Tá an gearrliosta díobh siúd atá san iomaíocht do ghradaim 2024 maidir le táirgeadh orgánach foilsithe: 24 thionscadal as dháréag Ballstát in ocht gcatagóir éagsúla. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair. Beidh an searmas ar siúl le linn an cheiliúrtha bhliantúil ar Lá Eorpach na Feirmeoireachta Orgánaí.

Tá an gearrliosta díobh siúd atá san iomaíocht do ghradaim 2024 maidir le táirgeadh orgánach foilsithe: 24 thionscadal as dháréag Ballstát in ocht gcatagóir éagsúla. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair. Beidh an searmas ar siúl le linn an cheiliúrtha bhliantúil ar Lá Eorpach na Feirmeoireachta Orgánaí. 

Seo an tríú heagrán den chomórtas ina mbronntar gradaim chun aitheantas a thabhairt do thionscadail nuálacha inbhuanaithe a chuireann an-luach le táirgeadh agus tomhaltas bianna orgánacha. Leis na gradaim, tugtar ardán do na buaiteoirí chun pobal níos leithne a chur ar an eolas faoina ndea-chleachtais. 

Is iad an Coimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, COPA-COGECA, IFOAM Organics Europe, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a eagraíonn na gradaim. Bíonn seachtar comhaltaí ar an bpainéal roghnúcháin agus is iad na heagraíochtaí réamhráite a ainmníonn na hiomaitheoirí. 

Seo a leanas na hiomaitheoirí atá ar an ngearrliosta: 

  • An feirmeoir orgánach is fearr (bean): Blagovesta Vasilieva (an Bhulgáir), Caroline Devillers (an Bheilg), Reinhild Frech-Emmelmann (an Ostair) 
  • An feirmeoir orgánach is fearr (fear): Gianpaolo Mancini (an Iodáil), Tommi Hasu (an Fhionlainn), Benny Schöpf (an Ghearmáin) 
  • An réigiún is orgánaí: Comunidade Intermunicipal do Alto Tâmega e Barroso (an Phortaingéil), an Chaistíl-La Mancha (an Spáinn), An tSavóin Theas (an Fhionlainn) 
  • An chathair is orgánaí: BioStadt Bremen (an Ghearmáin), Cascais (an Phortaingéil), Las Rozas (an Spáinn) 
  • An bithcheantar is orgánaí: Distretto del Cibo Monregalese (an Iodáil), Bioregião de S. Pedro do Sul (an Phortaingéil), Bithcheantar Sörmland (an tSualainn) 
  • An FBM próiseála bia orgánaigh is fearr: Biologon GmbH (an Ostair), Gino Girolomoni Cooperativa Agricola (an Iodáil), Organic veggie food GmbH (an Ghearmáin) 
  • An miondíoltóir bianna orgánacha is fearr: BIOGAST GmbH (an Ostair), Coolanowle Organic Meats (Éire), SAiFRESC (an Spáinn) 
  • An bhialann/an tseirbhís bia is orgánaí: B2 Bio pur GmbH (an Ghearmáin), Biohotel St. Daniel (an tSlóivéin), Kalf & Hansen (an tSualainn) 

Déantar bianna orgánacha a tháirgeadh ar 17 milliún heicteár de thalamh an Aontais (10.5 % den talamh talmhaíochta in 2022), agus is é an sprioc atá le baint amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip ná 25 % den talamh talmhaíochta faoi 2030. Tá an-tábhacht le feasacht an phobail a ardú agus cur leis an éileamh atá ag na tomhaltóirí ar bhianna orgánacha. A bhuí leis na gradaim maidir le táirgeadh orgánach, comórtas a bunaíodh in 2022 mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Tháirgeadh Orgánach a Fhorbairt, tugtar aitheantas do scoth na dtáirgí agus na seirbhísí atá i slabhra luacha na mbianna orgánacha, idir fheirmeoireacht agus seirbhísí bia, rud a chuireann leis an infheictheacht agus leis an eolas ar chleachtais na feirmeoireachta orgánaí. (ks)

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht pholaitiúil a dhéanamh d’ábhar na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus ardán a chur ar bun chun dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht pholaitiúil a dhéanamh d’ábhar na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus ardán a chur ar bun chun dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát.

Ghlac CESE tuairim i mí Iúil ina n-iarrtar go ndéanfaí bearta breise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun cosaint níos fearr a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus chun a rannchuidiú ríthábhachtach leis an tsochaí a aithint.

