European Economic
and Social Committee
Sophia Wiegand: Cé gur ábhar díomá é COP26 do dhaoine óga, níl a ndóchas caillte acu
CESE Info: Ar éirigh le cruinniú mullaigh COP26 i nGlaschú ionchais na glúine óige a bhaint amach, glúin atá ag éileamh go gníomhach réitigh éifeachtacha chun dul i ngleic leis an téamh domhanda?
Sophia Wiegand: Is é ‘níor bhain’ freagra soiléir na ceiste sin. Cé go bhfuil gníomhaithe aeráide óga éirithe cleachta le blianta beaga anuas gur ábhar díomá iad na COPanna, ní fhágann sé sin go bhfuil a ndóchas caillte acu. I bhfianaise an bhrú ollmhóir ón tsochaí shibhialta ar fud an domhain agus gur tharraing COP26 an-chuid airde, bhí cuid mhaith daoine dóchasach go dtabharfaí an ghníomhaíocht ar son na haeráide chun cinn ag an gcruinniú mullaigh sin, chun an sprioc maidir leis an ardú teochta a theorannú go 1.5 C a bhaint amach.
Tar éis COP26, áfach, tá an domhan fós ag tabhairt aghaidh ar théamh domhanda de 2.4 C, in ainneoin na béime a chuireann Comhaontú Ghlaschú maidir leis an Athrú Aeráide ar an sprioc maidir leis an ardú teochta a theorannú go 1.5 C a bhaint amach. Tá na milliúin fós ag teastáil uainn chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus é a mhaolú, agus chun maoiniú caillteanais agus damáiste a chur ar fáil do na pobail is leochailí. Mar sin féin, tá fóirdheontais dhíobhálacha do bhreoslaí iontaise ag cur leis an dúshaothrú a dhéantar ar dhaoine agus ar an bpláinéad. Cé go dtugtar aghaidh den chéad uair ar an ngá cúl a thabhairt do ghual le Comhaontú Ghlaschú, ní dhéantar cur síos ann ach ar ‘laghdú’ in ionad ‘céimniú amach’ agus cuirtear tús le bealaí éalaithe tromchúiseacha maidir le húsáid leanúnach breoslaí iontaise. Is mór idir na drochthorthaí sin agus an chaint ghaisciúil le linn an chruinnithe mullaigh, rud a fhágann go bhfuil ceist chreidiúnachta thromchúiseach ag baint le próiseas iomlán COP.
Tá fearg ar roinnt mhaith daoine óga toisc go bhfuil siad á gcur i mbaol go comhfhiosach de dheasca easpa gníomhaíochta. Léirítear i roinnt staidéar go ndéanfaidh an ghéarchéim aeráide an chuid is mó d’aos óg an lae inniu a nochtadh do ghuais amháin ar a laghad a bhaineann leis an aeráid, amhail tonnta teasa, cioclóin, truailliú an aeir, tuilte, nó ganntanas uisce, rud a mhéadaíonn rioscaí maidir le gortuithe agus dochar don tsláinte, imirce éigeantach, cothú neamhleor agus dífhostaíocht. Beidh gá le gníomhaíocht i bhfad níos uaillmhianaí agus níos cuimsithí a dhéanamh chun tubaistí móra a chosc ar mhaithe le glúin óg an lae inniu.
Is céim sa treo ceart iad roinnt de thorthaí COP26, amhail an comhar nuabhunaithe idir na hastáirí is mó (an tSín agus Stáit Aontaithe Mheiriceá), agus an cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna aeráide náisiúnta neamhleora sa bhliain amach romhainn. Ach is fada ó bheith leordhóthanach iad chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus chun todhchaí ár bpláinéid agus a muintire a chosaint.
Sophia Wiegand