European Economic
and Social Committee
Is céim sa treo ceart í an dírialáil atá fógartha
Le Kinga Grafa
Tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. De dheasca na ró-rialála, cuirtear bac ar a bhfás agus cuirtear cosc orthu coinneáil suas le hiomaitheoirí ó chodanna eile den domhan. Ní féidir leis an Eoraip leanúint de bheith ag dul thart i gciorcail. Is fíorathrú atá de dhíth ar fhiontraithe, seachas anailís bhreise ar na bacainní céanna arb eol dúinn leis na blianta. Dar le Kinga Grafa ó Chónaidhm Ghnólachtaí na Polainne, Lewiatan, is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair.
Chuir an Coimisiún Eorpach an Compás Iomaíochais i láthair le déanaí. Treochlár do na cúig bliana amach romhainn atá ann lena bhféachtar le seasamh eacnamaíoch an Aontais a neartú agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha. An cur chuige atá á mholadh ag an gCoimisiún, is é an cur chuige ceart é. Is le fada an lá atá athruithe den chineál sin á n-iarraidh ag gnólachtaí agus an t-iomaíochas agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí atá acu. Más mian leis an Aontas a bheith ina iomaitheoir domhanda, ní mór dó gníomhú láithreach. Agus geilleagar láidir mar bhonn againn, ní mór dúinn an rialáil a chuíchóiriú, costais fuinnimh a laghdú agus tacaíocht éifeachtach a chinntiú don infheistíocht agus don nuálaíocht. I bhfianaise na timpeallachta geopholaitiúla luainí atá ann, ní mór comhaontuithe saorthrádála a thabhairt chun críche le príomh-chomhpháirtithe freisin, mar shampla, comhaontuithe lena gcumhdaítear rochtain ar amhábhair chriticiúla.
Ar na laethanta seo, tá gnólachtaí san Eoraip fós thíos le rómhaorlathas, le hilroinnt rialála agus le costais atá ag dul i méid. Tá iomaitheoirí ó chodanna eile den domhan ag fás ar bhonn níos tapa agus cuireann an ró-rialáil bac ar fhás ghnólachtaí na hEorpa. Ní mór don Choimisiún Eorpach athchóirithe sonracha a chur chun cinn a chuirfidh feabhas dáiríre ar thimpeallacht ghnó an Aontais. Leis an gCompás Iomaíochais, tugtar aghaidh ar na príomhbhacainní atá ar an bhfás agus an táirgiúlacht san Aontas, amhail costais arda fuinnimh, ró-rialáil agus ganntanais scileanna agus lucht saothair. Is maith an cur chuige é sin ach, thar aon ní eile, is tábhachtach é a chur i bhfeidhm. Chuige sin, is gá tograí reachtacha agus pleananna gníomhaíochta a thabhairt isteach a chuireann an t-iomaíochas chun cinn seachas cosc a chur air.
Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach a bhuí le lánpháirtiú na hEorpa, ach ní mór leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh sin. Is ábhar frustrachais é go bhfuil na bacainní céanna, bacainní a bhí ann 20 bliain ó shin, fós ar an margadh aonair. Tá deis anois ag Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh é sin a athrú agus is príomhthosaíocht í an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Is mór is tábhachtach an méid sin, ní hamháin don earnáil iompair, ach freisin do chuideachtaí a thairgeann seirbhísí gairmiúla, a bhfuil a líon ag dul i méid i gcónaí. Ar an drochuair, ní leor an aird a thugtar ar an tsaincheist sin i dtuarascálacha Letta agus Draghi. Dírítear i dtuarascáil Letta ar an tógáil agus an miondíol amháin, agus níor cuireadh san áireamh i dtuarascáil Draghi meastacháin an Choimisiúin maidir leis na bearta breise a d’fhéadfaí a dhéanamh chun leas a bhaint as acmhainneacht mhargadh na seirbhísí. Mar fhocal dearfach, leagtar béim i dtuarascáil Niinistö ar ról na seirbhísí maidir le hathléimneacht agus slándáil a chothú. Is maith is eol don saol mór a thábhachtaí atá an méid sin agus an staid gheopholaitiúil mar atá faoi láthair. Is sa chomhthéacs sin atá an Coimisiún ag moladh an ‘28ú córas’, arb é sin sraith aonair rialacha lena gcumhdaítear an cánachas, dlí an tsaothair agus an dlí corparáideach. Is é is aidhm don tionscnamh sin gníomhaíochtaí trasteorann a shimpliú, go háirithe do FBManna, ach ní leor an t-eolas atá againn faoin togra chun measúnú a dhéanamh air ag an bpointe seo.
Is léir gur céim sa treo ceart é an fógra maidir le dírialáil agus reachtaíocht chuíchóirithe. Is mithid anois, áfach, na moltaí a chur i bhfeidhm, agus ní mór níos mó a bheith i gceist leis sin ná an t-ualach tuairiscithe a laghdú. Tá súil againn go ndéanfaidh an Coimisiún ‘iniúchadh’ críochnúil ar reachtaíocht an Aontais agus go mbeidh tograí sonracha mar thoradh air chun timpeallacht rialála an Aontais a fheabhsú gan mhoill.
Táimid ag tnúth le Fóram an Mhargaidh Aonair in Kraków agus táimid ag fanacht leis na conclúidí ón gcomhairliúcháin phoiblí a mbeidh comhaltaí Lewiatan páirteach ann. Is é an aidhm a bheidh ann an chéad straitéis eile maidir leis an margadh aonair a ullmhú.
Is tráthúil anois beart a dhéanamh de réir an bhriathair agus réitigh a chur i bhfeidhm a bhainfidh leas as forbairt ghnólachtaí na hEorpa i ndáiríre. Beidh ríthábhacht le hidirphlé idir institiúidí an Aontais agus na comhpháirtithe sóisialta má táthar chun réitigh a aimsiú a fhreastalóidh ar fhíor-riachtanais gnólachtaí. Mura ndéanfar cinntí misniúla, caillfear am luachmhar agus beimid chun deiridh san iomaíocht dhomhanda.
Tá Kinga Grafa ina Leas-Ardstiúrthóir ar Ghnóthaí Eorpacha i gCónaidhm Lewiatan agus ina toscaire buan chuig BusinessEurope. Is eolaí polaitiúil agus iriseoir í ó thaobh oideachais de. Fuair sí taithí maidir le feidhmiú an Aontais agus í ag obair d’Oifig an Choiste um Lánpháirtiú na hEorpa (2008-2009) agus do Pharlaimint na hEorpa (2009-2014). Chomhscríobh sí freisin leabhar faoi uaisleacht na Polainne agus tá roinnt foilseacháin eolaíocha scríofa aici ar bheartas eachtrach Mheiriceá, ar scothaicme Mheiriceá agus ar thaidhleoireacht chultúrtha.