Christa Schweng, Uachtarán CESE
Tá ionsaí á dhéanamh gan údar i gcoinne na saoirse, i gcoinne an daonlathais, i gcoinne luachanna agus i gcoinne bhunsraith an Aontais Eorpaigh atá bunaithe ar chumhacht an dlí seachas ar dhlí na cumhachta. Is tábhachtaí anois ná riamh an chúis lenar tógadh an tAontas Eorpach – is é sin an tsíocháin. Mar Eorpaigh, ní mór dúinn seasamh le chéile i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine.

Cillian Lohan, an Leas-Uachtarán um an gCumarsáid
Seasaimid i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine. Is mór an meas atá agam ar an gcomhpháirtíocht láidir atá tógtha cheana idir an tAontas agus sochaithe sibhialta na hÚcráine. Ó thosaigh an cogadh, tá fairsinge speisialta flaithiúlachta atá dírithe ar dhídeanaithe na hÚcráine tagtha chun cinn, rud atá ina shampla uathúil den dlúthpháirtíocht, den aontacht agus den altrúchas. Tá an tsíocháin agus an tslándáil do chách á gcosaint ag náisiún na hÚcráine. Ní stopann an tragóid dhaonna ag teorainneacha na hÚcráine; baineann sí linn go léir.  

Giulia Barbucci, an Leas-Uachtarán um an mBuiséad
Is cuma cén áit ar domhan ina dtarlaíonn sé, ní féidir glacadh le cogadh choíche agus caithfear é a cháineadh i gcónaí. Ní bhíonn de thoradh air ach léirscrios, bás agus uafás. San Úcráin, gar do theorainneacha an Aontais Eorpaigh, rinneadh scéal na hEorpa a chasadh siar go dtí rudaí a cheapamar a bhain leis an stair agus nach bhfeicfí go deo arís. Sa tragóid uafásach seo, tá na hinstitiúidí Eorpacha ag obair i gcomhar le chéile, ag labhairt amach i gcoinne an ionsaithe dho-ghlactha seo agus ag oscailt a ndoirse dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh, go háirithe mná, leanaí agus daoine scothaosta. Tá na bearta dlúthpháirtíochta is láidre agus is féidir déanta ag CESE agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cabhrú le híospartaigh na n-ainghníomhartha sin. Tá dualgas ar an Aontas Eorpach ról cinniúnach a ghlacadh chun teacht ar réitigh stuama a chuirfidh deireadh leis an gcoinbhleacht, beart a dhéanamh láithreach chun an dlí a chur orthu siúd atá ciontach sna coireanna seo agus bearta sonracha a dhéanamh maidir leis an tír a atógáil.

Stefano Mallia, Cathaoirleach Ghrúpa na bhFostóirí
Ó cuireadh tús le hionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas bearta nach bhféadfaí a shamhlú cúpla mí ó shin. Leis an gcogadh san Úcráin, léirítear daonnacht an Aontais agus a shaoránach. Tá tús áite á thabhairt acu don tsaoirse agus don tsíocháin ar a gcuid leasanna féin agus ar an trádáil. Tá múscailt na hEorpa le tabhairt faoi deara ar fud an speictrim beartais. Más mian leis an Eoraip leanúint de bheith ag maireachtáil faoi shíocháin, ní mór di beartas eachtrach agus comhbheartas cosanta láidir a fhorbairt. Oscailt súl dúinn is ea an cogadh seo ar ár mor-roinn. Tá méadú ag teacht ar an móiminteam sin i dtreo an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht a chosaint, rud a thugann lóchrann nua don Eoraip chun mhuintir na hEorpa agus daoine eile nach iad a shlógadh. Chun leanúint de bheith ag cur leis an bhfís atá aici, bhí sé de dhíth ar an Eoraip a mian go mbeadh síocháin ann a athaimsiú. In ionad deighilt a chruthú san Eoraip, is éard atá déanta ag Putin ná muid a thabhairt le chéile chun an fhís sin a bhaint amach.

Oliver Röpke, Cathaoirleach Ghrúpa na nOibrithe
Is bagairt dhíreach don Aontas Eorpach é ionsaí na Rúise. Ní mór dúinn a bheith aontaithe agus seasamh gualainn ar ghualainn agus i ndlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine, leis na daoine sin atá ar a dteitheadh mar dhídeanaithe na laethanta seo, agus le muintir na hÚcráine atá ag fanacht sa tír chun an cogadh a throid. Meabhraíonn na ceardchumainn gurb í fuil na n-oibrithe a bheathaíonn an meaisín cogaidh, agus éilíonn siad go dtarraingeofaí siar trúpaí na Rúise agus go dtabharfaí tacaíocht don tsochaí shibhialta san Úcráin agus sa Rúis araon.

Séamus Boland, Cathaoirleach an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’
Tá uair na cinniúna buailte linn agus ní mór dúinn an lámh a shíneadh chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine. Tá ár luachanna agus ár bprionsabail Eorpacha i mbaol agus ní mór dúinn labhairt amach go hard i gcoinne na n-ionsaithe agus i bhfabhar na luachanna lena seasann an Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Tá a fhios againn ón stair gur furasta an tsíocháin a bhriseadh. Tá ár n-aird ar fad agus ár dtiomantas ag teastáil chuige sin. Nuair a dhéantar an tsíocháin a mhilleadh, tá an cumas sa chine daonna an saol seo agus gach a bhfuil ann a scriosadh. Tá sé ríthábhachtach don Aontas Eorpach agus, go deimhin, don mhórtheaghlach Eorpach, a bheith aontaithe agus i ndlúthpháirtíocht lenár gcomharsana.

Dimitris Dimitriadis, Cathaoirleach na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach (REX)
Déanfaidh CESE a dhícheall leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hÚcráine trí na bealaí seanbhunaithe atá againn, amhail Ardán na Sochaí Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus trínár dteagmhálacha déthaobhacha.