Eagraíodh an seimineár ‘Connecting EU 2024’le tacaíocht ó Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Is í Parlaimint na hEorpa a bhronann an duais i mí Dheireadh Fómhair gach bliain agus aithnítear léi iriseoireacht mhisniúil iniúchach. Gheofar thíos tuilleadh eolais faoin duais agus searmanas bronnta 2024 a bheidh ar siúl an 23 Deireadh Fómhair!

Eagraíodh an seimineár ‘Connecting EU 2024’le tacaíocht ó Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Is í Parlaimint na hEorpa a bhronann an duais i mí Dheireadh Fómhair gach bliain agus aithnítear léi iriseoireacht mhisniúil iniúchach. Gheofar thíos tuilleadh eolais faoin duais agus searmanas bronnta 2024 a bheidh ar siúl an 23 Deireadh Fómhair!

Sracfhéachaint

Seoladh Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht in 2021 mar chomhartha ómóis don iriseoir/blagálaí as Málta a feallmharaíodh in 2017. Bronntar í ar bhonn bliantúil ar shárobair iriseoireachta a léiríonn croíphrionsabail agus croíluachanna an Aontais Eorpaigh, amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine.

Fógrófar buaiteoir 2024 sa Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl ag 6.00 p.m. an 23 Deireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg. Féach ar an imeacht beo anseo. Roghnaigh giúiré neamhspleách uile-Eorpach, ar a raibh iriseoirí agus saineolaithe cumarsáide, 13 chraobhiomaitheoir.

Cuirfidh Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pina Picierno (atá freagrach as an duais) fáilte roimh na rannpháirtithe agus tabharfaidh sí cead cainte d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le gur féidir léi ráiteas tosaigh a dhéanamh. Tabharfaidh ball den ghiúiré forléargas ansin ar an duais agus, ina dhiaidh sin, tabharfaidh ionadaí thar cheann bhuaiteoirí na bliana seo caite an trófaí don bhuaiteoir.

Ag breathnú siar

Bronnadh an chéad duais riamh ar ‘The Pegasus Project’, arna chomhordú ag an gcuibhreannas Forbidden Stories. Bronnadh an duais ar Clément Di Roma agus Carol Valadein 2022 as an gclár faisnéise ar ‘The Central African Republic under Russian Influence’. In 2023, bronnadh an duais ar an imscrúdú comhpháirteach maidir le Pylos migrant boat shipreck – lehionad imscrúdaitheach na Gréige, Solomon, i gcomhar le Forensis, craoltóir poiblí na Gearmáine, StrgF/ARD, agus an nuachtán Briotanach, The Guardian.

Seimineár preasa

Roimh an searmanas bronnta, reáchtálfaidh Aonad Seirbhísí na Meán i bParlaimint na hEorpa seimineár preasa maidir le ‘Saoirse na Meán a Chosaint’ (23 Deireadh Fómhair, 3.00 p.m.). Táthar ag súil go mbeidh thart ar 65 iriseoir i láthair a ghlacfaidh páirt in óráidí agus i bpléití géarchúiseacha agus beidh Matthew Caruana Galizia, iriseoir agus mac Daphne Caruana Galizia, ann freisin.

Beidh teistiméireachtaí ó iriseoirí a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar bhagairtí san obair mar chuid den chlár. Duine de na hiriseoirí sin is ea Stefania Battistini, iriseoir Iodálach a cuireadh le liosta na Rúise de na daoine a bhfuiltear sa tóir orthu le déanaí tar éis di tuairisc a thabhairt ar an gcogadh. Déanfar sruthú gréasáin ar an seimineár anseo.

Bhí Lukáš Diko, stiúrthóir Ionad Imscrúdaithe Ján Kuciak, ar dhuine de na cainteoirí ar an bpainéal maidir le hiriseoireacht iniúchach a bhí ag ‘Connecting EU’ 2024. Labhair Diko linn faoi obair na dtuairisceoirí iniúchacha sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann. Sna laethanta a lean dúnmharú Ján Kuciak, léiríodh tacaíocht do shaoirse an phreasa agus don chomhrac in aghaidh an éillithe. Tá athrú tagtha ar an scéal sin ó shin, áfach, agus muinín ar éigean á cur sna meáin neamhspleácha agus atmaisféar naimhdeach tagtha chun cinn i leith iriseoirí.

Bhí Lukáš Diko, stiúrthóir Ionad Imscrúdaithe Ján Kuciak, ar dhuine de na cainteoirí ar an bpainéal maidir le hiriseoireacht iniúchach a bhí ag ‘Connecting EU’ 2024. Labhair Diko linn faoi obair na dtuairisceoirí iniúchacha sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann. Sna laethanta a lean dúnmharú Ján Kuciak, léiríodh tacaíocht do shaoirse an phreasa agus don chomhrac in aghaidh an éillithe. Tá athrú tagtha ar an scéal sin ó shin, áfach, agus muinín ar éigean á cur sna meáin neamhspleácha agus atmaisféar naimhdeach tagtha chun cinn i leith iriseoirí.

1.  B’eachtra a bhain croitheadh ní hamháin as muintir do thíre féin, ach as muintir an Aontais trí chéile é dúnmharú do chomhghleacaí Ján Kuciak, an chéad iriseoir a feallmharaíodh sa tSlóvaic ó bhain an tír neamhspleáchas amach. Cad í an nuacht is déanaí sa chás dlithiúil faoi dhéantóirí na coire?

