An 1 Iúil 2021 chuaigh an tSlóivéin i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tráth atá an Eoraip ag iarraidh téarnamh ó phaindéim COVID-19, í féin a atógáil ar dhóigh níos fearr agus a léiriú go bhfuil sí níos treise ná riamh.

Is faoin mana seo a leanas a bheidh uachtaránacht na Slóivéine ar siúl, arb é seo an dara huair aici i mbun na huachtaránachta ó tháinig sí isteach san Aontas Eorpach in 2004: “Le chéile. Athléimneach. An Eoraip.” ar trí fhocal iad seo a léiríonn go hálainn na príomhthosaíochtaí atá aici. I bhfocail Uachtaránacht na Slóivéine féin: “Ní foláir dúinn oibriú as lámha a chéile, tacú le chéile agus gníomhú i ndlúthpháirtíocht le chéile ar mhaithe le gach uile shaoránach san Eoraip chun athléimneacht an Aontais a neartú.”

Tá clár Uachtaránacht na Slóivéine dírithe ar cheithre thosaíocht:

  • feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith cineálacha éagsúla géarchéime, cuir i gcás paindéim COVID-19, agus leanúint den obair atá déanta ag Uachtaránachtaí na Gearmáine agus na Portaingéile roimhe seo maidir le cibear-athléimneacht an Aontais a neartú;
  • an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta tar éis na paindéime a bhainistiú agus an t-aistriú i dtreo cineálacha geilleagar atá níos casta ó thaobh na teicneolaíochta agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a éascú ag an am céanna;
  • an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun cinn, a bheidh mar ábhar lárnach ag Fóram Straitéiseach Bled go luath i mí Mheán Fómhair, mar a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh réimse mór rannpháirtithe ó institiúidí éagsúla de chuid an Aontais i láthair.
  • slí bheatha na hEorpa a dhaingniú agus a neartú, ar cuid di sin an urraim don smacht reachta.

Agus na tosaíochtaí sin á saothrú aici, déanfaidh an tSlóivéin a seacht ndícheall Aontas Eorpach inchreidte agus slán a chruthú a bheidh in ann an tslándáil agus an chobhsaíocht a áirithiú ina comharsanacht. Tabharfar aird ar leith ar na Balcáin Thiar agus déanfar próiseas an Aontais um méadú a shaothrú ar bhealach inchreidte. I mí Dheireadh Fómhair 2021, tá sé beartaithe ag an tSlóivéin an Cruinniú Mullaigh neamhfhoirmiúil idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a óstáil. Cuirfidh Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar, a eagróidh CESE ag deireadh mhí Mheán Fómhair, leis an gCruinniú Mullaigh trí mholtaí sonracha ón tsochaí shibhialta eagraithe a sholáthar.

Áiritheoidh CESE go gcloisfear guth na sochaí sibhialta eagraithe trí bhíthin cúig thústuairim, a d’iarr Uachtaránacht na Slóivéine agus atá dírithe ar ábhair an-éagsúil, ina measc an fhoghlaim aosach agus slabhraí soláthair bia cothroma. Is iad seo a leanas teidil na dtústuairimí sin:

  1. Foghlaim aosach;
  2. Príomhghnéithe d’obair inbhuanaithe ardcháilíochta le linn an téarnaimh agus ina dhiaidh;
  3. Leas a bhaint as na deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an digiteáil agus feabhas a chur ar chlaochlú digiteach an gheilleagair, go háirithe na fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena ndírítear ar an intleacht shaorga agus ar shonraí atá dírithe ar an duine;
  4. Digitiú cuimsitheach, slán, iontaofa do chách a uasghrádú;
  5. I dtreo Slabhra Soláthair Bia Cothrom.

Tá CESE ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le rialtas na Slóivéine ar thionscnaimh chomhpháirteacha agus imeachtaí comhpháirteacha, agus le tacaíocht a thabhairt d’Uachtaránacht na Slóivéine tríd an líonra méadaithe de shochaí shibhialta eagraithe na hEorpa atá curtha ar bun aige. Tá lúcháir ar an gCoiste a fheiceáil gur tugadh cuireadh dó cheana chuig na Cruinnithe Comhchéime maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá le cur ar siúl sa tSlóivéin, agus chuig Fóram Straitéiseach Bled.

Tá tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht na Slóivéine le fáil anseo:

https://slovenian-presidency.consilium.europa.eu/en/ (st)