A chéad chuairt tugtha ag António Costa, Uachtarán nua na Comhairle Eorpaí, ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) agus na príomhthosaíochtaí atá aige don Aontas leagtha amach aige ann. Chuir sé i bhfáth gurb é an t-iomaíochas bonn atá faoi rathúnas na hEorpa, agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé na cearta sóisialta a cheangal leis má táthar chun todhchaí inbhuanaithe a thógáil. 'Don mhóran, in áit an bheagáin, is gá don iomaíochas dul chun tairbhe', a dúirt Uachtarán CESE, Oliver Röpke, agus é ag teacht leis an méid sin.

Ag labhairt dó ag seisiún iomlánach CESE cúpla lá tar éis dó dul i mbun oifige an 1 Nollaig, d’éiligh an tUasal Costa gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar bhonn práinne. ‘Táimid ar an mbóthar ceart. Tá fáthmheas déanta againn, tá tograí uaillmhianacha againn, ach teastaíonn an toil pholaitiúil uainn. Dírímis ar an bhfás, ar phoist agus ar Eoraip shóisialta, ionas go mbeidh glúin óg an lae inniu in ann féachaint siar agus a rá: b’in é an uair a dheimhníomar an rathúnas atá againn.

An t-iomaíochas agus athchóirithe saincheaptha atá i gcroílár chlár oibre an Uasail Costa. Mhol sé an margadh aonair a athnuachan, fáil réidh le rialacháin nach bhfuil gá leo agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus sa nuálaíocht d’fhonn geilleagar na hEorpa a neartú. ‘Tá cuideachtaí láidre ag teastáil uainn - ní toisc gur saoire iad ach toisc go mbíonn siad i mbun nuálaíochta, lena smaointe nua agus an lucht saothair oilte atá acu,’ a dúirt sé. D’éiligh an tUasal Costa freisin athchóirithe feidhmíochtbhunaithe arna spreagadh ag Next Generation EU: ‘Cur chuige loighciúil don todhchaí atá ann.’ D’iarr sé ar na Ballstáit intinn oscailte a bheith acu agus iad ag tabhairt faoi chéad bhuiséad eile an Aontais.

Ní le spriocanna eacnamaíocha amháin a bhaineann an t-iomaíochas; baineann sé le deiseanna a chruthú do gach uile Eorpach agus athléimneacht a chothú,’ a dúirt an tUasal Röpke. ‘Caithfidh an fás eacnamaíoch a bheith fite fuaite leis an dul chun cinn sóisialta, chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.’

Mhol an tUasal Costa gach a ndéanann CESE chun an t-idirphlé sóisialta a chothú. Is é ‘an tsamhail Eorpach’ é, dar leis, maidir le dul i dteagmháil leis an bpobal. ‘Tugann an t-idirphlé sóisialta deis dúinn teacht ar réitigh inbhuanaithe trí idirbheartaíocht leanúnach a dhéanamh idir ionadaithe éagsúla ár sochaithe. Tá sé sin ríthábhachtach, go háirithe sa lá atá inniu ann,’ ar seisean.

I ndíospóireacht an tseisiúin iomlánaigh, pléadh ábhair imní mhóra, an tithíocht, an imirce agus costais fuinnimh san áireamh - saincheisteanna a bhí luaite mar thosaíochtaí ag an Uasal Costa. Chuir an tUasal Röpke i bhfáth go bhfuil gá le réitigh phraiticiúla, agus béim á cur aige ar an infheistíocht san oideachas, san athsciliú, sa tithíocht inacmhainne agus san aistriú glas. ‘Tá CESE lántiomanta do ghuth na sochaí sibhialta a thabhairt isteach sa phróiseas chun Eoraip chuimsitheach athléimneach a chruthú a bheidh ullmhaithe do dhúshláin na todhchaí.’ (gb)