European Economic
and Social Committee
LIOSTA IOMLÁN DE BHUAITEOIRÍ DHUAIS NA DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA SIBHIALTA 2020:
|
TÍR |
BUAITEOIR |
|
AN OSTAIR |
#EUROPAgegenCovid19, tionscnamh arna gcur i láthair ag an gcuideachta neamhbhrabúsach Kommunikationswerkstatt 27, atá ag cur i gcoinne na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus eolas míchruinn faoin bpaindéim agus a spreagann an pobal seasamh suas i gcoinne mí-ionramháil mothúchán agus cognaíochta |
|
AN BHEILG |
OKRA, trefpunt 55+, eagraíocht a thug aghaidh ar an bpaindéim tríd an tionscnamh cruthaitheach An teacht aniar atá in OKRA atá dírithe ar dhaoine aosta a choinneáil gníomhach agus nasctha le chéile go sóisialta |
|
AN BHULGÁIR |
Karin dom, fondúireacht a chuir oiliúint ar líne ar fáil chun tacú le teaghlaigh ina bhfuil leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu |
|
AN CHRÓIT |
Hrvatska mreža za beskućnike, líonra a thug tacaíocht do dhaoine gan dídean nuair a cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm sa tír agus nuair a bhuail crith talún í |
|
AN CHIPIR |
Oibrithe deonacha a thacaigh le grúpaí leochaileacha le linn phaindéim Covid-19 as na tionscnaimh éagsúla a bhí acu, lena n-áirítear bia agus cógais leighis a sheachadadh do dhaoine a bhí ag féinleithlisiú mar gheall ar a n-aois nó a sláinte. Ba í Erika Theofanidi a rinne comhordú ar na tionscnaimh sin |
|
AN tSEICIA |
Nevypusť Duši – eagraíocht arna bunú ag mic léinn agus iarchéimithe leighis, siceolaíochta agus oibre sóisialta ar chabhraigh a seimineáir ghréasáin ar líne le mic léinn meánscoile déileáil le fadhbanna meabhairshláinte agus cur leis an teacht aniar a bhí iontu le linn na paindéime. |
|
AN FHRAINC |
Bouge ton Coq, ardán a fhéachann le ceantair thuaithe na Fraince a choinneáil beo, as an tionscnamh C’est ma tournée! (Is é mo shealsa é!) trínar tugadh tacaíocht do shiopaí agus do ghnólachtaí faoin tuath a raibh sé ag dul crua orthu le linn na paindéime |
|
AN GHEARMÁIN |
Krisenchat, seirbhís comhairleoireachta 24 uair an chloig sa lá a chuir tacaíocht phraiticiúil saor in aisce ar fáil trí Whatsapp nó teachtaireachtaí téacs do dhaoine óga agus do leanaí |
|
AN GHRÉIG |
Steps, eagraíocht neamhbhrabúsach a d’athraigh an tionscadal seanbhunaithe One Stop go Many Stops, tionscadal trínar cuireadh béilí teo, uisce buidéalaithe agus táirgí sláinteachais phearsanta ar fáil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu ar an tsráid nó atá ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal |
|
AN UNGÁIR |
Magyar Helsinki Bizottság, nó Coiste Heilsincí na hUngáire, a chuir cúnamh dlí saor in aisce ar fáil i gcásanna a bhaineann le cearta an duine agus a raibh baint acu leis an ngéarchéim |
|
ÉIRE |
Alison – cúrsaí ar líne saor in aisce & ardán foghlama ar líne, as an tionscadal Coronavirus: What You Need to Know, cúrsa saor in aisce faoi eolas a bhaineann le COVID-19 agus atá aistrithe go os cionn 70 teanga agus a raibh baint ag os cionn 350 000 duine ar fud an domhain leis go dtí seo |
|
AN IODÁIL |
