Leis an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE

An 12 Márta, ag cruinniú ardleibhéil faoi “Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta le linn agus i ndiaidh phaindéim COVID-19: na dúshláin agus an todhchaí”, sheol an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” staidéar dar teideal “Freagairt eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta sriantacha a glacadh dá bharr san Eoraip”

Choimisiúnaigh CESE an staidéar seo arna iarraidh sin ag an nGrúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Tá dhá chuid i gceist leis: ar an gcéad dul síos, tugtar léargas sa staidéar ar thionchar na paindéime ar eagraíochtaí sochaí sibhialta éagsúla agus ar a ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa. Ar an dara dul síos, déanann sé anailís agus taispeánann sé an iliomad tionscnamh ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cabhrú le pobail áitiúla agus le grúpaí leochaileacha dul i ngleic leis an bpaindéim. Úsáideann na húdair modh measctha ina gcomhcheanglaítear taighde deascbhunaithe agus grinnsuirbhé ar líne chun an eolas seo a bhailiú.

 

Léirítear sa staidéar go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta maidir leis an bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, ag cur seirbhísí riachtanacha ar fáil agus ag cosaint chearta na ndaoine is leochailí sa tsochaí. Ag an am céanna, tarraingíonn sé aird ar na dúshláin mhóra atá os comhair eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar dúshláin iad a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an obair a dhéanfaidh siad amach anseo. 

 

Ar an mbonn seo, leagann na húdair béim ar ábhair thábhachtacha do thodhchaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail easpa maoinithe inbhuanaithe, creata dlí agus acmhainní leordhóthanacha agus tacair scileanna leordhóthanacha. Ní mór machnamh a dhéanamh ar na fadhbanna seo amach anseo agus le cinntí misniúla polaitiúla a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar cumais na n-eagraíochtaí seo a chaomhnú agus a neartú sa chéim téarnaimh i ndiaidh COVID-19.

Tá an staidéar iomlán agus a achoimre feidhmiúcháin ar fáil ar líne. Tá an foilseachán le fáil freisin le “catalóg dea-chleachtais", bailiúchán de na tionscnaimh iomadúla ó eagraóiochtaí na sochaí sibhialta ar éirigh go maith leo freagairt ar an bpaindéim. A press releaseon the related Diversity Europe Group conference is available on the EESC website.