Le Maria NIKOLOPOULOU

Cúpla lá roimh dúinn Lá Idirnáisiúnta na mBan a chomóradh, agus muid ag súil leis an 69ú seisiún den Choimisiún um Stádas na mBan (UNCSW69) i Nua-Eabhrac, is mithid machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach maidir le comhionannas inscne. Is é an t-am ceart é freisin féachaint i dtreo na todhchaí agus leanúint den bhealach a réiteach chun cinn.

Maidir leis an gcreat reachtach, tá sé tugtha faoi deara againn go ndearnadh dul chun cinn: tá níos mó ban gníomhach sa mhargadh saothair, ag saothrú ioncaim níos fearr, ardleibhéil oideachas ar leibhéil níos airde á bhaint amach acu, ag cur lena n-ionadaíocht pholaitiúil, agus i mbun poist chumhachta. É sin ráite, tá an dul chun cinn mall agus míchothrom ar fud na mBallstát.

Ach fad a bheidh neamhionannais struchtúracha, steiréitíopaí inscne agus frithfhreagairtí i gcoinne chearta na mban fós ann, beidh mná faoi ghannionadaíocht go fóill sa réimse poiblí, sa pholaitíocht agus in oideachas ETIM, beidh siad neamhchosanta ar fhoréigean ar líne agus as líne agus ní bheidh rochtain acu ar acmhainní ná ar chaipiteal don fhiontraíocht. Is mó an baol freisin go mbeidh siad thíos le bochtaineacht ama agus airgid agus go dtógfaidh sé an iomarca blianta na bearnaí pá agus scoir sin a dhúnadh.

Baineann an dul chun cinn le hoiliúint, le maoiniú agus le tiomantas. Tá acmhainní de dhíth orainn chun borradh a chur faoi scileanna na mban don aistriú cóir digiteach agus glas, chun pleananna gníomhaíochta náisiúnta a mhaoiniú chun an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, agus chun oiliúint a chur ar fáil don phearsanra uile atá ag obair le daoine a thagann slán as an bhforéigean sin.

Ní mór dúinn tionscadail fiontraíochta a mhaoiniú agus seirbhísí cúraim leanaí agus daoine scothaosta atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a bhunú chun deireadh a chur le hualach na bhfreagrachtaí cúraim gan íocaíocht a bhíonn ar mhná. Ina theannta sin, teastaíonn tiomantas láidir do spásanna sábháilte a chruthú, do níos mó ban a rannpháirtiú i bparlaimintí áitiúla, náisiúnta agus i bparlaimintí an Aontais, agus dá rannpháirtíocht ghníomhach a chinntiú i bpróisis neamhfhoréigneacha réitithe coinbhleachta agus cothaithe síochána agus, ag an am céanna, cineálacha cur chuige inscne-chuimsitheacha á gcur chun cinn leis na hiarrachtaí sin.

Lena chois sin, dá mbeadh straitéis leathan Eorpach ann do Chlár Oibre 2030, chuideodh sé linn dul chun cinn níos gasta a dhéanamh ionas go mbeadh an comhionannas inscne ina chuid lárnach dár mbeartais. Ba cheart dul i ngleic leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina n-iomláine, seachas ceann ar cheann.

San Aontas, tá dul chun cinn ‘maith’ bainte amach againn. Ach ní leor é a bheith ag céim ‘maith’ d’fhir, do mhná ná do chailíní an Aontais atá ag troid ar son an chomhionannais inscne éifeachtaigh sna blianta atá le teacht. Is é an ról atá againn mar shochaí shibhialta dlús a chur leis an mbrú atá ar lucht ceaptha beartas cúrsaí a chur chun cinn go gasta.