Ba é Dúshláin Uisce: Ag plé peirspictíochtaí tomhaltóirí – Ag bogadh ar aghaidh le Comhaontú Gorm don Eoraip príomhthéama Lá Eorpach na dTomhaltóirí 2024. Ag an imeacht cuireadh béim ar an ngá atá le bainistiú inbhuanaithe uisce, bonneagar feabhsaithe agus oideachas a chur ar thomhaltóirí chun a chinntiú go bhfanfaidh an t-uisce inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa.

Mar a léiríodh ag Lá Eorpach na dTomhaltóirí a reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an 9 Nollaig, ós rud é go meastar go dtiocfaidh méadú 25 % ar phraghas an uisce faoi 2030, beidh ar an Aontas níos mó ná EUR 250 billiún a infheistiú chun freastal ar riachtanais uisce na hEorpa agus ar mhaithe le sochaí a thógáil ina mbeidh rochtain ag gach duine ar uisce glan inacmhainne.

Is acmhainn é an t-uisce atá ag éirí níos teirce, fiú san Eoraip: tugann suas le 30 % de mhuintir na hEorpa aghaidh ar strus maidir le huisce uair sa bhliain ar a laghad. Fágann sé sin go mbeidh ar thomhaltóirí, a bhreathnaíonn ar uisce mar thráchtearra indiúscartha, a n-iompar a athrú chun é a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla, trí bheith níos eolaí faoina lorg uisce agus trí theicneolaíochtaí cliste coigilte uisce a úsáid.

Ba cheart do na truaillitheoirí móra an praghas a íoc freisin agus níor cheart dóibh an t-ualach a bhaineann lena gcostais fholaithe a chur ar na tomhaltóirí.

Ós rud é go n-úsáidtear 15 000 lítear uisce chun cileagram amháin feola a tháirgeadh agus 8 000 lítear le haghaidh péire amháin jíons, beidh ar mhórchaiteoirí uisce (amhail earnáil na monaraíochta agus go háirithe earnáil na talmhaíochta, arb ionann í agus 72 % de na hastarraingtí uisce ar fad) an costas a bhaineann lena dtionchar comhshaoil a sheasamh agus infheistíocht a dhéanamh i saoráidí táirgthe níos fearr.

Ba cheart féachaint ar an uisce mar chuid bhunúsach de thionscnaimh shuaitheanta bheartais an Choimisiúin Eorpaigh atá ar na bacáin. Ba mhaith linn go seolfaí an Chomhghuaillíocht Uisce nua chun cuidiú leis an gComhaontú Gorm don Eoraip a chur chun feidhme, agus táimid ag obair faoi láthair ar ardán gheallsealbhóirí an Chomhaontaithe Ghoirm don Eoraip a chruthú,’ arsa Milena Angelova, rapóirtéir na tuairime ó CESE Tomhaltas éifeachtúil uisce agus feasacht tomhaltóirí maidir lena lorg uisce. Chuir sí béim ar a thábhachtaí atá an Comhaontú Gorm don Eoraip mar phríomhthionscnamh de chuid CESE, ‘institiúid cheannródaíoch de chuid an Aontais’ a mhéid a bhaineann le saincheisteanna uisce.

San eochairóráid uaidh, dúirt Gaetano Casale, Stiúrthóir Oifig Idirchaidrimh Institiúid Oideachais Uisce IHE DELFT, nach dtugtar aitheantas ceart d’uisce san Eoraip go fóill. Dar leis, tá géarghá le cur chuige inbhuanaithe maidir le huisce, agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí leis an bhfeasacht ar na costais chomhshaoil, ar na dúshláin a bhaineann le daonra méadaitheach an domhain agus ar an athrú aeráide.

‘Ós rud é go bhfuil an t-uisce – sa talamh, san fharraige, agus sa spéir – ar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, bheadh áthas orm dá ndéanfaimis go léir le chéile – saoránaigh, rialtais, gníomhaireachtaí, eolaithe, earnáil na tionsclaíochta agus reachtóirí – an deis uathúil seo a thapú agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh le go seasfaidh an acmhainn sin an aimsir’, a dúirt Hildegard Bentele, scáth-rapóirtéir Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Treoir Réime maidir le hUisce. (ll)