Tríd an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ táthar ag seasamh ar son ginmhilleadh sábháilte inrochtana do gach bean san Aontas Eorpach. Seoladh an tionscnamh i mí Aibreáin 2024 agus is í an institiúid ‘Zavod Raziskovalni inštitut 8. Marec’ sa tSlóivéin atá á chomhordú. D’éirigh leo breis agus milliún síniú a bhailiú i bhfad roimh an spriocdháta a bhí acu. Labhair CESE Info le heagraithe an tionscnaimh faoin bpráinn a bhaineann lena bhfeachtas sa timpeallacht pholaitiúil atá ann faoi láthair, agus mná ag cailleadh smachta ar a gcearta atáirgthe.

Cén spreagadh a bhí agaibh nuair a chuir sibh tús leis an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’ agus cén sprioc dheiridh atá agaibh?

Tá sé beagnach trí bliana ó shin ó thosaíomar ag smaoineamh ar fheachtas a thabharfadh cosaint do chearta ginmhillte san Eoraip, b’in nuair a cuireadh an cás ‘Roe v. Wade’ ar ceal sna Stáit Aontaithe. Chaill mná na Stát Aontaithe a gceart bunreachtúil thar oíche, agus thuigeamar gur ghá an ginmhilleadh a chosaint san Eoraip freisin. Tá mná sa Pholainn ag fáil bháis in ospidéil toisc toirmeasc iomlán beagnach a bheith ar an nginmhilleadh sa tír sin. Le blianta beaga anuas, tá na hagóidí is mó riamh a bhí acu sa tír ar son cearta ginmhillte á n-eagrú acu. De réir dhlí Mhálta, is féidir mná a chur i bpríosún má bhíonn ginmhilleadh acu. I mbliana, thug Giorgia Meloni cead do ghrúpaí frithghinmhillte dul i mbun agóidíochta i gclinicí ginmhillte agus mná atá ag iarraidh ginmhilleadh a fháil a chiapadh. Tá os cionn 20 milliún bean san Eoraip nach bhfuil fáil acu ar ghinmhilleadh.

Sin an fáth ar chuireamar tús leis an bhfeachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’. Chabhraigh foireann dlíodóirí idirnáisiúnta linn an togra a ullmhú agus chruthaíomar nasc láidir le heagraíochtaí i ngach cearn den Eoraip.

Is é an sprioc atá againn cearta ginmhillte a chosaint ar leibhéal na hEorpa agus feabhas a chur ar na deiseanna ginmhillte atá ag mná a bhfuil orthu taisteal go tíortha eile anois mar gheall ar thoirmeasc a bheith ar ghinmhilleadh (e.g. i Málta agus sa Pholainn) nó mar gheall ar ráta ard agóide coinsiasaí (mar a fheictear san Iodáil agus sa Chróit), nó díreach ag aon bhean nach bhfuil sé d’acmhainn aici faoi láthair ginmhilleadh a fháil (i dtíortha ar nós na Gearmáine nó na hOstaire).

Is í an timpeallacht pholaitiúil atá ann faoi láthair an chúis a bhfuil práinn lenár bhfeachtas. Ní mór dúinn seasamh gualainn ar ghualainn agus a léiriú go bhfuil formhór an phobail ag seasamh le cearta ginmhillte agus i gcoinne srianta ar an tsaoirse atáirgthe. Tá an chuid is mó de mhuintir na hEorpa ag tacú le cearta ginmhillte, agus ní mór dúinn seasamh le chéile chun na cearta sin a chosaint.

Cad iad na céimeanna sonracha a theastaíonn uaibh go nglacfadh an Coimisiún Eorpach? Conas is féidir sin a dhéanamh nuair is inniúlacht de chuid na mBallstát í an tsláinte?

Molaimid go mbunódh an Coimisiún Eorpach sásra maoinithe a bhféadfadh na Ballstáit páirt a ghlacadh ann ar bhonn roghnach, lena gcumhdófaí costas na ngnáthamh ginmhillte. D’fheidhmeodh an sásra ar bhealach atá cosúil leis na cláir chun an ailse a chosc agus a chóireáil.

Is é an smaoineamh atá againn nach mbeadh ar aon bhean a bhfuil uirthi taisteal go tír eile le ginmhilleadh a fháil – mar gheall ar shrianta diana a bheith uirthi ina tír féin nó mar gheall ar ráta ard agóide coinsiasaí – íoc as an ngnáthamh as a póca féin. Faoi láthair, tá na mílte ban ag taisteal go tíortha eile agus is minic a bhíonn orthu na mílte euro a íoc ar an ngnáthamh. Níl sé d’acmhainn ag gach duine sin a dhéanamh.

Ainneoin nach dtagann an ginmhilleadh faoi chuimsiú inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, tá cláir airgeadais aige a bhaineann leis an gcúram sláinte, agus is ar an mbonn sin a bhíomar in ann ár dTionscnamh Eorpach a chlárú. 