Tá sé bliana go leith imithe tharainn ó dúnmharaíodh Ján Kuciak agus an bhean a bhí sé le pósadh, Martina Kušnírová, mar gheall ar obair imscrúdaithe Ján. Dá fhad uainn anois é sin, tá an triail fós ar siúl agus d’fhéadfadh sé go mairfeadh sí tamall eile fós. Go dtí seo, tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar an bhfeallmharfóir, ar a thiománaí agus ar an idirghabhálaí. Tá achomharc déanta, áfach, i gcás thrialacha sin phríomhúdair na coire, an fear gnó Marian Kočner, agus a dhlúthchomhlaigh Alena Zsuzsová. Táthar ag fanacht le cinneadh ina leith sin ón gCúirt Uachtarach. De réir an imscrúdaithe, ba iad an bheirt acu sin a d’ordaigh an dúnmharú. Tá Zsuzsová faighte ciontach agus Kočner faighte neamhchiontach ag an gcúirt chéadchéime. D’fhéadfadh atrial a bheith ann, ach braitheann sé sin ar an gcinneadh atá le teacht. Tá téarmaí fada príosúin gearrtha ar Kočner agus ar Zsuzsová cheana féin as coireanna eile. Tá súil ghéar á coinneáil againn anseo i Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK) ar an triail mar is é ceann dár bpríomhspriocanna é leagáid Ján a choinneáil beo trí leanúint dá chuid oibre imscrúdaithe.

2. Tar éis an uafáis a bhí ar dhaoine ar dtús agus na hagóidí a tháinig sna sála ar na dúnmharuithe, rud a thug ar an bPríomh-Aire ag an am éirí as a phost, cad, dar leat féin, a d’athraigh sa tuairim phoiblí a lig don Uasal Fico teacht i gcumhacht arís?

Tar éis dhúnmharú Ján agus Martina in 2018, fágadh an tsochaí ar fad trína chéile. Chuaigh na daoine i mbun na n-agóidí is mó a bhí sa tSlóvaic ó bhí Réabhlóid na Veilbhite ann in 1989, nuair a tugadh an ruaig ar an gcumannachas. Mar thoradh ar na hagóidí is déanaí sin, bhí ar an bPríomh-Aire Robert Fico agus ar an Aire Gnóthaí Baile Robert Kaliňák éirí as a bpost. Thacaigh na daoine le hiriseoirí, theastaigh ó gach mac máthar a bheith ina iriseoir iniúchach agus ba mhór i gceist an éillithe do dhaoine. Thapaigh lucht an fhreasúra an deis sin agus d’éirigh leo sa toghchán a bhí ann in 2020, agus clár oibre in aghaidh an éillithe acu. Tamall beag ina dhiaidh sin, áfach, tháinig paindéim COVID-19 ar an bhfód agus na fadhbanna, drochbhainistiú agus rí-rá polaitiúil ar fad a ghabh léi sin. Agus seantaithí ag Robert Fico ina pholaiteoir, tháinig sé i dtír ar na hagóidí in aghaidh na vacsaíní agus d’éirigh leis móiminteam nua a chruthú. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh tús leis an gcogadh san Úcráin, thosaigh sé ag labhairt amach mó sa mhó i bhfabhar na Rúise, rud a chuidigh lena pháirtí, Smer, tacaíocht a fháil ar ais. Is tír í an tSlóvaic atá an-leochaileach i leith bolscaireachta agus foláirimh bhréige. Is fachtóirí iad sin ar fad a chuidigh le Robert Fico agus lena pháirtí na toghcháin in 2023 a bhuachan.

3. Cé chomh dainséarach is atá sé a bheith i d’iriseoir iniúchach sa tSlóvaic sa lá atá inniu ann? Cad iad na bagairtí nua a gcaithfidh tú dul i ngleic leo i do chuid oibre?

Le blianta beaga anuas, dúnmharaíodh ceathrar iriseoirí iniúchacha i mBallstáit de chuid an Aontais: Daphne Caruana Galizia i Málta in 2017; Ján Kuciak sa tSlóvaic in 2018; Giorgos Karaivaz sa Ghréig in 2021; agus Peter de Vries san Ísiltír in 2021. Tá an iriseoireacht iniúchach tagtha chun bheith ina gairm dhainséarach san Eoraip sa lá atá inniu ann. É sin ráite, tá sé feicthe againn go dtagann an fhírinne chun solais luath nó mall, gan beann ar dhúnmharú iriseora. Sin rud a chonaiceamar sna tíortha sin go léir.

