European Economic
and Social Committee
Páirt glactha ag CESE in iarracht an Aontais naisc leis na Stáit Aontaithe a athnuachan
Tar éis thoghchán SAM, tháinig Coiste Leantach CESE um Chaidreamh Trasatlantach le chéile an 15 Nollaig agus súil aige le comhpháirtíocht láidir a athbhunú le sochaí shibhialta na Stát Aontaithe.
Agus téarma uachtaránachta nua ar tí tosú sna Stáit Aontaithe, tá deis uathúil anois ag an Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, tar éis na gcéimeanna ar gcúl go léir le blianta beaga anuas, an chomhpháirtíocht agus an cairdeas eatarthu atá bunaithe ar luachanna coiteanna daonlathacha, stair choiteann agus leasanna coiteanna a athnuachan.
Mar iarracht chun an comhphlé leis an tsochaí shibhialta a atosú, tháinig Coiste Leantach CESE um Chaidreamh Trasatlantach le chéile go fíorúil an 15 Nollaig i gcuideachta an Fheisire Eorpaigh, Radosław Sikorski, agus an Fheisire Mheiriceánaigh, William Hurd.
Chuir Radosław Sikorski i bhfios go láidir gur ríthábhachtach an ról atá ag teagmhálacha idirphearsanta agus ag comhar níos feidhmiúla leis an tsochaí shibhialta i gcomhréir leis an gClár Oibre Nua Trasatlantach. “Is ann fós d’éagsúlachtaí beartas idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ach is túsphointe maith iad an dea-thoil, an chomhchéim agus an iontaoibhe”, a dúirt sé.
Thacaigh William Hurd go croíúil leis an idirphlé trasatlantach: “Tá Meiriceá ar thosach an tslua ach tá Meiriceá ag brath ar an slua céanna. Ní mór dúinn a thaispeáint go bhfuil sé d’acmhainn againn comhghuaillíochtaí a chothú”. Chuir sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i gcomhar le chéile agus teanntás idirnáisiúnta na Síne ag teacht chun cinn.
Chuir Peter Chase, comhalta sinsearach de Chiste GMF na Stát Aontaithe, in iúl go bhfuil ríthábhacht le straitéis uaillmhianach don chaidreamh eacnamaíoch trasatlantach: “cothóidh geilleagar cumhachtach an tsochaí shibhialta, meithleacha machnaimh, gnólachataí and infheistíochtaí”.
Chuir Matthias Jørgensen ó Ard-Stiúrthóireacht na Trádála sa Choimisiún Eorpach Clár Oibre Nua Trasatlantach an Choimisiúin i láthair, á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith páirteach san iarracht domhan níos sláintiúla, níos sábháilte, níos daonlathaí agus rathúil a chothú tar éis Covid-19 agus comhoibriú le chéile chun an pláinéad, an teicneolaíocht, an trádáil agus na caighdeáin a chosaint.
Dúirt Garrett Workman, stiúrthóir sinsearach gnothaí Eorpacha i gComhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe gur “ar bhonn trádála is fearr is féidir an méid atá déanta ag beartas SAM le blianta beaga anuas a chur ina cheart”.
Chuir CESE an tionscadal “Building bridges across the Atlantic” (“An tAthmhuintearas a chothú trasna an Atlantaigh”) i láthair freisin, ar tionscadal uaillmhianach é a léiríonn a thábhachtaí atá ról na sochaí sibhialta agus an tionchar atá aici ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal an pobal agus a ngníomhaíochtaí a nascadh le chéile agus guthanna liobrálacha a chur in iúl ar dhá thaobh an Atlantaigh tráth ar thábhachtaí ná riamh go dtiocfar ar chomhthuiscint agus go n-aimseofar réitigh. (at)