Blockchain

D’fhéadfadh teicneolaíochtaí blocshlabhra a bheith ina réitigh áisiúla ar thodhchaí an tionscail mianadóireachta, ach ba cheart na hiarmhairtí sóisialta a chur san áireamh san aistriú digiteach. Ba é sin an phríomhtheachtaireacht ón gcruinniú comhchéime ar líne a reáchtáil an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) in CESE an 14 Nollaig 2020.

“Tá feabhas tagtha ar shábháilteacht, ar inbhuanaitheacht, ar tháirgiúlacht agus ar bhrabúis na gcuideachtaí mianadóireachta sin a bhfuil an t-aistriú digiteach á chur chun feidhme acu. Todhchaí an tionscail is ea an blocshlabhra, ach ní mór plé a dhéanamh ar an rialú a dhéantar air. Ní mór dúinn na míchothromaíochtaí sóisialta agus críochacha a laghdú a mhéid is féidir, ar míchothromaíochtaí iad atá ann mar gheall ar an aistriú gníomhaíochtaí mar chuid den Chomhaontú Glas nua agus den gheilleagar ciorclach,” a dúirt Pietro De Lotto, Cathaoirleach CCMI.

Ba den tuairim chéanna a bhí Hilde Van Laere, comhalta de chuid CCMI: “Tá an blocshlabhra i gcroílár an aistrithe dhigitigh agus, a bhuí leis, ní hamháin go mbeidh an tionscal mianadóireachta in ann an t-aistriú a chur chun feidhme, ach tá gach seans go mbeidh gnólachtaí agus an tsochaí fhoriomlán in ann déanamh amhlaidh chomh maith. Tá athruithe tagtha ar gach fiontar i ngach earnáil a bhuí leis an mblocshlabhra agus tá athrú tagtha ar chomhthéacs foriomlán na mianadóireachta. Is iomaí feidhm atá ag an mblocshabhra a bheidh fíor-úsáideach sa mhianadóireacht, idir a acmhainneacht chun an tslándáil agus an trédhearcacht a sholáthar i gcúrsaí gnó agus a acmhainneacht chun taifead a dhéanamh ar athruithe i gcomhaontuithe gnó agus i gcáipéisí.”

Bhí réimse leathan geallsealbhóirí oibríochtúla agus institiúideacha rannpháirteach sa díospóireacht: Eagraíocht Mhianadóireachta na Sualainne, Minespider, Kamni Chain, IndustriALL Norway, an Fhaireachlann Idirnáisiúnta um Amhábhair, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), an Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS).

Bhí an seimineár gréasáin mar chuid den obair a lean as an tuairim CCMI/176 An Mhianadóireacht Dhigiteach san Eoraip: Réitigh nua do tháirgeadh inbhuanaithe amhábhar, a dhréachtaigh na rapóirtéirí Marian Krzaklewski agus Hilde Van Laere agus a ghlac CESE ag a sheisiún iomlánach i mí Mheán Fómhair. (mp)