European Economic
and Social Committee
Schotstek: Comhdheiseanna agus éagsúlacht i bpoist bhainistíochta a chur chun cinn
Níor cheart dúchas ná cúlra sóisialta a bheith ina mbacainní ar an rath riamh, dar le Evgi Sadegie, Stiúrthóir Bainistíochta Schotstek, eagraíocht atá lonnaithe in Hamburg agus i mBeirlín agus a chuireann comhionannas deiseanna agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn sa saol gairmiúil. Is é is aidhm do chláir scoláireachta uathúla Schotstek tacú le daoine de bhunadh imirceach atá óg, cliste, uaillmhianach agus spreagtha agus iad ag dul leis an gceannaireacht sa taighde, sa ghnó agus sa tsochaí. Trí chuidiú leo líonraí láidre a thógáil agus na scileanna cearta a thabhairt dóibh, tugann Schotstek cumhacht do mhic léinn thréitheacha agus do ghairmithe óga barr a gcumais a bhaint amach.
Le Evgi Sadegie
Is tír í an Ghearmáin a bhfuil éagsúlacht chultúrtha inti, ach is ar éigean a léirítear é seo ina ceannaireacht eacnamaíoch, eolaíoch, chultúrtha agus pholaitiúil ar chor ar bith. Is minic a bhíonn bacainní roimh dhaoine de bhunadh imirceach, rud a fhágann go gcuirtear leis na héagothromaíochtaí sóisialta, nach mbaintear leas as an acmhainneacht nuálaíochta agus go mbaintear an bonn ón gcomhtháthú sóisialta. Cuirtear bac ar dhul chun cinn gairme a lán daoine tréitheacha de dheasca claontachtaí, deiseanna éagothroma oideachais agus easpa eiseamláirí agus líonraí.
Bhunaigh Sigrid Berenberg agus cairde léi Schotstek in 2013. Is dlíodóir í Sigrid Berenberg, agus le blianta fada tá sí tiomanta do cheartas sóisialta agus don éagsúlacht a chur chun cinn. In éineacht le daoine eile a bhfuil an dearcadh céanna acu, bhunaigh sí Schotstek, rud a réitigh an bealach do phoist cheannaireachta do dhaoine óga de bhunadh imirceach a bhí cliste, uaillmhianach agus spreagtha. Tá mic léinn ardfheidhmíochta a bhfuil scoláireacht acu curtha chun cinn aici atá chun athruithe móra a ghríosadh sa saol seo, daoine a bheidh ina gceannródaithe agus ina gcinnteoirí amach anseo. Ar feadh blianta fada, bhí Sigrid Berenberg lánpháirteach i reáchtáil an chláir ar bhonn iomlán deonach.
Is cuideachta neamhbhrabúis é Schotstek a fhaigheann tacaíocht trí shíntiúis agus trí thionscnaimh chomhpháirteacha le cuideachtaí eile. Faigheann an clár tacaíocht láidir ó líonra comhpháirtithe, comhlachtaí comhairleacha agus cairde – ar cinnteoirí ardleibhéil iad sin uile ó raon leathan earnálacha agus cultúr. Is fiú a lua go háirithe gur fhreastail triúr den seachtar comhpháirtithe agus an stiúrthóir bainistíochta atá ann faoi láthair iad féin ar chlár Schotstek. Léiríonn sé sin an dóigh a dtugann Schotstek an fhreagracht arís agus arís eile do na daoine chumasacha a dtacaíonn sé leo agus, dá bharr sin, go bhfuil tionchar buan aige.
Tugann Schotstek tacaíocht uathúil do mhic léinn agus do ghairmithe óga trí dhá chlár chomhuaineacha a chur ar fáil. Glacann painéil le suas le 25 mhac léinn gach bliain in Hamburg, agus suas le 20 gairmí óg in Hamburg agus i mBeirlín. Tar éis clár éigeantach dhá bhliain, fanann rannpháirtithe sa líonra agus is féidir leo páirt a ghlacadh in imeachtaí.
Tá tógáil líonraí láidre i gcroílár Schotstek: níl rochtain ag mórán daoine óga de bhunadh imirceach ar na naisc ghairmiúla agus shóisialta is gá le haghaidh deiseanna gairme. Cuireann Schotstek iad i dteagmháil le alumni, le comhlachtaí comhairleacha agus le saineolaithe ón ngnó, ón eolaíocht, ón bpolaitíocht, ón gcultúr agus ón tsochaí. Le himeachtaí rialta amhail tráthnónta téama agus cainteanna a bhfuil daoine mór le rá iontu, cuirtear malartuithe chun cinn agus cuirtear lena dtuiscint ar chúrsaí an tsaoil. Cuireann na naisc sin deiseanna gairme ar fáil agus cruthaíonn siad pobal lena gceadaítear tacaíocht fhadtéarmach agus rath frithpháirteach. Tá ról lárnach ag alumni anois trína gcuid eolais agus líonraí a chomhroinnt, agus trí raon feidhme Schotstek a leathnú go leanúnach.
