Foilseachán nua: Gníomhaíochtaí CESE le linn Uachtaránacht na Slóivéine (Iúil-Nollaig 2021)

Sa dara leath de 2021 beidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an tSlóivéin den dara huair. Agus den dara huair is ag tráth cinniúnach don Eoraip a tharlóidh sin.

In 2008, bhí ar an Aontas dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais agus inniu féin tá sé ag streachailt leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19. Ní haon ionadh, dá bhrí sin, go bhfuil ullmhacht agus athléimneacht an Aontais i leith géarchéimeanna, go háirithe i réimse na sláinte, ar phríomhthosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine, chomh maith le saincheisteanna straitéiseacha eile, amhail an chibearshlándáil. Beidh Uachtaránacht na Slóivéine freagrach freisin as go leor de na cúraimí a bhaineann leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme.

Tá CESE ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le hUachtaránacht na Slóivéine, go háirithe ós rud é go bhfuil na tosaíochtaí céanna againn, mar atá an téarnamh eacnamaíoch, aistriú cóir aeráide agus aistriú cóir digiteach maille le cosaint an smachta reachta, ar cuid lárnach d’obair CESE freisin iad.

Tá an bróisiúr seo le fáil as EN, FR, DE agus SL ar shuíomh gréasáin CESE Is féidir cóipeanna clóite a ordú ó: vipcese@eesc.europa.eu.