Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) fáilte roimh an bpacáiste nua de bhearta cibearshlándála an Aontais Eorpaigh ach chuir sé in iúl go raibh laigí ann maidir le dul i ngleic le mórbhearna cibear-scileanna na hEorpa. Ní mór eintitis chriticiúla a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos simplí agus treoirlínte níos soiléire a chur i bhfeidhm maidir leo, i dtuairim CESE.

I dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, chuir CESE fáilte roimh straitéis nua cibearshlándála an Aontais mar chéim dhearfach i dtreo rialtais, daoine agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí agus fás eacnamaíoch a chosaint – réimse ina bhfuil an chuma air go bhfuil an tAontas Eorpach an-leochaileach, agus meastar gurb ionann tionchar eacnamaíoch na cibearchoireachta agus 0.84 % den olltáirgeacht intíre i gcomparáid le 0.78 % i Meiriceá Thuaidh.

Leagan CESE béim air, áfach, go bhfuil géarghanntanas ann maidir le scileanna cibearshlándála san Eoraip agus nach leor an straitéis chun dul i ngleic leis an ngéarghanntanas seo. Tá an t-éileamh ar ghairmithe cibearshlándála ag fás le blianta beaga anuas, fás atá tar éis ardú go pras le linn phaindéim COVID-19.

Ach fós féin tá níos mó post ar fáil ná mar atá gairmithe chun iad a líonadh: meastar go mbeidh ar a laghad 200,000 folúntas ann in earnáil Eorpach na cibearshlándála faoi 2022.

“Is léir go bhfuil géarghá ag an Aontas Eorpach le gairmithe oilte atá ag obair i róil chibearshlándála sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí araon ar mhaithe le slándáil daoine aonair, gnólachtaí agus an Aontais féin”, a dúirt Philip von Brockdorff, rapóirtéir na tuairime ó CESE a bhaineann leis an straitéis. “Seo an fáth a bhfuil Conair Ghairme chomhoiriúnaithe sa Chibearshlándáil á moladh ag CESE, le tabhairt faoin mbearna scileanna atá ag méadú ar fud an Aontais Eorpaigh.”

Uirlis um Chonairí Gairme sa Chibearshlándáil forbartha ag na Stáit Aontaithe, uirlis a chabhródh le daoine atá ag smaoineamh faoi ghairm sa Chibearshlándáil a bhaint amach conair ghairme ábhartha a aithint, a phleanáil agus a fhorbairt. Molann CESE go bhféadfadh an Eoraip Uirlis um Chonairí Gairme sa Chibearshlándáil dá cuid féin a fhorbairt, chun oiliúint a chur ar lucht saothair cibearshlándála a bhfuil scileanna inchomparáide acu san Eoraip, agus a bheadh in ann bogadh thar theorainneacha agus an t-éileamh sa tionscal ard fáis seo a shásamh ar fud an Aontais.

I dtuairim eile a glacadh ag an seisiún iomlánach a bhí aige i mí Aibreáin, tuairim a chuir Maurizio Mensi le chéile, chuir CESE fáilte roimh an dá thogra a dʼullmhaigh an Comisiún chun eintitis phoiblí agus phríobháideacha a dhéanamh níos athléimní i leith bagairtí ó chibirionsaithe agus ó ionsaithe fisiceacha, agus chuir sé in iúl gur gá acmhainneacht tionscail agus nuálaíochta a neartú ar dhóigh chuimsitheach trí bhíthin straitéis atá bunaithe ar cheithre cholún, mar atá, cosaint sonraí, cearta bunúsacha, an tsábháilteacht agus an chibearshlándáil.

Ar mhaithe le cuíchóiriú agus simpliú, áfach, iarrann an Coiste go gcuirfí an dá thogra le chéile in aon téacs amháin, toisc go bhfuil siad nasctha go dlúth agus go gcomhlánaíonn siad a chéile (ceann acu dírithe go príomha ar an gcibearshlándáil agus an ceann eile ar shlándáil fhisiciúil) agus go bhfuil forlú idir roinnt de na forálacha.

Agus tagairt á déanamh do raon feidhme an chur i bhfeidhm, cuireann an Coiste i bhfios go láidir go bhfuil gá le treoirlínte sonracha agus níos soiléire chun na heintitis “chriticiúla” atá faoi cheangal ag an treoir atá beartaithe a shainaithint go beacht. Ag trácht dó air seo, is é a dúirt Maurizio Mensi: “Ba chóir na critéir chun idirdhealú a dhéanamh idir eintitis ʽfhíor-riachtanachaʼ agus eintitis ʽthábhachtachaʼ in earnálacha criticiúla sa gheilleagar agus sa tsochaí a shainiú ar bhealach níos cruinne. Ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh bacainní ar an iomaíocht ná ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí de dheasca cur chuige neamhréireach ar an leibhéal náisiúnta, rud a d’fhéadfadh gnólachtaí a chur i mbaol agus an bonn a bhaint den trádáil.” (dm/mp)