European Economic
and Social Committee
Athbheochan an daonlathais san Eoraip: teastaíonn gníomh go géar chun bearnaí a líonadh agus athrú a spreagadh
Léirigh na toghcháin Eorpacha go bhfuil an tromlach fós ar son na hEorpa. Léirigh siad freisin, áfach, go bhfuil vótálaithe ar fud an Aontais ag éileamh freagairtí polaitiúla agus reachtacha mar ábhar práinne ar na dúshláin a ardaíodh san fheachtas toghcháin. Mura ndéanfaí é sin, tá an baol ann go gcaillfear an tromlach sin mar tá seans nach beag ann go dtabharfaidh níos mó saoránach a gcúl leis na gnáthfhórsaí polaitiúla.
Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i mí Iúil, ghlac Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus ionadaithe ó ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint nuathofa na hEorpa páirt i ndíospóireacht maidir le staid an daonlathais.
Dúirt Oliver Röpke, Uachtarán CESE, gur oscailt súl a bhí sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Dúirt sé freisin go bhfuil sé de dhualgas orainn ár machnamh a dhéanamh ar staid an daonlathais mar atá sé inniu, i bhfianaise thorthaí sin na dtoghchán: ‘Rud a chreidimid go láidir agus a bhfuilimid go léir ar aon fhocal faoi ná gurb é an tAontas Eorpach an freagra, agus é sin amháin: cinntíonn an tAontas Eorpach daonlathas de chineál a fheabhsaíonn saol na ndaoine ar fud na hEorpa, mar atá feicthe againn go léir.’
Chun tacaíocht don daonlathas san Eoraip a dhaingniú, is gá don Aontas, dar le Roberta Metsola, a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil an pholaitíocht fós ar an uirlis is fearr atá againn chun athrú dearfach a spreagadh sna sochaithe agus sna pobail: ‘Tá ról ríthábhachtach le himirt ag fostóirí, ag oibrithe agus ag an tsochaí shibhialta i dtógáil na hEorpa, ar fud na mbailte, na gcathracha agus na réigiún Eorpach dár gcuid, mar a dtosaíonn an Eoraip agus mar a bhfeictear an daonlathas i mbun oibre.’
Sa díospóireacht le hionadaithe na ngrúpaí polaitiúla, dúirt Željana Zovko, Leas-Chathaoirleach Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), an grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa, go raibh an grúpa chun leanúint ar aghaidh leis na beartais ar cuireadh tús leo sa sainordú a bhí ann roimhe seo. Dúirt Ana Catarina Mendes, Leas-Uachtarán na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe (S&D), gur ríthábhachtach díriú ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar an mbochtaineacht a chomhrac. Thathantaigh Dan Barna, Leas-Chathaoirleach Ghrúpa Renew Europe, ar an gCoimisiún Eorpach nua an smacht reachta a chosaint trí na huirlisí atá ann cheana a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Labhair Kira-Marie Peter-Hansen, Leas-Chathaoirleach Na nGlasach/SCE, faoina thábhachtaí atá sé an Comhaontú Glas a choinneáil ina bheartas ríthábhachtach de chuid an Aontais. Chuir Martin Schirdewan, Comhchathaoirleach Ghrúpa na Clé, in iúl go soiléir go bhfuil sé i gceist ag an ngrúpa iarraidh ar an gCoimisiún nua dul i ngleic le géarchéim na gcostas tithíochta. (mt)