Ar na bearta sin, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach ardán a chur ar bun chun gur féidir leis na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt le chéile. Iarrtar air freisin seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán a sholáthar ar leibhéal an phobail chun an t-ualach a bhíonn ar chúramóirí teaghlaigh a mhaolú, agus seirbhísí faoisimh a sholáthar chomh maith. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cúramóirí in ann rochtain a fháil ar dhálaí oibre solúbtha. Ar an gcaoi sin, ní bheadh orthu a bpost a fhágáil chun aire a thabhairt do bhaill dá dteaghlach.

Seo mar a labhair Pietro Barbieri, an rapóirtéir don tuairim: ‘Tá CESE réidh le hardán a thabhairt do ghrúpa dár sochaí ar minic cluas bhodhar á tabhairt dó: na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Ní bhíonn an dara rogha ag na daoine seo cuid mhaith den am ach a bpost a fhágáil agus fágtar gan phá agus gan mórán dá gcearta iad dá bharr. Ní fheictear an obair a dhéanann na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Anois an t-am le solas a chaitheamh ar a gcuid oibre.’

Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú, má chinneann duine cúram neamhfhoirmiúil a ghlacadh air/uirthi, gur cinneadh de thoil dheona a bheidh ann. Iarrann sé orthu a chinntiú freisin go rachfar i ngleic le neamhionannais inscne, go gcuirfear ar chumas cúramóirí neamhfhoirmiúla a bpost agus a bpá a choinneáil, cuir i gcás le dálaí oibre níos solúbtha, agus a chinntiú gur furasta dóibh dul ar ais isteach i margadh an tsaothair má bhí orthu éirí as. Is gá a chinntiú go bhfuil cothromaíocht iomchuí oibre is saoil acu.

Ní bhíonn ualach an chúraim neamhfhoirmiúil chomh mór céanna ar fhir agus a bhíonn ar mhná. Mná atá i gceist le céatadán ollmhór de na cúramóirí neamhfhoirmiúla agus is dá bpáistí, dá gcéilí nó dá siblíní a thugann thart ar 70 % díobh aire. Ní hamháin gur mó seans go dtraochfaidh na mná sin iad féin ag obair nó go dtiocfaidh neamhoird shícifhisiceacha orthu ach tá siad go mór i mbaol bochtaineachta. ‘Tá ceann de na córais leasa is fearr ar domhan anseo againn ach, ina lán cásanna, is ar neart na mná agus ar neart na tola acu a bhíonn sé ag brath,’ arsa an tUasal Barbieri.

Ionas gur féidir súil a choinneáil ar thionchar na rialacha agus na rialachán ábhartha, tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith ann ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun léargas a fháil ar dhálaí maireachtála na gcúramóirí neamhfhoirmiúla mar atá siad i ndáiríre. Iarrann CESE go nglacfar tuilleadh straitéisí taighde, go háirithe i gcomhar le Eurofound agus le páirtithe leasmhara eile.

Ní fhaigheann thart ar leath de níos mó ná na 3 mhilliún oiliúnaí san Aontas Eorpach aon chúiteamh as an obair a dhéanann siad agus níl rochtain ach ag beagnach aon trian díobh ar chosaint shóisialta ach oiread.

Ní fhaigheann thart ar leath de níos mó ná na 3 mhilliún oiliúnaí san Aontas Eorpach aon chúiteamh as an obair a dhéanann siad agus níl rochtain ach ag beagnach aon trian díobh ar chosaint shóisialta ach oiread.

Reáchtáil CESE díospóireacht ardleibhéil i mí Iúil ar an mbealach is fearr le feabhas a chur ar reachtaíocht an Aontais maidir le tréimhsí oiliúna i bhfianaise iarrataí iomadúla ón tsochaí agus ó eagraíochtaí óige chun deireadh a chur leis an gcleachtas forleathan a bhaineann le hoiliúnaithe a bheith ag obair gan aon íocaíocht a fháil agus gan aon rochtain acu ar chosaint shóisialta ná ar chearta saothair ná ar chearta sóisialta eile.

Sa díospóireacht a reáchtáladh le linn an tseisiún iomlánaigh leis an gCoimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta, Nicolas Schmit,, chuir CESE in iúl gur díol mór sásaimh dó na tograí is déanaí ón gCoimisiún atá dírithe ar chúrsaí oiliúna san Eoraip a fheabhsú - Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna.

