Sa cholún ‘Croí an scéil’, iarraimid ar chomhaltaí CESE béim a leagan ar phointí de thuairim nó de thionscnamh a mheasann siad a bheith tábhachtach. An uair seo, d’iarramar ar Veselin Mitov, comhchathaoirleach Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine, míniú a thabhairt ar ról an ardáin agus, go háirithe, ar an gcúram atá air i gcomhthéacs an chogaidh atá ar siúl san Úcráin.

Bunaíodh Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine in 2015 ar bhonn Airteagal 469 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin a síníodh an 21 Márta 2014, chun a chur ar chumas eagraíochtaí sochaí sibhialta ar an dá thaobh monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. (at)