Aontaithe ar son thodhchaí na hEorpa: tá an tUachtarán nua meáite ar aontachas agus clú CESE a athchothú agus an breisluach atá aige maidir le tionchar a imirt ar mhúnlú beartas ar an leibhéal Eorpach a léiriú.

Is í Christa Schweng, arb as an Ostair di, an 33ú hUachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus is í an cúigiú bean le bheith i gceannas ar an gcomhlacht de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta eagraithe ó bunaíodh é in 1958. Is iad an dá Leas-Uachtarán nua a toghadh chun oibriú taobh léi ag stiúradh CESE Giulia Barbucci (an Iodáil), a bheidh freagrach as an mbuiséad agus Cillian Lohan (Éire), a bheidh freagrach as an gcumarsáid.

Sa phost nua, cuirfidh Christa Schweng an taithí fhairsing agus an t-eolas atá aici ar shaincheisteanna sóisialta agus fostaíochta ar fáil, taithí agus eolas a fuair sí thar fiche bliain d’obair chomhairliúcháin ar an leibhéal Eorpach agus san Ostair, a tír dhúchais.

Tá sí ina comhairleoir sinsearach do Roinn Beartais Shóisialta Chomhlachas Eacnamaíoch Cónaidhme na hOstaire ó 1994 i leith.

Is Eorpach diongbháilte í agus tá sí ina comhalta de Ghrúpa na bhFostóirí in CESE le 22 bhliain anuas.

Tar éis a ceaptha, dúirt Christa Schweng an méid seo a leanas: “Fágfaidh COVID-19 agus, faraor, tráth seo na héiginnteachta agus an cruatan eacnamaíoch agus sóisialta a lorg ar an téarma oifige seo. Beidh sé crua ar ghnólachtaí teacht slán as agus caillfidh oibrithe a bpost. Sa chomhthéacs reatha, murab ionann is riamh, ní mór dúinn dul i gcomhar le chéile, fís a fhorbairt d’Eoraip nua iar-COVID-19 agus ár ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go gcuirfidh ár gCoiste go mór le téarnamh agus athléimneacht na hEorpa amach anseo. Beidh an méid sin fite fuaite le CESE a atógáil atá níos aontaithe, níos éifeachtaí agus a bhfuil an-mheas air.”

I bhfianaise an méid sin, is é mana uachtaránacht Christa Schweng “Aontaithe ar son thodhchaí na hEorpa”.

Tá sé geallta ag an Uachtarán nua gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun clú CESE a athbhunú agus muinín san institiúid a athchothú tar éis dó a athdhearbhú le déanaí a thiomantas láidir don chiapadh a chomhrac san ionad oibre.

“Is éard atá uainn Coiste atá aontaithe agus a chomhlíonann na caighdeáin eiticiúla is airde, Coiste a bhfuil dea-chlú air,” a dúirt Christa Schweng. Dúirt sí freisin go ndéanfar an Cód Iompair do Chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus na Rialacha Nós Imeachta a threisiú ag tús a téarma oifige.

Ós rud é go n-athraíonn uachtaránacht CESE leath bealaigh tríd an téarma oifige, mairfidh tréimhse oifige an Bhiúró nua faoi cheannas Christa Schweng, a thiocfaidh in áit a réamhtheachtaí, Luca Jahier, go ceann dhá bhliain go leith, go dtí mí an Mhárta 2023.

Beidh clár an Uachtaráin bunaithe ar na tosaíochtaí seo a leanas atá i gcomhréir lena fís d’Eoraip iar-COVID-19 a chuireann ar chumas a saoránach dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus maireachtáil i sochaí oscailte atá bunaithe ar luachanna: is iad sin Eoraip a bhfuil rath uirthi ó thaobh an gheilleagair de; Eoraip atá cuimsitheach go sóisialta; agus Eoraip atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Is é an ceathrú tosaíocht atá aici a chinntiú go mbeidh ról ríthábhachtach ag CESE sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar tionscadal tábhachtach é atá ceaptha chun go mbeidh braistint úinéireachta ag muintir na hEorpa ar an Aontas trína chur ar a cumas díospóireacht a dhéanamh ar mhórábhair an Aontais, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach. (II)