Tá an t-am chun gnímh buailte linn!

A léitheoirí dile,

Ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, beidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa á seoladh freisin, comhdháil a bhfuiltear ag súil léi le fada. Is deis uathúil í seo ní hamháin chun páirt a ghlacadh i ndíospóireacht leathan faoin gcaoi ar cheart don Aontas Eorpach forbairt, ach freisin chun úinéireacht an tionscadail Eorpaigh a thabhairt ar ais dá shaoránaigh – ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Molaim daoibh leas a bhaint as an deis seo.

Le tamall fada anuas tá CESE, mar bhunchloch shochaí shibhialta na hEorpa, ag éileamh athchóiriú na hEorpa trí rannpháirtíocht mhéadaithe na saoránach. Táim den tuairim láidir go dtiocfaimid ar smaointe úra praiticiúla chun déileáil leis an todhchaí ach bolgán na Bruiséile a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus plé cuimsitheach a bheith eatarthu.

Le go mbeidh borraidh iomlán faoin acmhainneacht seo, tá sé tábhachtach gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar thuairimí na saoránach. Caithfidh an plé ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bheith oscailte chun féachaint ar rudaí ar bhealach úr. Níor cheart d’aon cheann de na painéil díospóireachta talamh slán a dhéanamh de thoradh na díospóireachta roimh ré.

Tá paraidím nua dhearfach de dhíth freisin má táthar chun todhchaí na hEorpa a áirithiú. Ní mór dúinn a chruthú gur áit iontach í an Eoraip ina gcruthaítear deiseanna do chách an saol is mian leo a chaitheamh, bunaithe ar luachanna comhaontaithe. Tá saoránaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá bródúil as an aisling Mheiriceánach. Creidim go bhfuil sé in am do mhuintir na hEorpa sult a bhaint as a stíl mhaireachtála féin agus a bheith buíoch aisti agus as na buntáistí a bhaineann léi.

Beidh seoladh oifigiúil na comhdhála i Strasburg i bhformáid hibrideach, de dheasca shrianta COVID-19. Is féidir linn glacadh leis cheana – ar a laghad ag an tús – go mbeidh formhór na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcomhdháil san fhormáid sin.

Fágann an phaindéim go mbeidh gné dhigiteach láidir ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa anois. Aisteach go leor, fágann sé sin go bhfuil sé níos inrochtana do ghnáthshaoránaigh – go háirithe tríd an ardán digiteach ilteangach. Molaim daoibh ar fad an uirlis seo a úsáid – chun páirt a ghlacadh in imeacht atá ann cheana, chun do phlé féin a eagrú nó chun do chuid smaointe maidir le lánpháirtiú na hEorpa a roinnt. Tá todhchaí na hEorpa ag brath orainn féin!

Christa Schweng

Uachtarán CESE