In ainneoin na ndúnmharuithe uafásacha sin, tá ionsaithe ó bhéal nó ionsaithe ar líne ar iriseoirí sa tSlóvaic fós ag dul i méid. Is minic gurb iad na polaiteoirí féin, an príomh-aire san áireamh, a tharraingíonn an ciapadh sin. Níl leisce orthu ach oiread feachtais clúmhillte in aghaidh iriseoirí a spreagadh. Ar ndóigh, bíonn impleachtaí eile ag an atmaisféar naimhdeach sin in aghaidh iriseoirí agus na meán neamhspleách. Tá méadú tagtha le déanaí ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí. Tá cás á thabhairt, mar shampla, ag an bPríomh-Aire Fico in éadan phríomheagarthóir Aktuality.sk mar gheall ar a ghrianghraf a úsáid ar chlúdach leabhair. Ar na samplaí is déanaí de sin atá againn, baineadh mí-úsáid as forfheidhmiú an dlí chun imeaglú a dhéanamh ar iriseoirí. Duine dár gcomhghleacaithe féin ag ICJK a bhí i gceist leis sin. Mar thoradh ar na hionsaithe sin go léir, baintear an bonn de mhuinín an phobail as na meáin neamhspleácha agus cothaítear atmaisféar naimhdeach i leith iriseoirí ar an iomlán. Mar gheall ar an méid sin, tá líon na n-iriseoirí iniúchacha sa tír ag dul i laghad, agus níl fonn ar mhórán daoine óga a bheith ina n-iriseoirí iniúchacha. Rud maith amháin b’fhiú a lua ná an tionscadal Safe.journalism.sk ar chuireamar tús leis anseo in ICJK. Cuireann an tionscadal sin oiliúint ar fáil d’iriseoirí maidir le slándáil phearsanta agus slándáil dhigiteach, chomh maith le cúnamh dlíthiúil agus síceasóisialta d’iriseoirí atá ag dul i ngleic le bagairtí agus ionsaithe.

Is é Lukáš Diko príomheagarthóir agus cathaoirleach Lárionad Imscrúdaithe Ján Kuciak (ICJK). Is iriseoir iniúchach agus ceannaire meán é Lukáš a bhfuil níos mó ná 20 bliain de thaithí aige. D’oibrigh sé mar stiúrthóir nuachta, spóirt agus gnóthaí poiblí ar an gcraoltóir poiblí Slóvacach RTVS. Is comhúdar é Lukáš freisin ar Chód Eitice iriseoirí na Slóvaice a glacadh in 2011.

Alain Coheur

Le Alain Coheur

Is colún bunúsach d’athléimneacht agus rathúnas an Aontais í an tsláinte. I bhfad ó bheith ina ábhar forimeallach, is príomhthosaíocht é do gach saoránach Eorpach, ós rud é go n-úsáideann muid uile na córais sláinte ag am éigin i gcaitheamh an tsaoil. Ba í an tsláinte an príomhfhócas le linn phaindéim COVID. Mar sin féin, ní mór a rá gur theip ar an Uachtarán von der Leyen leas a bhaint as an bpost atá aici chun deis uathúil a thapú agus gné riachtanach de gach réimse beartais eile a dhéanamh den tsláinte trí chomhtháthú leathan beartas sláinte a chur chun cinn. 

Le Alain Coheur

Is colún bunúsach d’athléimneacht agus rathúnas an Aontais í an tsláinte. I bhfad ó bheith ina ábhar forimeallach, is príomhthosaíocht é do gach saoránach Eorpach, ós rud é go n-úsáideann muid uile na córais sláinte ag am éigin i gcaitheamh an tsaoil. Ba í an tsláinte an príomhfhócas le linn phaindéim COVID. Mar sin féin, ní mór a rá gur theip ar an Uachtarán von der Leyen leas a bhaint as an bpost atá aici chun deis uathúil a thapú agus gné riachtanach de gach réimse beartais eile a dhéanamh den tsláinte trí chomhtháthú leathan beartas sláinte a chur chun cinn.

Ní mór dúinn na bacainní earnála a shárú agus samhail Eorpach níos comhleanúnaí, níos comhtháite agus níos cuimsithí a fhorbairt, lena dtacófar le haistriú cóir do chách, gan aon duine a fhágáil ar lár. Ní mór dúinn na geallsealbhóirí uile a aontú, an t-idirphlé sóisialta a neartú agus ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, ó cheapadh beartais go cur chun feidhme agus meastóireacht an bheartais.

Iarrann an Coiste go mbunófaí Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte: tionscnamh aontaitheach a bheidh fréamhaithe i ndlúthpháirtíocht na hEorpa chun ár gcórais sláinte a threisiú, éagothromaíochtaí sláinte a chomhrac agus cosaint a thabhairt ar ghéarchéimeanna amach anseo. Seo cuid de na gnéithe a bheidh i gcroílár an tionscnaimh uilechuimsithigh seo:

  • An Ráthaíocht Eorpach um Chúram agus Cúram Sláinte: gealltana do gach uile shaoránach den Aontas go rathófaí rochtain chothrom agus chomhchoiteann ar chúram sláinte ar ardchaghdeán.
  • Cur chuige na hAon Sláinte Amháin: faoina bhfuil sláinte an duine nasctha go dlúth le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil. Is bagairtí iad an t-athrú aeráide, paindéimí agus cailliúint na bithéagsúlachta a chuireann iallach orainn cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh.
  • I gcroílár an phróisis sin, ní mór dúinn ár gcórais sláinte a nuachóiriú trí uirlisí digiteacha agus intleacht shaorga a ghlacadh, lena n-áiritheofar go mbeidh an chibearshlándáil agus feabhsú scileanna digiteacha do shaoránaigh agus do ghairmithe sláinte.
  • Infheistíochtaí straitéiseacha sóisialta agus sláinte. Bíonn tionchar dearfach ag infheistíocht sa tsláinte ar fholláine na saoránach agus ar iomaíochas na hEorpa.
  • Rochtain ar chógais leighis a áirithiú agus tionscal nuálach iomaíoch de chuid an Aontais a fhorbairt nach mór tús áite a thabhairt don tsláinte agus do leas an phobail leis an dul chun cinn atá déanta aige agus ár spleáchas ar shlabhraí soláthair domhanda a laghdú. Tá sé ríthábhachtach táirgeadh a dhéanamh ar ithreacha na hEorpa chun ár gceannasacht sláinte a ráthú.
  • Líon leordhóthanach gairmithe sláinte dea-oilte dea-íoctha a áirithiú, trí dhálaí tarraingteacha oibre a chruthú, infheistíocht a dhéanamh san oiliúint, gairmeacha saibhrithe a fhorbairt agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’oibrithe sláinte.
  • Beartais sláinte agus sábháilteachta ceirde a neartú, go háirithe trí leigheas ceirde, cláir scagthástála san ionad oibre agus oibrithe a chosaint ar charcanaiginí agus ar shó-ghineacha.
  • Ní mór tús áite a thabhairt do dhul i ngleic le galair neamhtheagmhálacha agus le dúshlán na ngalar neamhchoitianta. I gcás na ngalar sin, is deacair an rud é a bheith ag streachailt i gcoinne éagothroime sláinte a eascraíonn as cúiseanna iomadúla.

