Eagraíodh an seimineár ‘Connecting EU 2024’le tacaíocht ó Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Is í Parlaimint na hEorpa a bhronann an duais i mí Dheireadh Fómhair gach bliain agus aithnítear léi iriseoireacht mhisniúil iniúchach. Gheofar thíos tuilleadh eolais faoin duais agus searmanas bronnta 2024 a bheidh ar siúl an 23 Deireadh Fómhair!

Sracfhéachaint

Seoladh Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht in 2021 mar chomhartha ómóis don iriseoir/blagálaí as Málta a feallmharaíodh in 2017. Bronntar í ar bhonn bliantúil ar shárobair iriseoireachta a léiríonn croíphrionsabail agus croíluachanna an Aontais Eorpaigh, amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus cearta an duine.

Fógrófar buaiteoir 2024 sa Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl ag 6.00 p.m. an 23 Deireadh Fómhair i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg. Féach ar an imeacht beo anseo. Roghnaigh giúiré neamhspleách uile-Eorpach, ar a raibh iriseoirí agus saineolaithe cumarsáide, 13 chraobhiomaitheoir.

Cuirfidh Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pina Picierno (atá freagrach as an duais) fáilte roimh na rannpháirtithe agus tabharfaidh sí cead cainte d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, le gur féidir léi ráiteas tosaigh a dhéanamh. Tabharfaidh ball den ghiúiré forléargas ansin ar an duais agus, ina dhiaidh sin, tabharfaidh ionadaí thar cheann bhuaiteoirí na bliana seo caite an trófaí don bhuaiteoir.

Ag breathnú siar

Bronnadh an chéad duais riamh ar ‘The Pegasus Project’, arna chomhordú ag an gcuibhreannas Forbidden Stories. Bronnadh an duais ar Clément Di Roma agus Carol Valadein 2022 as an gclár faisnéise ar ‘The Central African Republic under Russian Influence’. In 2023, bronnadh an duais ar an imscrúdú comhpháirteach maidir le Pylos migrant boat shipreck – lehionad imscrúdaitheach na Gréige, Solomon, i gcomhar le Forensis, craoltóir poiblí na Gearmáine, StrgF/ARD, agus an nuachtán Briotanach, The Guardian.

Seimineár preasa

Roimh an searmanas bronnta, reáchtálfaidh Aonad Seirbhísí na Meán i bParlaimint na hEorpa seimineár preasa maidir le ‘Saoirse na Meán a Chosaint’ (23 Deireadh Fómhair, 3.00 p.m.). Táthar ag súil go mbeidh thart ar 65 iriseoir i láthair a ghlacfaidh páirt in óráidí agus i bpléití géarchúiseacha agus beidh Matthew Caruana Galizia, iriseoir agus mac Daphne Caruana Galizia, ann freisin.

Beidh teistiméireachtaí ó iriseoirí a raibh orthu aghaidh a thabhairt ar bhagairtí san obair mar chuid den chlár. Duine de na hiriseoirí sin is ea Stefania Battistini, iriseoir Iodálach a cuireadh le liosta na Rúise de na daoine a bhfuiltear sa tóir orthu le déanaí tar éis di tuairisc a thabhairt ar an gcogadh. Déanfar sruthú gréasáin ar an seimineár anseo.