Tá iarrtha ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa páirt a ghlacadh i gcomhlacht lárnach na Comhdhála arb é is aidhm dó plean a ullmhú d’fhorbairt an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Sna treoirlínte polaitiúla uaithi i mí Iúil 2019 don Choimisiún nua a bhí le teacht, d’iarr Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, go mbeadh Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ann lena dtabharfaí deis labhartha do na saoránaigh maidir le forbairt an Aontais sa todhchaí.

Ag cur leis an méid sin, shínigh Uachtaráin na dtrí phríomhinstitiúid san Aontas (Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh) Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 10 Márta 2021, lena sainmhínítear go beacht an raon feidhme (rannpháirtíocht na saoránach), an t-ábhar (an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach agus athléimneacht, iomaíochas agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a neartú) agus an clár ama (ba cheart conclúidí a bheith ar fáil faoi Earrach na bliana 2022) a bhaineann leis.

Is colún de rialachas na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa é an Bord Feidhmiúcháin sa mhéid go ndéanann sé maoirseacht ar obair na Comhdhála agus go dtuairiscíonn sé go díreach do chruinniú iomlánach na Comhdhála.

Ós Teach Ionadaithe na Sochaí Sibhialta Eorpaí é CESE a chruthaíonn nasc idir institiúidí an Aontais agus an tsochaí shibhialta eagraithe, iarradh air teacht isteach sa Bhord Feidhmiúcháin.

Ghlac Uachtarán CESE, Christa Schweng páirt i gcruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin.

Idir an dá linn, tá a ionchur don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa á mhionchoigeartú ag CESE, is féidir leis brath ar thrí phríomhláidreacht ar a laghad:

  • is ó gach uile chúlra a thagann gach duine dá 329 gcomhalta (fostóirí, ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta go ginearálta) agus is ó na 27 mBallstát iad,
  • an líonra seanbhunaithe atá aige le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta, agus
  • a Ghrúpa Idirchaidrimh (arb é sin líonra d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta), rud nach ndéantar ionadaíocht air go díreach in CESE ach a bhfuil dlúthcheangal aige leis agus a chuireann le for-rochtain an Choiste.

Tá CESE suite de, níos mó ná riamh, gur féidir leis difear a dhéanamh trí ionchur nithiúil sonrach a thabhairt don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, lena n-áiritheofar go gcloisfear guth shochaí shibhialta na hEorpa go hard agus go soiléir. (sm)