Le Alexandra Borchardt

I mbeagán focal, bíonn an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile. Tá an iriseoireacht bunaithe ar fhíricí; úsáidtear an intleacht shaorga ghiniúnach chun dóchúlachtaí a ríomh. B’fhéidir nach drochrud ann féin é go líonfadh tuairisceoirí bearnaí i scéalta le rud ar bith a bhfuil dealramh leis? Is é sin an dóigh a n-oibríonn an intleacht shaorga ghiniúnach.

Le Alexandra Borchardt

I mbeagán focal, bíonn an iriseoireacht agus an intleacht shaorga ghiniúnach ag teacht salach ar a chéile. Tá an iriseoireacht bunaithe ar fhíricí; úsáidtear an intleacht shaorga ghiniúnach chun dóchúlachtaí a ríomh. B’fhéidir nach drochrud ann féin é go líonfadh tuairisceoirí bearnaí i scéalta le rud ar bith a bhfuil dealramh leis? Is é sin an dóigh a n-oibríonn an intleacht shaorga ghiniúnach. Mar sin féin, cuirtear deiseanna ollmhóra ar fáil leis an intleacht shaorga ghiniúnach chun feabhas a chur ar an iriseoireacht. Is féidir í a úsáid chun teacht ar smaointe úra, ar cheisteanna agallaimh agus ar cheannlínte agus tá ról aici freisin maidir le hiriseoireacht sonraí agus maidir le hanailís thapa a dhéanamh ar dhoiciméid. Lena chois sin, is féidir í a úsáid chun formáidí agus teangacha a shárú, téacsanna a thiontú ina bhfíseáin, ina bpodchraoltaí agus ina n-íomhánna, téacsanna a thras-scríobh agus a aistriú, léaráidí a dhéanamh agus ábhar a dhéanamh inrochtana i bhformáidí comhrá. A bhuí leis sin ar fad, d’fhéadfaí freastal ar dhaoine nach ndearnadh freastal ceart orthu roimhe seo, cuir i gcás: pobail ar leibhéal an-áitiúil, iad siúd nach bhfuil scileanna léitheoireachta ná tuisceana acu nó daoine a bhfuil laige eile acu, agus iad siúd nach bhfuil suim acu san iriseoireacht thraidisiúnta. Mar a deir Ezra Eeman, an Stiúrthóir Straitéise agus Nuálaíochta in NPO, craoltóir poiblí na hÍsiltíre: ‘A bhuí leis an intleacht shaorga ghiniúnach, is fearr is féidir linn ár misean seirbhíse poiblí a chomhlíonadh; cuirfidh sí leis an idirghníomhaíocht, an inrochtaineacht agus an chruthaitheacht. Is féidir ábhar breise a chur ar fáil dár lucht féachana’.

Cé gur léir go bhfuil daoine áirithe sa tionscal seo dóchasach cheana féin faoin intleacht shaorga ghiniúnach, tá rioscaí suntasacha ag baint léi don iriseoireacht. Dhá riosca shuntasacha atá ann ná go gcaillfí muinín go ginearálta san fhaisnéis agus go dtiocfadh lagú breise ar shamhlacha gnó nó go gcuirfí deireadh leo, fiú. Is gné den teicneolaíocht seachas fabht iad ‘siabhránachtaí’, arb é sin an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chlaonadh na hintleachta saorga freagraí a chumadh, freagraí a bhfuil an chuma orthu a bheith bunaithe ar fhíricí agus ar fhoinsí. Is casta fós an dúshlán. Ós rud é go gcuireann an intleacht shaorga ghiniúnach ar chumas duine ar bith, laistigh de chúpla nóiméad, ábhar de chineál ar bith a chruthú, lena n-áirítear domhainbhrionnuithe, is é an baol atá ann go gcaillfeadh an pobal muinín as an ábhar ar fad atá ar fáil. Leis an oiliúint i litearthacht sna meáin, moltar do gach duine a bheith amhrasach faoi ábhar atá ar líne. De réir mar a éiríonn ábhar bréige níos forleithne, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh mímhuinín as an amhras sin. Ní fios go fóill an rachaidh sé chun tairbhe do na meáin thraidisiúnta a bheith ina dtreoraithe i ndomhan nua na faisnéise nó an measfar go bhfuil na meáin go léir neamhiontaofa.

