Leis an tionscadal iontach dar teideal ‘educlick’ de chuid Ateliere Fără Frontiere (Ceardlann gan Teorainneacha), comhlachas de chuid na Rómáine, tugtar le chéile dhá ábhar thráthúla – an ceartas sóisialta agus an geilleagar ciorclach – ar bhealach nuálaíoch. Fostaíonn an comhlachas daoine ó chúlraí leochaileacha chun dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a athchóiriú. Nuair atá an t-athchóiriú críochnaithe, tugtar an trealamh sin do scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Roinn Costin Dragne, ball den eagraíocht neamhrialtasach sin, níos mó eolais linn faoin gceardlann, agus faoin tábhacht a bhaineann le Duais CESE don obair a dhéanann sí.

CESE info: Cad a spreag thú chun tús a chur le do thionscadal?

Costin Dragne: In 2008 bunaíodh ‘educlick’, an chéad cheardlann de chuid Ateliere Fără Frontiere, chun aghaidh a thabhairt ar dhá shaincheist chomhshaoil agus shóisialta: an easpa deiseanna fostaíochta a bhíonn i ndán do dhaoine ó chúlraí leochaileacha agus an líon mór de threalamh leictreach agus leictreonach a chaitear i dtraipisí, in ionad é a athchúrsáil nó a athúsáid.

Leis an gclár atá á reáchtáil againn faoi láthair lena mbronntar ríomhairí ar scoileanna, tugtar aghaidh go díreach ar an dá shaincheist shóisialta sin: cuirtear tacaíocht ar fáil don oideachas i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus cuirtear coincheap na hathúsáide chun cinn, próiseas atá i bhfad níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus a bhaineann lorg carbóin níos ísle leis.

Cén chaoi ar glacadh le do thionscadal? An bhfuair tú aiseolas ó na daoine ar chuidigh tú leo? (Má fuair, an féidir leat sampla a thabhairt?)

Fuaireamar freagairt dhearfach ó na scoileanna, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó na hinstitiúidí poiblí a ghlac páirt inár dtionscadail. A bhuí leis an tacaíocht a thug siad dúinn ó bunaíodh ár gcéad cheardlann 13 bliana ó shin, bhíomar in ann líonra de chomhpháirtithe oideachais a fhorbairt agus 23 000 ríomhaire a thabhairt do níos mó ná 500 000 tairbhí.
Chuir roinnt mhaith dár gcomhpháirtithe oideachais in iúl dúinn go raibh trealamh eile ag teastáil uathu chun coinneáil suas le ré na digiteála: cóipirí, físteilgeoirí, cláir bhána idirghníomhacha, etc. Dá bhrí sin, rinneamar cinneadh anuaraidh obair na ceardlainne a éagsúlú. Rinneamar iarracht cineálacha nua trealaimh a thabhairt isteach sa phróiseas athchóirithe agus an trealamh nua sin a thabhairt do scoileanna.

Conas a bhainfidh an eagraíocht úsáid as an gcistiú sonrach seo chun tuilleadh cuidithe a thabhairt don phobal? An bhfuil tionscadail eile á bpleanáil agat cheana féin?

Tá an fhoireann ag obair cheana féin ar thionscadail nua a eagrú chun trealamh digiteach a thabhairt do níos mó ná 200 scoil sa Rómáin, trealamh a dhéanfar é a athchóiriú i gceardlann ‘educlick’. Bainfear úsáid as an maoiniú sonrach chun na tionscadail sin a chur chun feidhme, go háirithe chun bonneagar na ceardlainne athchóirithe a nuachóiriú (trealamh cosanta, ábhair lóistíochta, uirlisí, etc.).

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?

Creidimid gur féidir ár samhail ghnó a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát de chuid an Aontais, agus is é sin an fáth go molaimid do gach eagraíocht comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a fhorbairt le gníomhaithe príobháideacha agus poiblí.

Is é an rud is tábhachtaí chun go mbeadh rath ar thionscadail amhail ‘educlick’ ná go rachfaí i gcomhar le hinstitiúidí agus comhlachtaí ar mian leo a gcion a dhéanamh chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun go n-athúsáidfear gléasanna teicneolaíochta faisnéise ar mhaithe le digiteáil na gcóras oideachais.

Cén dóchas atá agat go mbainfidh an tAontas Eorpach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais amach?

Chuir ár gcomhghleacaithe i dtíortha éagsúla in iúl dúinn an tionchar dearfach atá ag an tsochaí shibhialta ar an gcomhshaol. Dá bharr sin, tá níos mó muiníne againn maidir leis an seans atá ann go mbainfeadh an tAontas cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais amach.

Fad agus a chuirimid chun cinn an taithí atá faighte ag gníomhaithe eile san earnáil glas, agus fad agus a fhoghlaimímid ón taithí sin, is maith an seans atá againn go n-éireoidh linn eiseamláir a dhéanamh den Aontas a mhéid a bhaineann le hurraim don chomhshaol.

Ós rud é gur éirigh linn tríú háit Dhuais na Sochaí Sibhialta a bhaint amach, táimid níos spreagtha ár gcion a dhéanamh chun go mbainfear an sprioc sin amach sna blianta amach romhainn, go háirithe ós rud é go bhfuil a fhios againn anois go bhfuil tacaíocht againn ar an leibhéal Eorpach.