Mar sin féin, thathantaigh CESE ar na comhreachtóirí cur leis na tograí chun cosc a chur ar mhí-úsáid cúrsaí oiliúna mar fhoinse saothair shaor nó mar rogha eile ar phoist ar leibhéal iontrála. Leag sé béim ar an tábhacht a ghabhann le cúiteamh cóir d’oiliúnaithe agus a thábhachtaí atá sé na speansais mhaireachtála a thabhaíonn siad agus iad ag obair mar chuid de thréimhse oiliúna a chumhdach.

Dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, gur uirlis ríthábhachtach iad na tréimhsí oiliúna trína bhfaigheann daoine óga taithí phearsanta ar an obair. Ní mór dúinn a áirithiú nach bhfágtar aon duine óg as an áireamh ó na deiseanna sin mar gheall ar shrianta airgeadais. Is é sin an fáth nach mór cúiteamh cothrom a thabhairt d’oiliúnaithe as cúrsa oiliúna a dhéanamh. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar thréimhsí oiliúna dúshaothraithe san Eoraip, agus gabhaim buíochas leis an gCoimisiún as an tograí seo uaidh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Chuir an Coimisinéir Schmit leis an méid sin agus dúirt sé go bhféadfadh cúrsaí oiliúna a bheith ina mbealach iontach do dhaoine óga chun taithí oibre tosaigh a fháil, scileanna nua a fhoghlaim agus a líonra a fhorbairt. Ní mór tréimhsí oiliúna ar ardchaighdeán a bheith i gceist leis sin, áfach. Ciallaíonn sé sin nach mór cuspóir foghlama soiléir a bheith ann, nach mór íocaíocht a fháil dóibh agus nach mór meantóireacht agus treoir a thabhairt d’oiliúnaithe chun cabhrú leo aistriú chuig saol na hoibre.

Sa tuairim uaidh, Treoir maidir le tréimhsí oiliúna agus Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, tharraing CESE aird ar an ról lárnach atá ag na húdaráis ábhartha maidir le dul i ngleic le gnáthchaidrimh fostaíochta a bhíonn faoi cheilt mar thréimhsí oiliúna. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta sna hiarrachtaí sin, i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.

Leag rapóirtéir na tuairime, Nicoletta Merlo, béim ar a ríthábhachtach atá sé an creat cáilíochta le haghaidh cúrsaí oiliúna ar fud na hEorpa a fheabhsú, go háirithe, ní mór an t-ábhar foghlama agus oiliúna a neartú, agus mí-úsáid agus mí-úsáid cúrsaí oiliúna a chomhrac. Dá bhrí sin, iarraimid ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na tograí a chuirtear chun cinn chun a áirithiú go mbainfear na spriocanna sin amach. (ll)

 

Tá luathrabhadh tugtha ag CESE faoi na tionchair a bheidh ag méadú an Aontais atá ar na bacáin ar an talmhaíocht. Tá an méadú seo le tarlú i gcomhthéacs a bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda ann, ina measc sin athruithe geopholaitiúla, an t-athrú aeráide, agus aistrithe sna beartais fuinnimh chomhshaoil. Mar a chuireann CESE in iúl, tá sé thar a bheith tábhachtach dícheall cuí a dhéanamh agus sinn ag ullmhú don mhéadú agus cloí go docht le luachanna an Aontais agus na Ballstáit nua ag teacht isteach.

Tá luathrabhadh tugtha ag CESE faoi na tionchair a bheidh ag méadú an Aontais atá ar na bacáin ar an talmhaíocht. Tá an méadú seo le tarlú i gcomhthéacs a bhfuil dúshláin shuntasacha dhomhanda ann, ina measc sin athruithe geopholaitiúla, an t-athrú aeráide, agus aistrithe sna beartais fuinnimh chomhshaoil. Mar a chuireann CESE in iúl, tá sé thar a bheith tábhachtach dícheall cuí a dhéanamh agus sinn ag ullmhú don mhéadú agus cloí go docht le luachanna an Aontais agus na Ballstáit nua ag teacht isteach. 

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag CESE i mí Iúil, ghlac an Coiste tuairim ina leagtar béim ar a chasta atá próiseas an mhéadaithe agus ar an ngá atá le bheith ullamh. Cuirtear i bhfios go láidir inti freisin gur gá déanamh de réir na hinbhuanaitheachta chomh maith le tacaíocht chothrom a thabhairt don earnáil talmhaíochta sna Ballstáit reatha agus sna Ballstáit is iarrthóirí araon. Is é is aidhm don mhéadú seo uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus tionchar na talmhaíochta ar an gcomhshaol a laghdú. Bhí torthaí na méaduithe a bhí ann roimhe seo sách measctha, áfach. Anuas air sin, níos minice ná a mhalairt, ba chun leasa na mórfhiontar talmhaíochta a bhí na méaduithe, seachas chun leasa na bhfeirmeacha beaga tuaithe. 