Cuireann an méadú ar líon na gcuardach giniúnach leis an ngéarchéim sin, ós rud é go bhfuil an baol ann go laghdófar an tábhacht atá ag baint leis an iriseoireacht de réir a chéile. Roimhe seo, dá ndéanfaí cuardach ar Google, thiocfaí ar naisc éagsúla chuig meáin iontaofa. Sa lá atá inniu ann, áfach, is mó an tionchar atá ag an intleacht shaorga ghiniúnach ar thorthaí cuardaigh. Faigheann daoine freagraí i bhfoirm téacs láithreach agus ní gá dóibh aon chuardach breise a dhéanamh. Ní haon ionadh go bhfuil eagla ar fheidhmeannaigh na meán. Tá an intleacht shaorga á cur chun feidhme go tapa ag cuid mhór díobh chun cur leis an éifeachtúlacht. Is léir, áfach, nach leor de réiteach é sin. Is éard atá de dhíth ná breis infheistíochta san iriseoireacht ar ardchaighdeán chun an difear idir ‘ábhar’, ar thaobh amháin, agus iriseoireacht a bhfuil taighde maith déanta uirthi agus atá cruinn iontaofa, ar an taobh eile, a thaispeáint don lucht féachana.

Tá gá le cur chuige eiticiúil maidir leis an intleacht shaorga a úsáid sna meáin. Ar an gcéad dul síos, tá straitéis intleachta saorga de dhíth ar eagraíochtaí meán agus ní mór díriú ar an méid is féidir leis an teicneolaíocht rannchuidiú le luach seirbhíse poiblí a sholáthar. Ní mór acmhainní a dhíriú ar a bhfuil inmhianaithe agus iad a chur chun feidhme dá réir. Ní mór cuimhneamh air i gcónaí go bhfuil costas suntasach comhshaoil agus sochaíoch ag baint leis an intleacht shaorga. Ba cheart a bheith in ann diúltú di i gcónaí. Ba cheart d’eagraíochtaí a gcumhacht agus a dtionchar a úsáid freisin agus táirgí á gceannach acu, brústocaireacht á déanamh acu le haghaidh rialála agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí maidir le cóipcheart agus cosaint sonraí. Tá cuid mhór i gceist. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach cuideachta grinnscrúdú rialta ar na táirgí a úsáideann siad le haghaidh claontachta agus steiréitíopaí d’fhonn díobháil a laghdú. Ar deireadh, sa timpeallacht seo atá ag athrú go tapa agus táirgí nua á gcur amach gach lá, níor cheart do chuideachta ar bith dul ar a chonlán féin. Tá sé ríthábhachtach comhoibriú le cuideachtaí eile sa tionscal féin agus le cuideachtaí teicneolaíochta eile agus an comhoibriú sin a chur chun cinn d’fhonn bealaí freagracha chun tosaigh a leagan amach.

Níl amhras ar bith ach go gcuirfidh an intleacht shaorga ghiniúnach go mór le spleáchas na meán ar mhórchuideachtaí teicneolaíochta. Dá mhéad cuideachtaí teicneolaíochta a chomhtháthaíonn uirlisí intleachta saorga i bhfeidhmchláir a úsáideann daoine ina saol laethúil, is lú smacht a bheidh ag eagraíochtaí meán ar chleachtais, ar phróisis agus ar tháirgí. D'fhéadfadh sé go mbreathnófaí ar a gcuid treoirlínte eiticiúla mar rud chomhlántach ar chinntí a rinneadh in áiteanna eile.

Ina fhianaise sin ar fad, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhíol iontais ná go bhféadfadh iriseoireacht an lae amárach a bheith an-chosúil le hiriseoireacht an ama atá caite, ach í níos fearr fós. Mar sin féin, ní fheicfear gnéithe áirithe d’iriseoireacht an lae inniu a thuilleadh. Mar a bhíodh i gcónaí, bainfidh an iriseoireacht le fíricí, iontas, scéalaíocht agus lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais. Bainfidh sí le caidrimh chobhsaí, dhílse, iontaofa a thógáil leis an lucht féachana trí threoir a sholáthar, comhráite a threorú agus tacaíocht a thabhairt do phobail. I ndomhan atá lán le hábhar saorga, an rud is luachmhaire is ea tuairimí, smaointe agus mothúcháin an duine. Is iad na tuairisceoirí is fearr is féidir an méid sin a nochtadh. Mar sin féin, a bhuí leis an intleacht shaorga, is féidir an iriseoireacht a fheabhsú trí fhreastal ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí de réir a riachtanas agus a ndálaí saoil, trína déanamh níos cuimsithí agus níos áitiúla agus trí shonraí a chur ar fáil nach raibh inacmhainne roimhe seo. Bhí an méid a leanas le rá ag Anne Lagercrantz, Leas-POF SVT, faoin intleacht shaorga: ‘Athrófar an iriseoireacht ó bhonn ach tá súil againn nach n-athrófar an ról atá againn sa tsochaí. Ní mór dúinn oibriú ar chreidiúnacht thionscal na meán. Ní mór spásanna sábháilte a chruthú don fhaisnéis.’ Is féidir a rá go bhfuil riosca móra ag baint le ré na hintleachta saorga, ní hamháin don iriseoireacht féin, ach freisin do na samhlacha gnó lena mbaineann freisin.

