European Economic
and Social Committee
An costas maireachtála a atá ann, a phleota!
Grúpa na nOibrithe a scríobh
‘It’s the economy, stupid!’, mana feachtasaíochta Bill Clinton in 1992, a chuaigh go mór i bhfeidhm ar lucht vótála Mheirceá agus iad ag dul i ngleic le cúlú eacnamaíochta – is feiliúnach inniu athleagan a chur ar na focail sin. Ní gá ach súil a chaitheamh ar thorthaí an tsuirbhé iarthoghcháin Eorabharaiméadair is déanaí, rud a léirigh gurbh iad an boilsciú agus an geilleagar an dá chloch ba mhó ar a bpaidrín ag an lucht vótála.
Is cinnte nach ann do réiteach a fheileann do gach uile chás agus nach míniú leordhóthanach ar na trioblóidí a bhaineann leis na toghcháin atá le teacht é an cruatan eacnamaíoch. Mar sin féin, féadfar a rá gan amhras gurbh iad an t-ardú ar phraghsanna, an costas maireachtála, agus an drochscéal eacnamaíoch na húdair ba mhó a spreag daoine le vóta a chaitheamh san Aontas an t-earrach seo caite agus an taobh thall den Atlantach cúpla seachtain ó shin. Ní aniar aduaidh orainn a tháinig an méid sin: bhí an costas maireachtála ar an údar imní ba mhó i measc an phobail siar ag tús 2023 (an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta ar an dara húdar imní ba mhó acu). Dá bhféachfá ar na táscairí maicreacnamaíocha, cheapfá go mbeadh moladh ag dul do lucht déanta na mbeartas, ach is uafásach an tionchar díreach atá á imirt ag an mboilsciú ar phraghas na n-earraí riachtanacha, leithéidí bia agus fuinnimh, agus is é an dream is mó a bhíonn thíos leis sin na daoine is mó a chaitheann a n-ioncam ar na hearraí sin. De bhreis air sin go léir, bhí an téarnamh ón bpaindéim agus an fhreagairt thubaisteach bheartais a ghabh leis, gan trácht ar an líon mór tíortha atá ag streachailt go fóill le hiarmhairtí ghéarchéim 2008.
Leis na blianta fada anuas, tá an tuarastal dícheangailte ó fhás na táirgiúlachta, rud a bhain go mór den dóchas a bhí ag cuid mhór de lucht oibre agus meánaicme na hEorpa go raibh saol ní b’fhearr i ndán dóibh. Is cuid den saol anois iad an t-antoisceachas polaitiúil agus an toghchánaíocht shuaite.
Caithfear aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim an chostais maireachtála má táthar chun an Eoraip a chur ar bhóthar a leasa, óir is léiriú í ar na saincheisteanna struchtúracha atá ag gabháil don tsochaí agus an geilleagar Eorpach agus is dúshlán í freisin do na prionsabail arb iad bunchlocha sóisialta an daonlathais iad.
An 26 Samhain, tháinig comhaltaí Ghrúpa na nOibrithe le chéile le geallsealbhóirí éagsúla leis an méid sin go léir a phlé, agus iarraimid ort dul ar ais chuig an bplé sin agus iarraidh a dhéanamh i gcomhar linne ar lucht déanta na mbeartas deireadh a chur leis gcaint gan aird, a mbearna scileanna féin a dhruidim, agus díriú isteach ar a bhfuil tábhacht leis.