European Economic
and Social Committee
D’óstáil CESE agus CnaR Laethanta Cibearshlándála sa Bhruiséil
Ón 2-4 Deireadh Fómhair, d’óstáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus Coiste na Réigiún (CnaR) Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM) sa Bhruiséil. Ag an imeacht, tugadh le chéile príomhchainteoirí ó institiúidí an Aontais, ó rialtais réigiúnacha agus ón tsochaí shibhialta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimh thimpeallacht na cibearshlándála atá ag athrú go tapa sa lá atá inniu ann.
Díríodh an 12ú heagrán de ECSM ar an innealtóireacht shóisialta, bagairt atá ag dul i méid agus a dhíríonn ar iompar an duine chun rochtain neamhúdaraithe a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí agus, dá bharr sin, slándáil a shárú.
Is iad seo a leanas na príomhphointí a tugadh chun suntais in imeacht na bliana seo:
- Bunaítear leis an rialachán nua cibearshlándála bonnlíne choiteann d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit.
- Tá measúnuithe riosca rialta ríthábhachtach chun leochaileachtaí a shainaithint agus chun tús áite a thabhairt do straitéisí maolaithe.
- Teastaíonn frithbhearta nuálacha chun dul i ngleic le bagairtí atá le teacht, amhail ionsaithe faoin tiomáint IS agus ríomhaireacht chandamach.
- Tá ról ríthábhachtach ag údaráis réigiúnacha maidir le tacaíocht a thabhairt d’eintitis áitiúla trí chomhroinnt eolais, trí chúnamh teicniúil agus trí chláir oiliúna saincheaptha a chur ar fáil.
- Tá méadú ag teacht ar ionsaithe innealtóireachta sóisialta faoin tiomáint IS, agus teastaíonn cur chuige ilghnéitheach agus comhoibríoch chun iad a chomhrac.
Tá tuilleadh eolais faoin imeacht le fáil anseo. (lp)