Sin rud ar leag an rapóirtéir don tuairim, Stoyan Tchoukanov, béim air. Chuir sé in iúl gur éirigh go maith leis na méaduithe a rinneadh roimhe seo i gcoitinne, ach nach raibh an oiread céanna buntáistí ag gabháil leo do na ceantair thuaithe ná do na feirmeoirí mionscála. Chuir sé i bhfáth gur gá a bheith cúramach agus bainistíocht á déanamh ar an gcóras talmhaíochta chun nach gcuirfear isteach air. 

Chun aghaidh a thabhairt ar aon mhífhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun imeascadh rianúil a chinntiú, molann CESE sonraí cuimsitheacha a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar athchóirithe talmhaíochta. Beidh ar na tíortha is iarrthóirí iad féin a chur in oiriúint don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) atá ag athrú. Mar shampla, is mó béim a leagtar ann anois ar sheirbhísí éiceachórais ná mar a leagtar ar thacaíochtaí traidisiúnta. Leis an méadú seo, táthar ag súil le go mbeidh limistéar talmhaíochta i bhfad níos fairsinge ann san Aontas, go mór mór i ndiaidh aontachas na hÚcráine. Le gan ach an Úcráin a chur san áireamh, tá méadú faoin gceathrú cuid le teacht ar limistéar talmhaíochta an Aontais. 

Molann CESE an t-imeascadh a dhéanamh ar bhonn diaidh ar ndiaidh. Molann sé freisin buiséid thiomnaithe a thabhairt isteach chun tacú leis na fo-earnálacha talmhaíochta is mó a ndéanfar difear dóibh, FBManna go háirithe. Nuair a dhéanfar athchóiriú eile ar CBT san am amach romhainn, ba cheart díriú ar an inbhuanaitheacht, sin agus dreasachtaí atá bunaithe ar thairbhí comhshaoil agus sochaíocha a chur in ionad fóirdheontais atá bunaithe ar líon na heicteár. 

Ar an iomlán, iarrann CESE go mbeifí cúramach agus próiseas an mhéadaithe á thabhairt chun críche agus go dtacófaí go maith leis an bpróiseas sin. Ar an gcaoi sin, is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe do na Ballstáit go léir agus go mbeidh cleachtais talmhaíochta an Aontais fós inbhuanaithe agus cothrom, fiú in aghaidh an bhrú gheopholaitiúil atá ag dul i méid.

Cháin CESE an plean atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le hardábhair mar gheall ar an easpa cistiúcháin, spriocanna inchainníochtaithe agus táscairí inbhuanaitheachta ann. Sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún, molann CESE go gcuirfí straitéis chuimsitheach i bhfeidhm chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda san earnáil ríthábhachtach sin.

Cháin CESE an easpa cistiúcháin, spriocanna inchainníochtaithe agus táscairí inbhuanaitheachta sa phlean atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le hardábhair. Sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún, molann CESE go gcuirfí straitéis chuimsitheach i bhfeidhm chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda san earnáil ríthábhachtach sin. 

Chuir Anastasis Yiapanis, rapóirtéir na tuairime, in iúl go bhfuil ardábhair ríthábhachtach don tionsclaíocht, don fhás eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht san Aontas. Tá táscairí inbhuanaitheachta de dhíth orainn i ngach próiseas táirgthe agus ní mór dúinn na scileanna cearta agus an saothar cáilithe a dhaingniú. 

An uaillmhian agus na spriocanna sonracha is gá chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a dhaingniú, tugann an Coiste rabhadh nach bhfuil siad sin le feiceáil i bplean an Choimisiúin. Leag an Comhrapóirtéir, Gerardo Luis Arroyo Herranz, béim ar an easpa spriocanna inchainníochtaithe, spriocdhátaí agus príomhtháscairí feidhmíochta. Iarrann CESE go n-úsáidfí cur chuige misniúil straitéiseach ann chun feabhas ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le hardábhair agus molann sé cúram sláinte a áireamh mar réimse straitéiseach mar gheall ar an tionchar suntasach a bhíonn aige ar an tionsclaíocht. 

