European Economic
and Social Committee
Iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar ról na gcúramóirí
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht pholaitiúil a dhéanamh d’ábhar na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus ardán a chur ar bun chun dea-chleachtais a mhalartú i measc na mBallstát.
Ghlac CESE tuairim i mí Iúil ina n-iarrtar go ndéanfaí bearta breise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, chun cosaint níos fearr a thabhairt do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus chun a rannchuidiú ríthábhachtach leis an tsochaí a aithint.
Ar na bearta sin, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach ardán a chur ar bun chun gur féidir leis na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt le chéile. Iarrtar air freisin seirbhísí cúraim ar ardchaighdeán a sholáthar ar leibhéal an phobail chun an t-ualach a bhíonn ar chúramóirí teaghlaigh a mhaolú, agus seirbhísí faoisimh a sholáthar chomh maith. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh cúramóirí in ann rochtain a fháil ar dhálaí oibre solúbtha. Ar an gcaoi sin, ní bheadh orthu a bpost a fhágáil chun aire a thabhairt do bhaill dá dteaghlach.
Seo mar a labhair Pietro Barbieri, an rapóirtéir don tuairim: ‘Tá CESE réidh le hardán a thabhairt do ghrúpa dár sochaí ar minic cluas bhodhar á tabhairt dó: na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Ní bhíonn an dara rogha ag na daoine seo cuid mhaith den am ach a bpost a fhágáil agus fágtar gan phá agus gan mórán dá gcearta iad dá bharr. Ní fheictear an obair a dhéanann na cúramóirí neamhfhoirmiúla. Anois an t-am le solas a chaitheamh ar a gcuid oibre.’
Iarrann CESE ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a chinntiú, má chinneann duine cúram neamhfhoirmiúil a ghlacadh air/uirthi, gur cinneadh de thoil dheona a bheidh ann. Iarrann sé orthu a chinntiú freisin go rachfar i ngleic le neamhionannais inscne, go gcuirfear ar chumas cúramóirí neamhfhoirmiúla a bpost agus a bpá a choinneáil, cuir i gcás le dálaí oibre níos solúbtha, agus a chinntiú gur furasta dóibh dul ar ais isteach i margadh an tsaothair má bhí orthu éirí as. Is gá a chinntiú go bhfuil cothromaíocht iomchuí oibre is saoil acu.
Ní bhíonn ualach an chúraim neamhfhoirmiúil chomh mór céanna ar fhir agus a bhíonn ar mhná. Mná atá i gceist le céatadán ollmhór de na cúramóirí neamhfhoirmiúla agus is dá bpáistí, dá gcéilí nó dá siblíní a thugann thart ar 70 % díobh aire. Ní hamháin gur mó seans go dtraochfaidh na mná sin iad féin ag obair nó go dtiocfaidh neamhoird shícifhisiceacha orthu ach tá siad go mór i mbaol bochtaineachta. ‘Tá ceann de na córais leasa is fearr ar domhan anseo againn ach, ina lán cásanna, is ar neart na mná agus ar neart na tola acu a bhíonn sé ag brath,’ arsa an tUasal Barbieri.
Ionas gur féidir súil a choinneáil ar thionchar na rialacha agus na rialachán ábhartha, tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith ann ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun léargas a fháil ar dhálaí maireachtála na gcúramóirí neamhfhoirmiúla mar atá siad i ndáiríre. Iarrann CESE go nglacfar tuilleadh straitéisí taighde, go háirithe i gcomhar le Eurofound agus le páirtithe leasmhara eile.