European Economic
and Social Committee
Inbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht a bheith ina ndlúthchuid den chreat nua maidir le faireachán ar fhoraoisí
Le Florian Marin
Tá sé á mholadh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i gcás chreat nua an Aontais Eorpaigh maidir le faireachán ar fhoraoisí go mbeadh an creat sin inbhuanaithe, costéifeachtach agus indéanta. Lena chois sin, ba cheart an creat a bheith tráthúil, sábháilte agus slán, dinimiciúil, cuimsitheach agus rannpháirtíoch le go mbeadh dlúthchomhar idir an eolaíocht agus an cleachtas ann agus go ndéanfaí pleanáil níos fearr agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise.
Tá sé ríthábhachtach go gcinnteofaí an chomhlántacht agus go seachnófaí dúbláil sonraí atá cumhdaithe cheana féin ag reachtaíocht eile, mar shampla na beartais aeráide agus aeir, na rialacháin maidir leis an mbithéagsúlacht agus an comhbheartas talmhaíochta.
Maidir leis an athrú aeráide, tá gá le sonraí fadtéarmacha sa bhreis ar shonraí a bhaineann leis an bhforbairt tuaithe, leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an eolaíocht. Tá sé tábhachtach an idir-inoibritheacht a chinntiú agus go mbeadh an ghráinneacht sonraí, an teicneolaíocht agus an mhinicíocht chéanna i bhfeidhm sna Ballstáit uile, go háirithe le linn do shonraí forlíontacha a bheith á mbailiú. Ba cheart féachaint i gcónaí leis an ualach riaracháin a laghdú agus leis an rómhaorlathas a sheachaint, e.g. le nach mbaileofaí na sonraí céanna faoi dhó nó nach ndéanfaí an tuairisciú céanna faoi dhó. Ba cheart an leibhéal céanna tábhachta a chur le sonraí eacnamaíocha, sonraí sóisialta agus sonraí comhshaoil na bhforaoisí.
Tá ríthábhacht le cearta maoine príobháidí agus úinéireacht sonraí a urramú, go háirithe faoi chuimsiú phrionsabal na coimhdeachta. Thar aon ní eile, is é leas an phobail an rud is tábhachtaí i mbonneagar na sonraí maidir le foraoisí.
Gach Ballstát a bhaineann leas as foraoisí, ba cheart dóibh plean fadtéarmach a bheith acu maidir leis na foraoisí, plean a chomhlánódh na straitéisí eile maidir le foraoisí agus adhmad, lena gcinnteofaí go mbeifí i gcomhréir iomlán leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Agus na luachanna iltaobhacha a bhaineann leis na foraoisí á gcur san áireamh, ba cheart gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a áireamh i struchtúr na bpleananna foraoiseachta, sin agus prionsabal na comhpháirtíochta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bhforbairt agus i gcur chun feidhme pleananna fadtéarmacha maidir leis na foraoisí.
Ba cheart ról an Bhuanchoiste Foraoiseachta a neartú agus gníomhaithe ábhartha ón tsochaí shibhialta a áireamh ann.