Cén fáth ar roghnaigh sibh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar chaoi chun an méid sin a bhaint amach? Cé chomh dóchasach is atá sibh go dtabharfaidh an Coimisiún freagra dearfach ar bhur n-iarratas?

Tá taithí fhairsing ar thionscnaimh shibhialta náisiúnta, ar bhailiú sínithe agus ar reifrinn ag ár n-eagraíocht sa tSlóivéin, ‘Zavod Raziskovalni inštitut 8. Marec’, atá ag comhordú an fheachtais ‘Mo ghuth, mo rogha’. A bhuí le sásra an tionscnaimh shibhialta náisiúnta, d’éirigh linn 15 dhlí a athrú cheana féin sa tSlóivéin agus tá dhá reifreann náisiúnta buaite againn. Sin an fáth ar theastaigh uainn uirlis daonlathais dhíreach den chineál céanna a aimsiú ar leibhéal na hEorpa. Sin an chaoi ar éirigh linn aithne a chur ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Theastaigh uainn go dtarlódh athrú a mbeadh tionchar buan aige ar na cearta atáirgthe atá ag gach duine san Eoraip, agus sin an fáth ar chinneamar tús a chur le sínithe a bhailiú.

Le linn an fheachtais, fuaireamar tacaíocht ó gach grúpa polaitiúil ar chlé ón lár i bParlaimint na hEorpa, ó pholaiteoirí tábhachtacha ar an leibhéal náisiúnta i roinnt mhaith Ballstát, agus tá naisc mhaithe agus caidreamh seanbhunaithe againn leis na Coimisinéirí Eorpacha. Tá súil againn go n-éistfidh siad leis an mbreis agus 1.2 milliún duine atá ag tacú lenár dtionscnamh. 

Conas a d’éirigh libh daoine i mBallstáit éagsúla a thabhairt libh chun tacú le bhur dtionscnamh agus cabhrú libh le sínithe a bhailiú? Cad iad na cainéil atá in úsáid agaibh chun an scéal a scaipeadh?

Le linn an fheachtais, thógamar líonra láidir de bhreis agus 300 eagraíocht agus chruthaíomar pobal bríomhar de bhreis agus 2000 oibrí deonach as gach cearn den Eoraip. Theastaigh uainn láithreacht a bheith againn ar shráideanna chathracha, bhailte móra agus shráidbhailte na hEorpa, agus ár n-oibrithe deonacha faoi réir le sínithe a bhailiú. D’éirigh linn láithreacht shuntasach a chruthú ar líne ar Instagram, ach bainimid úsáid freisin as cainéil éagsúla ar nós Facebook, TikTok, YouTube, Bluesky, X agus as ardáin eile ar na meáin shóisialta.

Sháraigh sibh an sprioc aon mhilliún a bhí ag teastáil le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh mí amháin roimh an spriocdháta a bhí leagtha síos agaibh chun sínithe a bhailiú. Cén cineál aiseolais agus tacaíochta, tacaíocht airgeadais san áireamh, atá faighte agaibh go dtí seo?

D’éirigh linn aon mhilliún síniú a bhailiú faoi mhí na Nollag, tar éis dúinn naoi mí a chaitheamh i mbun na hoibre sin, agus bhí 1.2 milliún síniú againn faoin uair a chríochnaíomar an bailiú roimh an spriocdháta.

Fuaireamar cabhair freisin ónár líonra agus ónár bpobal chun na sínithe a bhailiú, agus rinneamar iarratas ar dheiseanna maoinithe éagsúla le linn ár bhfeachtais chun é a choinneáil ag gabháil. Fuair an feachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’ an bua i nGradam na Sochaí Socheolaíochta sa tSlóivéin, agus tá sé ar an ngearrliosta do Ghradam SozialMarie. Tá tacaíocht faighte againn freisin ó na grúpaí polaitiúla uile ar chlé ón lár i bParlaimint na hEorpa, agus ó Fheisirí aonair éagsúla sa Pharlaimint, ó Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Nicolae Ștefănuță, ón Seanadóir as an bhFrainc, Melanie Vogel, ó Uachtarán na Slóivéine, Nataša Pirc Musar, agus ó Phríomh-Aire na Slóivéine, Robert Golob. Lena chois sin, tá a lán gníomhaithe agus daoine as tíortha éagsúla san Aontas ag tacú leis an bhfeachtas, mar shampla Luisa Neubauer ón nGearmáin agus Alice Coffin ón bhFrainc.

‘Mo ghuth, mo rogha’ , is tionscnamh é atá ag fás i rith an ama agus tá sé ar cheann de na gluaiseachtaí feimineacha is mó san Eoraip anois. Tá breis agus 300 eagraíocht, lucht tacaíochta ollmhór agus oibrithe deonacha tiomnaithe as gach cearn den Eoraip páirteach san fheachtas agus ag oibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh ginmhilleadh sábháilte inrochtana ar fáil san Aontas Eorpach