Molann CESE go mór go n-aistreofaí i dtreo geilleagar ciorclach chun spleáchas ar amhábhair a laghdú. Chuige sin, tá gá le comhar níos fearr idir an tionscal, an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas. Teastaíonn infheistíocht shuntasach sa taighde agus san fhorbairt, agus forbairt scileanna freisin. Tharraing Gerardo Luis Arroyo Herranz aird ar an bhfíric go bhfuil seans ann nach n-éireodh le haon ghníomhaíocht a dhéanfaí mura bhfuil daoine ann agus na scileanna cuí acu. Ní mór don Aontas cláir uas-scilithe agus athscilithe agus tionscnaimh ghairmoideachais a chur chun feidhme. 

Measann CESE nach leor an EUR 250 milliún atá beartaithe d’ábhair ardfhorbartha faoin gclár Fís Eorpach agus iarrann sé go mbeadh cistiú níos substaintiúla, dreasachtaí cáinbhunaithe agus próisis mhaorlathacha shimplithe ann chun infheistíocht agus nuálaíocht a spreagadh. Is ábhar imní é freisin soláthar cobhsaí amhábhar criticiúil a áirithiú. 

Molann CESE acmhainneacht intíre an Aontais a neartú agus foinsí a éagsúlú, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí leis an gCóiré Theas agus leis na Stáit Aontaithe agus conarthaí fadtéarmacha le tíortha beaga chun suaitheadh soláthair a mhaolú. (gb)

Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla.

Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla. 

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Iúil, ghlac Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus ionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint nuathofa na hEorpa páirt i ndíospóireacht maidir le staid an daonlathais. 

Dúirt Oliver Röpke, Uachtarán CESE, gur oscailt súl a bhí sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Dúirt sé freisin go bhfuil sé de dhualgas orainn ár machnamh a dhéanamh ar staid an daonlathais mar atá sé inniu, i bhfianaise thorthaí sin na dtoghchán: ‘Rud a chreidimid go láidir agus a bhfuilimid go léir ar aon fhocal faoi ná gurb é an tAontas Eorpach an freagra, agus é sin amháin: cinntíonn an tAontas Eorpach daonlathas de chineál a fheabhsaíonn saol na ndaoine ar fud na hEorpa, mar atá feicthe againn go léir.’ 

Chun tacaíocht don daonlathas san Eoraip a dhaingniú, is gá don Aontas, dar le Roberta Metsola, a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil an pholaitíocht fós ar an uirlis is fearr atá againn chun athrú dearfach a spreagadh sna sochaithe agus sna pobail: ‘Tá ról ríthábhachtach le himirt ag fostóirí, ag oibrithe agus ag an tsochaí shibhialta i dtógáil na hEorpa, ar fud na mbailte, na gcathracha agus na réigiún Eorpach dár gcuid, mar a dtosaíonn an Eoraip agus mar a bhfeictear an daonlathas i mbun oibre.’

Sa díospóireacht le hionadaithe na ngrúpaí polaitiúla, dúirt Željana Zovko, Leas-Chathaoirleach Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), an grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa, go raibh an grúpa chun leanúint ar aghaidh leis na beartais ar cuireadh tús leo sa sainordú a bhí ann roimhe seo. Dúirt Ana Catarina Mendes, Leas-Uachtarán na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D), gur ríthábhachtach díriú ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar an mbochtaineacht a chomhrac. Thathantaigh Dan Barna, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa Renew Europe, ar an gCoimisiún Eorpach nua an smacht reachta a chosaint trí na huirlisí atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Labhair Kira-Marie Peter-Hansen, Leas-Chathaoirleach Na nGlasach/SCE, faoina thábhachtaí atá sé an Comhaontú Glas a choinneáil ina bheartas ríthábhachtach de chuid an Aontais. Chuir Martin Schirdewan, Comhchathaoirleach Ghrúpa na Clé, in iúl go soiléir go bhfuil sé i gceist ag an ngrúpa iarraidh ar an gCoimisiún nua dul i ngleic le géarchéim na gcostas tithíochta. (mt)

San eagrán seo:

  • Gan a bheith ceilte a thuilleadh: beidh cuimhne go deo ar Chluichí Oilimpeacha Shúl agus Londan le Pietro Barbieri
  • An méid a chonaic mé féin ag na Cluichí Oilimpeacha le Pyrros Dimas
  • Athbheoite – an chéad fhoireann Oilimpeach dhigiteach riamh san Úcráin
  • Leanaí faoi mhíchumas: is féidir linn gach rud a dhéanamh, ach go b’fhéidir go ndéanfaimis roinnt rudaí ar bhealach difriúil

Infheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh

Document Type
AC

Digiteáil an fhuinnimh: cothromaíocht a aimsiú idir deiseanna agus rioscaí do thomhaltóirí na hEorpa

Document Type
AC

SOC/804 - Mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac

Document Type
AC