European Economic
and Social Committee
Ní mór do phlean téarnaimh an Aontais rannchuidiú le haistriú cóir a chumasú do thionscail an Aontais atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh
Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim féintionscnaimh maidir le conas is féidir le tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh leas a bhaint as plean téarnaimh an Aontais agus iad ag aistriú i dtreo an dícharbónaithe agus na digiteála, ar aistriú é a bheidh inghlactha go sóisialta. Molann CESE don Choimisiún agus d’institiúidí eile an Aontais cothrom na Féinne a ráthú laistigh den mhargadh aonair, chun nach mbeidh buntáistí míchothroma ann don tionsclaíocht ag brath ar chur chuige gach Ballstáit ar leith.
Tá táirgeadh tionsclaíoch san Eoraip buailte go dona ag an bpaindéim, agus cé go raibh cuideachtaí Eorpacha in earnálacha ina bhfuil tomhaltas ard acmhainní agus fuinnimh i gcruachás cheana féin, ní mór dóibh aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhreise gan choinne seo anois. Ag an am céanna, tá cuideachtaí Eorpacha in earnálacha atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh ag tabhairt aghaidh ar an ngá práinneach atá ann dul in oiriúint do chuspóirí beartais an Aontais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme.
‘Ní bhainfear an t-aistriú tionsclaíoch amach ach amháin má chuirtear an t-aistriú fuinnimh chun feidhme. Tá taighde, nuálaíocht agus cur chun feidhme cuí phleananna téarnaimh an Aontais Eorpaigh ríthábhachtach chun aistriú cóir a bhaint amach i gcomhréir leis an sprioc maidir le neodracht carbóin. Chuige sin, is é an príomhrud leordhóthain foinsí fuinnimh ísealcharbóin inacmhainne a bheith ar fáil chun go mbeidh an táirgeadh tionsclaíoch ísealcharbóin indéanta’, a dúirt an rapóirtéir Andrés Barceló Delgado.
‘Tá sé ríthábhachtach aistriú cóir a chumasú do thionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh. Is cruthú agus cothabháil post ardcháilíochta, mar aon le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus tacaíocht d’aistrithe lucht saothair tríd an athsciliú agus an uas-sciliú a chaithfidh a bheith mar thoradh ar shaoráid téarnaimh an Aontais agus ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta gaolmhara’, arsa an co-rapóirtéir Enrico Gibellieri. (ks)