Casetta Rossa – eagraíocht neamhbhrabúsach a dhéanann bia a sheachadadh do dhaoine leochaileacha, eolas a chraoladh ar stáisiún raidió agus a chraolann scéalta pearsanta chun misneach a thabhairt do dhaoine |
|
AN LIOTUÁIN |
Karolina Barišauskienė, saineolaí cumarsáide, as an tionscadal Priešakinėse linijose (Ar an Túslíne), feachtas digiteach scéalta agus eolais ó ghairmithe leighis a bhí ar an túslíne le linn na géarchéime |
|
MÁLTA |
Malta Chamber of SMEs as an tionscadal With You All the Way, a chuir comhairle agus tacaíocht piaraí ar fáil ar líne chun cabhrú leis na mílte fiontar beag agus meánmhéide dul in oiriúint don phaindéim |
|
AN PHOLAINN |
Krystyna Paszko – mac léinn meánscoile a chruthaigh Chamomiles and Pansies, siopa ar líne a chuireann cabhair ar fáil do dhaoine a d’fhulaing foréigean teaghlaigh le linn na dianghlasála |
|
AN PHORTAINGÉIL |
Vizinhos à Janela, tionscnamh comharsanachta faoi stiúir Íñigo Hurtado lenar tugadh roinnt faoisimh trí cheolchoirmeacha a eagrú go laethúil ar bhalcóiní agus bia a sheachadadh do dhaoine a bhí i ngátar |
|
AN RÓMÁIN |
Asociatia Prematurilor, cumann leanaí réamhaibí na Rómáine, as an tionscadal Tacaíocht d’fhoirne leighis agus do naíonáin nuabheirthe sna seirbhísí máithreachais – trealamh cosanta i gcoinne COVID-19 i mbardaí máithreachais |
|
AN tSLÓIVÉIN |
Društvo psihologov Slovenije, comhlachas de shíceolaithe Slóivéanacha, as an tionscadal Tacaíocht shíceasóisialta don phobal i gcoitinne agus tacaíocht ghairmiúil do shíceolaithe agus do ghairmithe eile sláinte le linn phaindéim COVID-19 sa tSlóivéin |
|
AN tSLÓVAIC |
Človek v ohrození, eagraíocht neamhrialtasach neamhbhrabúsach, as an tionscnamh Their Health is Also Our Health a chabhraigh le pobail de chuid na Romach a bhí buailte go dona le linn na paindéime |
|
AN SPÁINN |
Asociación de Familias y Mujeres del Medio Rural (AFAMMER), cumann teaghlach agus ban i gceantair thuaithe as an tionscadal Mórlíonra dlúthpháirtíochta tuaithe AFAMMER, inar tháinig na céadta ban as ceantair thuaithe na Spáinne le chéile agus a d’úsáid a scileanna fuála chun dul i ngleic leis an nganntanas masc aghaidhe agus leis an uaigneas a bhí ag fás i measc daoine scothaosta le linn na paindéime |
|
AN tSUALAINN |
Blivande – comhlacht neamhbhrabúsach agus spás pobail agus ealaíon as an tionscadal Crisis Response, tionscnamh foinse oscailte chun trealamh cosanta sláinte a chruthú ar mhórscála |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
Cherwell Collective, CIC, as an tionscadal Live, Learn, Eat, Grow, a sholáthair bia agus earraí riachtanacha eile do dhaoine a bhí i ngátar agus a chuir oiliúint ar dhaoine chun a mbia féin a fhás |
|
FÓCAS TRASTEORANN/EORPACH |
Emergency, eagraíocht neamhrialtasach atá bunaithe san Iodáil, as an gcúnamh a chuir sí ar fáil san Eoraip agus ar fud an domhain chun srian a choinneáil ar an bpaindéim, go háirithe tríd an tsamhail inscálaithe Replicable Model of Safety and Protection Measures chun ospidéil a dhearadh agus a bhainistiú le linn na paindéime |
Tá agallamh le gach buaiteoir ar fáil ina leagan teanga faoi seach den nuachtlitir seo.