Le linn sheisiún iomlánach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) sa Bhruiséil tugadh cead cainte do lucht eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh “End the Cage Age”. Thug sin ardán dóibh chun labhairt ar leibhéal na hEorpa faoi na spriocanna agus na hábhair imní atá acu maidir le leas ainmhithe feirme.

Chuir Leas-Uachtarán CESE, Isabel Caño, fáilte roimh Olga Kikou, comhordaitheoir an tionscnaimh, agus rinne sí comhghairdeas léi faoin rath a bhí ar an tionscnamh sin: bailíodh os cionn 1.5 milliún síniú as 21 Bhallstát taobh istigh de bhliain amháin agus tá an tionscnamh ag céim an deimhnithe ar leibhéal na mBallstát faoi láthair.

Is sa bhliain 1967 a bhunaigh Peter Roberts an eagraíocht Compassion in World Farming, an eagraíocht a bhí i mbun fheachtas an Tionscnaimh seo ó na Saoránaigh. Feirmeoir déiríochta Sasanach ba ea Roberts a raibh imní air faoi na modhanna feirmeoireachta nua-aimseartha a bhí ag teacht chun cinn. Dúirt Kikou gur féidir le hainmhithe fulaingt, agus pian a aireachtáil, gur féidir leo taitneamh a bhaint as comhluadar daoine agus ainmhithe eile, agus gur féidir leo mothúcháin ar nós an áthais agus an bhróin a aireachtáil freisin, rudaí a léiríonn gur neacha mothaitheacha iad, agus dúirt sí go n-aithnítear an méid sin i gConradh Liospóin.

“Táimid ag iarraidh a chinntiú go ndéanfaidh institiúidí na hEorpa de réir mhianta na saoránach,” arsa Olga Kikou. “Táimid ag obair i gcomhar leis na feirmeoirí chun an fheirmeoireacht inbhuanaithe a theagasc dóibh. Ní i gcoinne na bhfeirmeoirí atáimid, ní ag iarraidh cosc a chur ar fheoil atáimid; ach dar linn nár cheart ainmhithe a choinneáil i gcásanna sa lá atá inniu ann.”

Thapaigh Christophe Lefevre, uachtarán ghrúpa an Tionscnaimh ó na Saoránaigh in CESE, an deis an gealltanas a thug CESE feabhas a chur ar an ionstraim maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhearbhú an athuair – rud a tháinig chun cinn ar bhealach an-nádúrtha tráth Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Is é an sprioc atá ann an Tionscnamh ó na Saoránaigh a dhéanamh níos áisiúla agus a chinntiú go mbíonn tionchar dáiríre aige.

Thug comhaltaí de chuid CESE le fios gur ghá, ar mhaithe leis na tomhaltóirí, leis na feirmeoirí agus leis an bhfeirmeoireacht inbhuanaithe, gach gné – m.sh. allmhairí feola agus an tionchar airgeadais ar an margadh aonair – a scrúdú go cúramach sula ndéanfaí aon bheart eile. (ks)