European Economic
and Social Committee
24 thionscadal ar an ngearrliosta in eagrán 2024 de ghradaim AE maidir le táirgeadh orgánach
Tá an gearrliosta díobh siúd atá san iomaíocht do ghradaim 2024 maidir le táirgeadh orgánach foilsithe: 24 thionscadal as dháréag Ballstát in ocht gcatagóir éagsúla. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas sa Bhruiséil an 23 Meán Fómhair. Beidh an searmas ar siúl le linn an cheiliúrtha bhliantúil ar Lá Eorpach na Feirmeoireachta Orgánaí.
Seo an tríú heagrán den chomórtas ina mbronntar gradaim chun aitheantas a thabhairt do thionscadail nuálacha inbhuanaithe a chuireann an-luach le táirgeadh agus tomhaltas bianna orgánacha. Leis na gradaim, tugtar ardán do na buaiteoirí chun pobal níos leithne a chur ar an eolas faoina ndea-chleachtais.
Is iad an Coimisiún Eorpach, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún, COPA-COGECA, IFOAM Organics Europe, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a eagraíonn na gradaim. Bíonn seachtar comhaltaí ar an bpainéal roghnúcháin agus is iad na heagraíochtaí réamhráite a ainmníonn na hiomaitheoirí.
Seo a leanas na hiomaitheoirí atá ar an ngearrliosta:
- An feirmeoir orgánach is fearr (bean): Blagovesta Vasilieva (an Bhulgáir), Caroline Devillers (an Bheilg), Reinhild Frech-Emmelmann (an Ostair)
- An feirmeoir orgánach is fearr (fear): Gianpaolo Mancini (an Iodáil), Tommi Hasu (an Fhionlainn), Benny Schöpf (an Ghearmáin)
- An réigiún is orgánaí: Comunidade Intermunicipal do Alto Tâmega e Barroso (an Phortaingéil), an Chaistíl-La Mancha (an Spáinn), An tSavóin Theas (an Fhionlainn)
- An chathair is orgánaí: BioStadt Bremen (an Ghearmáin), Cascais (an Phortaingéil), Las Rozas (an Spáinn)
- An bithcheantar is orgánaí: Distretto del Cibo Monregalese (an Iodáil), Bioregião de S. Pedro do Sul (an Phortaingéil), Bithcheantar Sörmland (an tSualainn)
- An FBM próiseála bia orgánaigh is fearr: Biologon GmbH (an Ostair), Gino Girolomoni Cooperativa Agricola (an Iodáil), Organic veggie food GmbH (an Ghearmáin)
- An miondíoltóir bianna orgánacha is fearr: BIOGAST GmbH (an Ostair), Coolanowle Organic Meats (Éire), SAiFRESC (an Spáinn)
- An bhialann/an tseirbhís bia is orgánaí: B2 Bio pur GmbH (an Ghearmáin), Biohotel St. Daniel (an tSlóivéin), Kalf & Hansen (an tSualainn)
Déantar bianna orgánacha a tháirgeadh ar 17 milliún heicteár de thalamh an Aontais (10.5 % den talamh talmhaíochta in 2022), agus is é an sprioc atá le baint amach faoin gComhaontú Glas don Eoraip ná 25 % den talamh talmhaíochta faoi 2030. Tá an-tábhacht le feasacht an phobail a ardú agus cur leis an éileamh atá ag na tomhaltóirí ar bhianna orgánacha. A bhuí leis na gradaim maidir le táirgeadh orgánach, comórtas a bunaíodh in 2022 mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Tháirgeadh Orgánach a Fhorbairt, tugtar aitheantas do scoth na dtáirgí agus na seirbhísí atá i slabhra luacha na mbianna orgánacha, idir fheirmeoireacht agus seirbhísí bia, rud a chuireann leis an infheictheacht agus leis an eolas ar chleachtais na feirmeoireachta orgánaí. (ks)