European Economic
and Social Committee
Ba cheart tús áite a thabhairt don tsláinte i gclár oibre nua an Choimisiúin
Le Alain Coheur
Is colún bunúsach d’athléimneacht agus rathúnas an Aontais í an tsláinte. I bhfad ó bheith ina ábhar forimeallach, is príomhthosaíocht é do gach saoránach Eorpach, ós rud é go n-úsáideann muid uile na córais sláinte ag am éigin i gcaitheamh an tsaoil. Ba í an tsláinte an príomhfhócas le linn phaindéim COVID. Mar sin féin, ní mór a rá gur theip ar an Uachtarán von der Leyen leas a bhaint as an bpost atá aici chun deis uathúil a thapú agus gné riachtanach de gach réimse beartais eile a dhéanamh den tsláinte trí chomhtháthú leathan beartas sláinte a chur chun cinn.
Ní mór dúinn na bacainní earnála a shárú agus samhail Eorpach níos comhleanúnaí, níos comhtháite agus níos cuimsithí a fhorbairt, lena dtacófar le haistriú cóir do chách, gan aon duine a fhágáil ar lár. Ní mór dúinn na geallsealbhóirí uile a aontú, an t-idirphlé sóisialta a neartú agus ról a thabhairt don tsochaí shibhialta, ó cheapadh beartais go cur chun feidhme agus meastóireacht an bheartais.
Iarrann an Coiste go mbunófaí Tionscnamh Suaitheanta Eorpach don tSláinte: tionscnamh aontaitheach a bheidh fréamhaithe i ndlúthpháirtíocht na hEorpa chun ár gcórais sláinte a threisiú, éagothromaíochtaí sláinte a chomhrac agus cosaint a thabhairt ar ghéarchéimeanna amach anseo. Seo cuid de na gnéithe a bheidh i gcroílár an tionscnaimh uilechuimsithigh seo:
- An Ráthaíocht Eorpach um Chúram agus Cúram Sláinte: gealltana do gach uile shaoránach den Aontas go rathófaí rochtain chothrom agus chomhchoiteann ar chúram sláinte ar ardchaghdeán.
- Cur chuige na hAon Sláinte Amháin: faoina bhfuil sláinte an duine nasctha go dlúth le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil. Is bagairtí iad an t-athrú aeráide, paindéimí agus cailliúint na bithéagsúlachta a chuireann iallach orainn cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh.
- I gcroílár an phróisis sin, ní mór dúinn ár gcórais sláinte a nuachóiriú trí uirlisí digiteacha agus intleacht shaorga a ghlacadh, lena n-áiritheofar go mbeidh an chibearshlándáil agus feabhsú scileanna digiteacha do shaoránaigh agus do ghairmithe sláinte.
- Infheistíochtaí straitéiseacha sóisialta agus sláinte. Bíonn tionchar dearfach ag infheistíocht sa tsláinte ar fholláine na saoránach agus ar iomaíochas na hEorpa.
- Rochtain ar chógais leighis a áirithiú agus tionscal nuálach iomaíoch de chuid an Aontais a fhorbairt nach mór tús áite a thabhairt don tsláinte agus do leas an phobail leis an dul chun cinn atá déanta aige agus ár spleáchas ar shlabhraí soláthair domhanda a laghdú. Tá sé ríthábhachtach táirgeadh a dhéanamh ar ithreacha na hEorpa chun ár gceannasacht sláinte a ráthú.
- Líon leordhóthanach gairmithe sláinte dea-oilte dea-íoctha a áirithiú, trí dhálaí tarraingteacha oibre a chruthú, infheistíocht a dhéanamh san oiliúint, gairmeacha saibhrithe a fhorbairt agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’oibrithe sláinte.
- Beartais sláinte agus sábháilteachta ceirde a neartú, go háirithe trí leigheas ceirde, cláir scagthástála san ionad oibre agus oibrithe a chosaint ar charcanaiginí agus ar shó-ghineacha.
- Ní mór tús áite a thabhairt do dhul i ngleic le galair neamhtheagmhálacha agus le dúshlán na ngalar neamhchoitianta. I gcás na ngalar sin, is deacair an rud é a bheith ag streachailt i gcoinne éagothroime sláinte a eascraíonn as cúiseanna iomadúla.