Cuireann Schotstek ceardlanna agus oiliúint ar fáil lena n-ullmhaítear rannpháirtithe go sonrach do phoist cheannaireachta. Neartaíonn an oiliúint na príomhinniúlachtaí amhail scileanna cumarsáide, an fhéinmhuinín agus an cheannaireacht. Faigheann rannpháirtithe tacaíocht phearsanta freisin a bhuí leis an meantóireacht. Cuirtear i dteagmháil iad le gairmithe agus bainisteoirí a bhfuil taithí acu agus atá in ann léargas luachmhar a thabhairt dóibh ar an saol gairmiúil, tacú leo a ngairmeacha a phleanáil agus cuidiú leo dul i ngleic le dúshláin ghairmiúla. Bíonn na meantóirí ina n-eiseamláirí a thugann uchtach do rannpháirtithe spriocanna gairmiúla a shaothrú agus bacainní a shárú.
Gné shonrach eile de chlár Schotstek is ea rannpháirtíocht chultúrtha a chur chun cinn. Tugann rannpháirtithe cuairt ar iarsmalanna, amharclanna, ceoldrámaí, dánlanna agus institiúidí cultúrtha eile. Cuireann sé sin le hoideachas cultúrtha, forbairt phearsanta agus aitheantas lena mbailte agus lena gcathracha baile. Neartaíonn an taithí sin dearcadh iad siúd a bhfuil scoláireacht acu agus cothaíonn sí muintearas.
Féachann Schotstek leis an éagsúlacht a chur chun cinn ar leibhéal na bainistíochta. Níor cheart dúchas ná cúlra sóisialta a bheith ina mbacainní ar an rath a thuilleadh. Ó bunaíodh é, tá tacaíocht tugtha ag Schotstek do na céadta daoine óga cheana féin, agus tá breis agus 240 rannpháirtí agus alumni gníomhach go fóill. Is iomaí duine acu atá páirteach sa Bhord Comhairleach Alumni cuir i gcás, nó atá ina n-ambasadóirí, ag tacú leis an obair ar na meáin shóisialta nó ag comhroinnt na taithí atá acu mar pháirtithe nó mar mheantóirí. Tá duine ar bith a raibh scoláireacht Schotstek aige nó aici fós ina chuid nó ina cuid bhuan den líonra – is múnla é sin a fhágann gur féidir an rath buan a bhaint amach. Léiríonn leathnú an chláir go Beirlín in 2023 gur féidir coincheap Schotstek a chur chun feidhme go rathúil i gcathracha eile.
Tá níos mó i gceist le Schotstek ná clár tacaíochta – is gluaiseacht é a léiríonn go han-mhaith an dóigh ar féidir an éagsúlacht ardfheidhmíochta a chur chun cinn go sonrach le go mbeidh sí infheicthe. Cruthaíonn Schotstek deiseanna de bhreis ar an rath aonair, agus is sampla é ar an dóigh ar féidir leis an nGearmáin leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá inti mar thír inimirce. Trí dhaoine ardchumasacha a chur chun cinn agus trí bhacainní a bhaint, tá ról ríthábhachtach ag an gclár maidir le sochaí níos cothroime a sheasfaidh an aimsir a mhúnlú, rud atá riachtanach i saol atá domhandaithe.
Is í Evgi Sadegie, a bhfuil M.A. aici i Stáidéar na Tuirce, Stiúrthóir Bainistíochta Schotstek gGmbH agus is alumna í féin de chohórt 2014. Roimh di dul i mbun an róil atá aici faoi láthair, bhí sí i gceannas ar an tionscadal meantóireachta ‘Yoldaş’ ag Fondúireacht Shibhialta Hamburg, a thacaíonn le leanaí ó theaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus a labhraíonn Tuircis. Ar an dóigh sin, chuir sí comhdheiseanna chun cinn ar thaobh eile den réimse comhionannais, taobh eile atá tábhachtach chomh maith. Agus taithí fhairsing aici ar bhainistiú tionscadal, go háirithe i réimsí na meantóireachta agus an chomhair idirchultúrtha, tá páirt ghníomhach á glacadh aici i gcur chun cinn na héagsúlachta agus an lánpháirtithe sa tsochaí.