Tá an téacs seo bunaithe ar an tuarascáil ‘Trusted Journalism in the Age of Generative AI’ (ar féidir a íoslódáil saor in aisce) a d’fhoilsigh Aontas Craolacháin na hEorpa in 2024. Ba iad an Dr Alexandra Borchardt, Kati Bremme, an Dr Felix Simon agus Olle Zachrison a rinne an taighde agus a scríobh an tuarascáil.

Glacadh le Méadú: Gealltanas do thodhchaí na hEorpa

Ní leathnú amháin atá i gceist le méadú agus le lánpháirtiú na dtíortha is iarrthóirí san Aontas Eorpach: is infheistíocht gheostraitéiseach í chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an fhorbairt shocheacnamaíoch a chothú, rud a neartóidh creatlach dhaonlathach na mór-roinne seo againne. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é méadú an Aontais chun bunluachanna na hEorpa a scaipeadh agus a chaomhnú. 

Glacadh le Méadú: Gealltanas do thodhchaí na hEorpa

Ní leathnú amháin atá i gceist le méadú agus le himeascadh na dtíortha is iarrthóirí san Aontas Eorpach: is infheistíocht gheostraitéiseach í chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an tslándáil agus an fhorbairt shocheacnamaíoch a chothú, rud a neartóidh creatlach dhaonlathach na mór-roinne seo againne. Dá bhrí sin, is uirlis chumhachtach é méadú an Aontais chun bunluachanna na hEorpa a scaipeadh agus a chaomhnú. Na comhlachtaí déthaobhacha atá bunaithe againn le sochaithe sibhialta ó thíortha is iarrthóirí - Comhchoistí Comhairliúcháin agus Ardáin Shochaí Sibhialta - an tionscnamh ‘Comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí’, agus leathnú na gcuairteanna tíre ar stáit is iarrthóirí maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha, is léiriú iad sin ar thiomantas CESE an tAontas a dhoimhniú agus a leathnú. Léiríonn ár gcuid oibre gur féidir na hathchóirithe inmheánacha is gá dul ar aghaidh agus iad fite fuaite le lánpháirtiú na tíortha is iarrthóirí, agus gur cheart an dul chun cinn sin a dhéanamh. D’ainneoin dúshláin leanúnacha i roinnt tíortha is iarróirthí, ba cheart go spreagfadh na bacainní sin an comhar le contrapháirtithe is iarrthóirí, in áit an dul chun cinn a dhíspreagadh.

Bhí ról ríthábhachtach ag CESE i méadú an Aontais, agus é ag glacadh páirte i gCruinniú Aireachta na mBalcán Thiar i Scóipé agus ag comhoibriú go dlúth le ceannairí roinnt stát is iarrthóirí. Is é an aidhm atá againn measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na dtíortha is iarrthóirí critéir Chóbanhávan a chomhlíonadh, agus athdhearbhaímid ár dtiomantas don idirphlé chuimsitheach chothrom le comhaltaí uile CESE, agus go háirithe le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí. Sin an fáth a bhfuil bród orm a rá gur bunchloch fhorógra m’uachtaránachta é an tionscnamh maidir le comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, a seoladh i mí Feabhra na bliana seo i láthair Phríomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, agus Phríomh-Aire Mhontainégro, Milojko Spajić.

Agus na comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí á dtarraingt isteach aige, tá an Coiste ina cheannaire i measc institiúidí an Aontais maidir le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a lánpháirtiú de réir a chéile. Tá tionchar an tionscnaimh seo follasach agus tá aitheantas níos mó á thabhairt i dtíortha iarrthóirí agus san Aontas, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus an Coimisinéir um Méadú, Oliver Várhelyi, ag tacú go láidir leis an tionscadal. Is é is aidhm don tionscnamh seo ní hamháin buntáistí láithreacha a thabhairt, ach féachann sé le bonn láidir a thógáil a thagann le mianta fadtéarmacha na dtíortha is iarrthóirí, a saoránach agus a sochaithe sibhialta beo bríomhara. Cuireann sé ar chumas na sochaí sibhialta ó na náisiúin sin páirt dhíreach a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus móiminteam á choinneáil le haghaidh na hathchóirithe riachtanacha. Tá 146 comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí rannpháirteach go gníomhach i dtuairimí maidir le hábhair a bhaineann le méadú, amhail beartas comhtháthaithe an Aontais, an margadh aonair, inbhuanaitheacht na hearnála agraibhia agus ganntanais scileanna.

Is deis chriticiúil iad na comhchoistí comhairliúcháin agus na hardáin sochaí sibhialta le haghaidh idirphlé i measc geallsealbhóirí éagsúla, agus deimhnítear leo go gcloistear gach guth le linn an phróisis cinnteoireachta. Tá comhchoistí comhairliúcháin i bhfeidhm faoi láthair le Montainéagró, leis an tSeirbia agus leis an Tuirc, tá ardáin sochaí sibhialta i bhfeidhm go háirithe leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Táthar ag súil go gcuirfear tús an athuair le comhchoiste comhairliúcháin na Macadóine Thuaidh a luaithe a osclófar an chéad chnuasach caibidlíochta, agus tá coiste nua don Albáin faoi lán seoil. Leis an bhFóram Ardleibhéil um an tSochaí Sibhialta a bheidh ar siúl ar an 24 Deireadh Fómhair a mbeidh an Méadú mar ábhar aige, in éineacht le Seisiún Iomlánach CESE, neartófar an gealltanas sin a thuilleadh. I gcomhpháirt leis an gCoimisiún, tiocfaidh comhaltaí CESE, thart ar céad comhaltaí as na tíortha is iarrthóirí, na Ballstáit, agus príomhpholaiteoirí na dtíortha is iarrthóirí le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar luach an idirphlé shibhialta agus shóisialta do Mhéadú rathúil. Leagfar béim ann ar ról an idirphlé shóisialta maidir le hiarrachtaí aontachais a chur chun cinn, an t-aistriú digiteach a bharrfheabhsú agus bunluachanna an Aontais a chaomhnú.

