Le Javier Garat Pérez

Mar fhreagairt ar thionscnamh an Uachtaráin, Ursula von der Leyen, maidir leis an gComhshocrú Eorpach um na hAigéin, chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa príomh-mholtaí ar aghaidh chun cur chuige cuimsitheach cothrom i dtaca le rialachas na n-aigéan a chur chun cinn. San fhís atá aige, dírítear ar aigéin shláintiúla tháirgiúla a chinntiú, borradh a chur faoi gheilleagar gorm an Aontais, taighde agus nuálaíocht mhuirí a neartú, agus éiceachórais mhuirí a chosaint do na glúnta atá le teacht.

Leas a bhaint as an ngeilleagair goirm

Leagan CESE béim ar a thábhachtaí atá sé geilleagar gorm atá láidir agus iomaíoch a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis sin creataí rialála a shimpliú, uathriail straitéiseach a áirithiú, an nuálaíocht a chur chun cinn agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an dícharbónaithe.

Chun todhchaí rathúil a chinntiú don tionscal muirí, molaimid go ndéanfaí infheistíocht phráinneach i ríomhbhreoslaí, i bhfuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus i dteicneolaíochtaí nuálacha muirí. Ina theannta sin, trí bhraisle láidir mhuirí a bhunú a mbeidh cuspóirí soiléire inbhuanaitheachta ag gabháil léi, cuideofar le ceannaireacht na hEorpa i dtionscail mhuirí a choinneáil. Sin an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach ‘Comhghuaillíocht Thionsclaíoch do Shlabhraí Luacha an Gheilleagair Ghoirm’ a chur ar bun agus Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh a neartú.

Ar a bharr sin, molaimid gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar bheartais atá ann cheana amhail an Comhbheartas Iascaigh. Ba cheart tacaíocht leanúnach a thabhairt don iascaireacht inbhuanaithe agus an spleáchas ar bhia mara a laghdú. Ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na gcaighdeán sóisialta agus comhshaoil céanna. Chomh maith leis sin, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta de chuid an Aontais maidir le ‘bia gorm’ a fhorbairt faoi 2026.

Eolas, taighde agus nuálaíocht i ngothaí muirí a fheabhsú

Tá cistiúchán breise sa taighde agus nuálaíocht muirí á éileamh ag CESE, agus béim á leagan aige ar an ngá atá le comhar eolaíoch domhanda agus teicneolaíocht níos fearr san earnáil mhuirí. Chun an méid sin a bhaint amach, molaimid moil don gheilleagair gorm a bhunú agus faireachlann aigéin an Aontais a sheoladh.

Borradh a chur faoin infheistíocht agus faoin maoiniú le haghaidh inbhuanaitheacht na n-aigéan

Tá béim á leagan againn ar an ngá atá le cistiú suntasach poiblí agus príobháideach a shlógadh chun tacú le SDG 14 (Beatha faoin uisce). Chuige sin, ba cheart línte buiséid tiomnaithe le haghaidh tionscadail a bhaineann leis na haigéin a chruthú laistigh de chláir chistiúcháin an Aontais amhail Horizon Europe. Ba cheart tacaíocht airgeadais níos láidre a thabhairt don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) freisin chun tacú le hearnálacha iomaíocha agus dícharbónaithe.

Aistriú cóir atá cuimsitheach go sóisialta

Chun gur féidir geilleagar athléimneach aigéin a bheith ann, ní mór a áirithiú go gcaitear go cothrom le hoibrithe muirí. Tá bearta á moladh ag CESE chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair, athnuachan ó ghlúin go glúin a spreagadh, agus deiseanna athscilithe a chur ar fáil. Ba cheart córais chuimsitheacha tacaíochta sóisialta a bheith i bhfeidhm chun oibrithe a chosaint, go háirithe iad siúd nach féidir leo aistriú chuig róil nua mar gheall ar athruithe teicneolaíochta.

Aigéin shláintiúla athléimneacha a chinntiú

Tá ár n-aigéin i mbaol de dheasca an athraithe aeráide, truaillithe, plaisteach agus brúnna daonna. Dá bhrí sin, ba cheart iarrachtaí níos láidre a dhéanamh maidir le hathchóiriú agus cosaint na n-aigéan agus caomhnú inbhuanaithe atá ag teacht le gealltanais dhomhanda bhithéagsúlachta a chinntiú. Tá sé ríthábhachtach freisin ‘dea-stádas comhshaoil’ a bhaint amach ar mhaithe le cobhsaíocht eacnamaíoch agus athléimneacht aeráide. Chomh maith leis sin, ba cheart infheistíocht a dhéanamh go práinneach sa bhonneagar glas, i laghdú truaillithe agus i bPlean Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide agus, ag an am céanna, ceannaireacht an Aontais i rialachas domhanda muirí a threisiú.

Creat cuimsitheach um rialachas na n-aigéan a chinntiú

Chun borradh a chur faoin rathúnas eacnamaíoch agus teorainneacha an phláinéid seo á n-urramú ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go mbeadh comhar réigiúnach ann le pobail áitiúla chun go mbeidh beartais ag luí le chéile i gcónaí. Éilíonn sé freisin comhaontuithe idirnáisiúnta níos fearr, taidhleoireacht aigéin níos láidre san Aontas, agus meithleacha tiomnaithe atá dírithe ar chúrsaí muirí laistigh d’institiúidí an Aontais.

Ar deireadh, molann CESE freisin feabhas a chur ar an bpleanáil spásúil mhuirí chun cothromaíocht a bhaint amach idir leasanna éagsúla, amhail leathnú an fhuinnimh amach ón gcósta, nó an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe. Is é an sprioc atá ann an chómhaireachtáil agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus an tráth céanna a chinntiú go gcaomhnófar pobail iascaireachta thraidisiúnta agus go mbeidh baint acu leis an bpróiseas cinnteoireachta.