European Economic
and Social Committee
Tá léirithe i staidéar ó CESE go bhfuil neamhréir idir an dúthracht atá ann i leith obair dheonach agus na fíordheiseanna atá ar fáil i dtaca leis sin
Leis an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’ in CESE
Deimhnítear i staidéar a rinne CESE le déanaí maidir le Treochtaí nua i bhforbairt na hoibre deonaí san Aontas Eorpach go bhfuil daoine i ngach Ballstát Eorpach toilteanach obair dheonach a dhéanamh. Mar sin féin, cé go bhfuil neart dúthrachta ann i leith na hoibre deonaí, ní hionann na rátaí saorálaíochta ar fud na mBallstát de bharr éagsúlacht na dtraidisiún agus an bhonneagair san obair dheonach den chuid is mó.
Léirítear sa staidéar freisin dhá nós uile-Eorpacha atá tagtha chun cinn i réimse na hoibre deonaí: tá gníomhaithe nua ag éirí níos rannpháirtí maidir le daoine a spreagadh i dtreo na hoibre deonaí agus na daoine sin a mheaitseáil le deiseanna oibre deonaí, agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a dhéanann obair dheonach gan choinne mar gheall ar theicneolaíochtaí nua agus na meáin shóisialta.
Moltar sa staidéar infheistíocht a dhéanamh chun rannpháirtíocht tríú páirtí a fhorbairt agus chun bacainní ar shaorálaíocht spontáineach an duine aonair a bhaint. Moltar ann freisin cabhrú le heagraíochtaí deonacha na gníomhaíochtaí deonacha a chur in oiriúint níos fearr do roghanna na n-oibrithe deonaí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Choimisiúnaigh CESE an staidéar arna iarraidh sin ag an nGrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, a bhfuil a chomhaltaí i ndlúth-theagmháil le hoibrithe deonacha ar bhonn laethúil agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le fuinneamh na n-oibrithe deonaí a eagrú agus a chothabháil.
Foilsíodh an staidéar i mí na Nollag i gcomhthéacs Lá Idirnáisiúnta na hOibre Deonaí agus cuireadh i láthair é ag ócáid ar líne a d’eagraigh an Grúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’. Rinne Leas-Uachtarán an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, Kinga Joó, an phreasócáid a stiúradh le réamhrá ó Uachtarán an Ghrúpa ‘Éagsúlacht Eoraip’, Séamus Boland, agus cur i láthair ó phríomhúdar an staidéir, an Dr Lucas Meijs, agus ón rapóirtéir don tuairim is déanaí ó CESE Oibrithe deonacha – Saoránaigh i mbun todhchaí na hEorpa a thógáil, Krzysztof Pater.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin staidéar, faoin tuairim ó CESE agus faoin gcur i láthair ar an staidéar ar shuíomh gréasáin CESE.