Mar thairseach don tsochaí shibhialta, tá CESE tiomanta do ghuth cumhachtach a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an tsaoirse, an daonlathas agus an rathúnas socheacnamaíoch a bhaint amach - rud a chothóidh comhtháthú níos dlúithe ar deireadh sna stáit is iarrthóirí agus san Aontas. I dteannta a chéile, is todhchaí níos gile don Eoraip atá á thógáil againn - todhchaí atá cuimsitheach, rathúil agus aontaithe. Tá tiomantas an Choiste don mhéadú buanseasmhach, agus is léiriú iad ár ngníomhaíochtaí ar ár gcreideamh in Eoraip níos comhtháite agus níos athléimní ina hiomláine.

Oliver Röpke

Uachtarán CESE

Is í an Dr Alexandra Borchardt, a bhí ina príomhchainteoir ag Seimineár ‘Connecting EU’ CESE 2024, an t-aoi speisialta atá againn. Mar phríomhúdar Thuarascáil Nuachta 2024 EBU  maidir le héifeachtaí IS ar an iriseoireacht, tá anailís déanta aici ar ionchais iriseoireachta cuntasaí i ndiaidh theacht chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí. Cé go bhfuil cuid acu i dtionscal na meán á mealladh cheana féin ag an ngealltanas neamhchruthaithe s’aici, is suntasach na rioscaí a bhaineann le IS giniúnach - ach tá deiseanna ann fosta.

Is í an Dr Alexandra Borchardt, a bhí ina príomhchainteoir ag Seimineár ‘Connecting EU’ CESE 2024, an t-aoi speisialta atá againn. Mar phríomhúdar Thuarascáil Nuachta 2024 EBU  maidir le héifeachtaí IS ar an iriseoireacht, tá anailís déanta aici ar ionchais iriseoireachta cuntasaí i ndiaidh theacht chun cinn tapa na hintleachta saorga giniúnaí. Cé go bhfuil cuid acu i dtionscal na meán á mealladh cheana féin ag an ngealltanas neamhchruthaithe s’aici, is suntasach na rioscaí a bhaineann le IS giniúnach - ach tá deiseanna ann fosta.

Is iriseoir sinsearach, comhairleoir neamhspleách, léachtóir ollscoile agus taighdeoir sna meáin í an Dr Borchardt a bhfuil níos mó ná 25 bliana de thaithí sa seomra nuachta aici, agus 15 de na blianta sin caite i róil cheannaireachta aici. Le cúig bliana anuas, chóitseáil sí 26 fhoilsitheoir Eorpacha sa chlaochlú digiteach do Chlár ‘Table Stakes Europe’ de chuid Chomhlachas Domhanda na bhFoilsitheoirí Nuachta. Is féidir leat a cuid oibre a fheiceáil anseo.

Sa cholún ‘Croí an scéil’, tá sé molta ag Alain Coheur, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte gur cheart go mbeadh saincheisteanna sláinte ina n-ábhar tosaíochta don Choimisiún Eorpach amach anseo. Leag sé béim ar a aontaithí atá an Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte, rud ar cheart dó dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú trí chórais sláinte a neartú agus tríd an Aontas a chosaint ar ghéarchéimeanna amach anseo.

Sa cholún ‘Croí an scéil’, tá sé molta ag Alain Coheur, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte gur cheart go mbeadh saincheisteanna sláinte ina n-ábhar tosaíochta don Choimisiún Eorpach amach anseo. Leag sé béim ar a aontaithí atá an Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte, rud ar cheart dó dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú trí chórais sláinte a neartú agus tríd an Aontas a chosaint ar ghéarchéimeanna amach anseo.

An 4 Deireadh Fómhair, reáchtáil an grúpa ad hoc in CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an díospóireacht ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ i Ságrab. Ba é ab aidhm don díospóireacht go rachadh comhaltaí an ghrúpa i dteagmháil le páirtithe leasmhara áitiúla chun a dtaithí, a dtuairimí agus a smaointe a phlé. Dhírigh siad go háirithe ar infheictheacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh sa Chróit agus an fheasacht ina leith, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea-chleachtais a sainaithníodh go dtí seo. Is uirlis é an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ligeann do shaoránaigh an Aontais tionchar díreach a imirt ar bheartas an Aontais trí reachtaíocht nua a mholadh.

