An 20 Márta, déanfaidh CESE imeacht a reáchtáil ar na meáin shóisialta ina dtabharfar saineolaithe, gníomhaithe agus brústocairí óga ó gach cearn den Eoraip le chéile chun ról an athraithe chórasaigh sa ghníomhú ar son na haeráide a phlé.

An 18-19 Márta, tabharfaidh tionscnamh CESE Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS) 2021 le chéile níos mó ná 100 mac léinn as 33 thír le haghaidh díospóireacht ar líne maidir leis an athrú aeráide, agus beidh an t-imeacht ar mhúnla COP (Comhdháil na bPáirtithe) na Náisiún Aontaithe. Cuirfidh Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, tús leis an díospóireacht agus druidfidh Ska Keller, comh-chathaoirleach an Pháirtí Ghlais i bParlaimint na hEorpa, í.

Ag an am céanna, de réir chleachtas na Náisiún Aontaithe ó thaobh COPanna de, tionólfaidh CESE ócáid phoiblí bhreise do dhaoine óga maidin Dé Sathairn, an 20 Márta 2021, dar teideal Dearadh an Athraithe Chórasaigh, ócáid a chraolfar beo ar na meáin shóisialta.

Díreoidh painéil éagsúla ar mhíniú a thabhairt ar an rud is athrú córasach ann agus conas é a chur i bhfeidhm, agus tabharfaidh siad samplaí inláimhsithe pearsanta de ghníomhaíochtaí inbhuanaithe a d'fhéadfadh an t-athrú seo a spreagadh. Tabharfaidh sé seo léargais nua luachmhara dár lucht féachana óg agus, rud is tábhachtaí fós, tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí agus a smaointe a chur in iúl.

Chomh maith leis an bplé, beidh deis ag an lucht féachana dul i dtaithí ar an athrú córasach tríd an ealaín. A bhuí le himeacht cultúrtha ar líne, a bheidh bainteach leis na díospóireachtaí ar líne, beidh an lucht féachana óg in ann taithí a fháil ar an athrú córasach agus ar na himpleachtaí a bhaineann leis i gcomhthéacs níos leithne. Chun an t-imeacht a leanúint, tabhair cuairt ar an leathanach Facebook Leatsa an Eoraip, Abair Leat! (YEYS)