Léiríonn teagmhais a tharla le déanaí de bharr COVID-19, de bharr adhaimsir i ngeall ar chur isteach ar an aeráid, de bharr cibirionsaithe agus de bharr Brexit gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar thosaíochtaí agus athléimneacht agus inbhuanaitheacht chórais bia an Aontais a fheabhsú trína neamhspleáchas a threisiú. Do go leor saoránach de chuid an Aontais, ní rud cinnte í an tslándáil bia.

Dar le CESE, tá sé ríthábhachtach bosca uirlisí a fhorbairt lena n-áirítear bearta bainistithe riosca chun cabhrú le slabhraí soláthair bia déileáil le cásanna tromchúiseacha agus lena gceadaítear d’údaráis, d’fheirmeoirí agus don earnáil tionsclaíochta bearta a dhéanamh láithreach.
Molann CESE ina thuairim féintionscnaimh Neamhspleáchas straitéiseach agus slándáil agus inbhuanaitheacht bia, sainmhíniú ar neamhspleáchas straitéiseach oscailte is infheidhme maidir le córais bhia bunaithe ar tháirgeadh bia, fórsa saothair agus trádáil chóir, leis an aidhm uileghabhálach slándáil agus inbhuanaitheacht bia a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais trí bhíthin slabhra soláthair bia a bheadh cóir, sláintiúil, inbhuanaithe agus athléimneach.
‘Sócmhainní straitéiseacha is ea feirmeacha, talamh talmhaíochta torthúil agus an t-uisce, agus ní mór iad a chosaint ar fud an Aontais. Is iad cnámh droma an neamhspleáchais straitéisigh oscailte bia iad’, arsa rapóirtéir na tuairime seo ó CESE Klaas Johan Osinga.(mr)