European Economic
and Social Committee
Agus an dara téarma den Ardán Eorpach um an nGeilleagar Ciorclach ann, tá súil le dlús a chur leis an úsáid a bhaintear as
Le linn comhdháil bhliantúil de chuid CESE a reáchtáladh go hiomlán ar líne ar an 3 agus an 4 Samhain, thug CESE le fios a thiomanta atá sé cur leis an obair atá ar siúl chun an tArdán um an nGeilleagar Ciorclach a úsáid mar mhol don chomhobair atá ar siúl ar mhaithe le geilleagar ciorclach a chur ar bun san Eoraip.
Chuir Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Frans Timmermans, Leas-uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin, tús leis an gcomhdháil. Labhair siad ar dtús faoi na chéad trí bliana d’Ardán Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, á rá gur dea-shampla a bhí ann den dea-chleachtas agus gur fóram plé a bhí ann do chleachtóirí. Ina dhiaidh sin, labhair siad faoin téarma nua atá ag tosú anois faoi Phlean Gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach.
“Tá sé léirithe ag an Ardán le trí bliana anuas gur fearr le daoine an modh oibre seo le bheith ag obair i gcomhar le chéile,” a dúirt Schweng. “Is sampla iontach atá in Ardán Eorpach Gheallseallbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh – arb é bhur n-ardán é – den bheartas agus den chleachtas ag feidhmiú taobh le chéile.
Is é sin an chúis a iarraim oraibhse, a chairde, leanúint de bheith ag scaipeadh na gceachtanna agus na samplaí inspioráideacha, bídís sin ina dtáirgí tomhaltais a dheartar de réir caighdeáin chiorclacha, smaointe nuálacha maidir le dramhaíl a laghdú agus a bhainistiú, seodra a dhéantar d’ábhar athchúrsáilte, straitéisí ciorclacha na rialtas áitiúil nó scoileanna atá ag ullmhú shaoránaigh na chéad ghlúine eile.”
“Má chaitheann sibh súil mórthimpeall oraibh, tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil tús curtha lenár gcomhaistriú cheana féin ach go bhfuil go leor oibre fós le déanamh againn chun go mbeidh an tAontas ina cheann feadhna san aistriú domhanda go dtí geilleagar ciorclach.”
Thug Schweng le fios go bhfuil an geilleagar ciorclach ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip, plean suaitheanta an Aontais do na blianta atá le teacht. Leag sí béim ar an bhfianaise go gcruthaítear poist tríd an ngeilleagar ciorclach (cruthaíodh thart ar 4 mhilliún post nua idir 2012 agus 2018), fiú sna tréimhsí a mbíonn daoine buartha faoi chiorruithe poist. Chomh maith leis sin, chuir sí in iúl go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí chun an t-aistriú a chur i gcrích, go háirithe sa tréimhse seo, tráth a bhfuil gnólachtaí ag iarraidh dul i ngleic le hiarmhairtí COVID-19.
Ba é Leas-uachtarán CESE um an gCumarsáid, fear a chreideann go mór in acmhainneacht an ardáin agus a chuidigh lena chur ar bun, Cillian Lohan, a chuir tús leis an dara lá den chomhdháil. Chuir sé in iúl go bhfuil comhar mar chuid lárnach den tionscadal agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé nach bhfágfaí an comhar ar leataobh:
“Ba é an comhar bun agus barr an ardáin ó cuireadh ar bun é” a dúirt Lohan. “Tá tábhacht ag baint leis an stair sin – cé gur stair an-ghairid í – toisc gur socraíodh go mbeadh meon an tionscadail chomhoibrithigh ann ón tús: ba rud é sin a bhí le baint amach againn le chéile, seachas i gcoimhlint nó in iomaíocht le chéile. Inniu féin, tá an meon sin ina chuid lárnach den ardán.”
“An t-aistriú go dtí geilleagar ciorclach faoi stiúir geallsealbhóirí, is é sin toradh ár gcuid iarrachtaí go léir agus toradh na hoibre a rinneamar i gcomhar le chéile. Inniu, táimid ag iarraidh leibhéal nua a bhaint amach maidir leis an ngeilleagar ciorclach, agus is oraibhse uile atáimid ag brath chun é sin a dhéanamh.”
Ghlac breis agus 700 duine páirt san imeacht dhá lá sin, rud a chiallaíonn go raibh an t-imeacht ar cheann de na hábhair ba mhó a bhí ag treochtáil ar Twitter sa Bheilg.
Tionscnamh comhpháirteach idir CESE agus an Coimisiún Eorpach is ea Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh a bhfuil sé mar aidhm aige “líonra de líonraí” a sholáthar chun tacú leis an aistriú faoi stiúir geallsealbhóirí. Tionscnamh ceannródaíoch atá san ardán agus baineadh úsáid as mar mhúnla d’ardáin eile den chineál céanna sna Ballstáit agus sna Stáit Aontaithe araon.
Cuirfear torthaí na bpléití ón gcomhdháil ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an ardáin. (dm)