna agus ar an gcostas.

Ar deireadh, mhol CESE Comhairle Eorpach um Beartas Bia a bhunú le go bhféadfaí idirphlé a chothú maidir le saincheisteanna a bhaineann le bia agus chun an beartas bia a chur i gcomhréir le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil níos leithne. Leis na moltaí sin, cuirtear treochlár ar fáil chun córais bhia an Aontais a dhéanamh níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos cothroime tráth atá dúshláin dhomhanda le freagairt.(ks)