Cháin CESE an easpa cistiúcháin, spriocanna inchainníochtaithe agus táscairí inbhuanaitheachta sa phlean atá ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair maidir le hardábhair. Sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht ábhartha ón gCoimisiún, molann CESE go gcuirfí straitéis chuimsitheach i bhfeidhm chun an tAontas a chur chun cinn mar cheannaire domhanda san earnáil ríthábhachtach sin. 

Chuir Anastasis Yiapanis, rapóirtéir na tuairime, in iúl go bhfuil ardábhair ríthábhachtach don tionsclaíocht, don fhás eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht san Aontas. Tá táscairí inbhuanaitheachta de dhíth orainn i ngach próiseas táirgthe agus ní mór dúinn na scileanna cearta agus an saothar cáilithe a dhaingniú. 

An uaillmhian agus na spriocanna sonracha is gá chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais a dhaingniú, tugann an Coiste rabhadh nach bhfuil siad sin le feiceáil i bplean an Choimisiúin. Leag an Comhrapóirtéir, Gerardo Luis Arroyo Herranz, béim ar an easpa spriocanna inchainníochtaithe, spriocdhátaí agus príomhtháscairí feidhmíochta. Iarrann CESE go n-úsáidfí cur chuige misniúil straitéiseach ann chun feabhas ar acmhainneachtaí an Aontais maidir le hardábhair agus molann sé cúram sláinte a áireamh mar réimse straitéiseach mar gheall ar an tionchar suntasach a bhíonn aige ar an tionsclaíocht. 

Molann CESE go mór go n-aistreofaí i dtreo geilleagar ciorclach chun spleáchas ar amhábhair a laghdú. Chuige sin, tá gá le comhar níos fearr idir an tionscal, an saol acadúil agus lucht ceaptha beartas. Teastaíonn infheistíocht shuntasach sa taighde agus san fhorbairt, agus forbairt scileanna freisin. Tharraing Gerardo Luis Arroyo Herranz aird ar an bhfíric go bhfuil seans ann nach n-éireodh le haon ghníomhaíocht a dhéanfaí mura bhfuil daoine ann agus na scileanna cuí acu. Ní mór don Aontas cláir uas-scilithe agus athscilithe agus tionscnaimh ghairmoideachais a chur chun feidhme. 

Measann CESE nach leor an EUR 250 milliún atá beartaithe d’ábhair ardfhorbartha faoin gclár Fís Eorpach agus iarrann sé go mbeadh cistiú níos substaintiúla, dreasachtaí cáinbhunaithe agus próisis mhaorlathacha shimplithe ann chun infheistíocht agus nuálaíocht a spreagadh. Is ábhar imní é freisin soláthar cobhsaí amhábhar criticiúil a áirithiú. 

Molann CESE acmhainneacht intíre an Aontais a neartú agus foinsí a éagsúlú, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí leis an gCóiré Theas agus leis na Stáit Aontaithe agus conarthaí fadtéarmacha le tíortha beaga chun suaitheadh soláthair a mhaolú. (gb)