An 4 Deireadh Fómhair, reáchtáil an grúpa ad hoc in CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh an díospóireacht ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ i Ságrab. Ba é ab aidhm don díospóireacht go rachadh comhaltaí an ghrúpa i dteagmháil le páirtithe leasmhara áitiúla chun a dtaithí, a dtuairimí agus a smaointe a phlé. Dhírigh siad go háirithe ar infheictheacht an Tionscnaimh ó na Saoránaigh sa Chróit agus an fheasacht ina leith, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus na dea-chleachtais a sainaithníodh go dtí seo. Is uirlis é an Tionscnamh ó na Saoránaigh a ligeann do shaoránaigh an Aontais tionchar díreach a imirt ar bheartas an Aontais trí reachtaíocht nua a mholadh.

Ba í an díospóireacht i Ságrab ‘An Tionscnamh ó na Saoránaigh – Staid na himeartha sa Chróit’ an chéad imeacht den chineál sin a d’eagraigh an grúpa ad hoc lasmuigh den Bhruiséil. D’óstáil Comhlachas Ceirdeanna agus Ceardaíochta na Cróite (Hrvatska Obrtnička Komora) an t-imeacht agus chuir comhaltaí an ghrúpa ad hoc in CESE fáilte roimh na daoine a leanas:  Margareta Mađerić (Státrúnaí Aireacht Saothair na Cróite), Dino Zorić (an Aireacht Dlí), ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ón bhFóram um an Tionscnamh ó na Saoránaigh, roinnt mhaith ionadaithe ó lárionaid Europe Direct, ó ollscoileanna, ó na húdaráis áitiúla agus ó Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta náisiúnta, Ambasadóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, eagarthóirí na dTionscnamh ó na Saoránaigh, mic léinn ollscoile agus páirtithe leasmhara eile na dTionscnamh ó na Saoránaigh.

Tar éis na díospóireachta, bhí gnáthchruinniú ag an ngrúpa ad hoc maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus reáchtáladh siúlóid i lár Shágraib. Lena linn sin, bhí deis ag comhaltaí an ghrúpa teagmháil dhíreach a dhéanamh le muintir na Cróite trí eolas maidir leis an bPas Eorpach um Daonlathas de chuid CESE, a bhfuil an-tóir air, a thabhairt amach.

Faoina chlár oibre do 2023-2025, tá sé d’aidhm ag an ngrúpa ad hoc cur le rannpháirtíocht ghníomhach CESE i bpróiseas an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Tá sé beartaithe aige tuilleadh cruinnithe a eagrú lasmuigh den Bhruiséil, ós deis mhaith iad chun díospóireacht a dhéanamh le geallsealbhóirí áitiúla an Tionscnaimh agus feasacht a mhúscailt ina thaobh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

Bunaíodh an grúpa ad hoc um an Tionscnamh ó na Saoránaigh in 2013 chun treoir pholaitiúil a chur ar fáil maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh agus chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin. Is í Violeta Jelić, comhalta de chuid CESE, cathaoirleach an ghrúpa faoi láthair.

Tugadh an Tionscnamh ó na Saoránaigh isteach le Conradh Liospóin agus tháinig sé ar an bhfód in 2012. Ba é an chéad ionstraim um an daonlathas rannpháirteach ar an leibhéal trasnáisiúnta. A bhuí leis, is féidir le níos mó ná aon mhilliún saoránach de chuid an Aontais ó sheacht mBallstát ar a laghad a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh. Dá bhrí sin, is é an rud is gaire atá againn do thionscnamh reachtach ó na saoránaigh. 

Ón gcéad lá riamh, tá ról an-ghníomhach ag CESE maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh a fhorbairt agus a chur chun cinn. (ep)

Ón 2-4 Deireadh Fómhair, d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM) sa Bhruiséil. Ag an imeacht, tugadh le chéile príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, ó rialtais réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh thimpeallacht na cibearshlándála atá ag athrú go tapa sa lá atá inniu ann. ​

Ón 2-4 Deireadh Fómhair, d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM) sa Bhruiséil. Ag an imeacht, tugadh le chéile príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, ó rialtais réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh thimpeallacht na cibearshlándála atá ag athrú go tapa sa lá atá inniu ann. ​

Díríodh an 12ú heagrán de ECSM ar an innealtóireacht shóisialta, bagairt atá ag dul i méid agus a dhíríonn ar iompar an duine chun rochtain neamhúdaraithe a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí agus, dá bharr sin, slándáil a shárú.

Is iad seo a leanas na príomhphointí a tugadh chun suntais in imeacht na bliana seo:

  1. Bunaítear leis an rialachán nua cibearshlándála bonnlíne choiteann d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit.
  2. Tá measúnuithe riosca rialta ríthábhachtach chun leochaileachtaí a shainaithint agus chun tús áite a thabhairt do straitéisí maolaithe.
  3. Teastaíonn frithbhearta nuálacha chun dul i ngleic le bagairtí atá le teacht, amhail ionsaithe faoin tiomáint IS agus ríomhaireacht chandamach.
  4. Tá ról ríthábhachtach ag údaráis réigiúnacha maidir le tacaíocht a thabhairt d’eintitis áitiúla trí chomhroinnt eolais, trí chúnamh teicniúil agus trí chláir oiliúna saincheaptha a chur ar fáil.
  5. Tá méadú ag teacht ar ionsaithe innealtóireachta sóisialta faoin tiomáint IS, agus teastaíonn cur chuige ilghnéitheach agus comhoibríoch chun iad a chomhrac.

Tá tuilleadh eolais faoin imeacht le fáil anseo. (lp)