Tá tionscnamh sláinte á éileamh ag CESE, mar atá Aontas Sláinte Eorpach a bhunú, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta um Ghalair Neamhchoitianta a fhoilsiú a mbeadh spriocanna arbh fhéidir a bhaint amach ag gabháil leis.

Le linn díospóireacht maidir le ‘Tionscnamh suaitheanta Eorpach a chur ar bun don tsláinte’, a reáchtáladh sa seisiún iomlánach i mí Dheireadh Fómhair, d’iarr CESE ar an Aontas tionscnamh uaillmhianach a sheoladh, a dhíreodh ar ollstruchtúr sláinte trasearnálacha a thógáil laistigh den Aontas. Ar an gclár oibre freisin bhí Plean Gníomhaíochta Eorpach um Ghalair Neamhchoitianta a chruthú.

Agus tús á chur leis an díospóireacht aige, dúirt Uachtarán CESE Oliver Röpke an méid a leanas: ‘Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ag gach duine a bhfuil cónaí air san Aontas teacht ar chúram sláinte ardchaighdeáin inacmhainne inrochtana. Caithfimid infheistíocht a dhéanamh i gcórais sláinte nuálacha inbhuanaithe agus beart daingean a dhéanamh le cur i gcoinne an neamhionannais sláinte laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon. Fágann na galair neamhchoitianta gur léire fós an neamhionannas agus an leochaileacht atá ann. Is dá bharr sin atá gá le gníomhaíocht Eorpach chuimsitheach um ghalair neamhchoitianta.’

An rapóirtéir don tuairim maidir leis an tionscnamh suaitheanta Eorpach don tsláinte, Alain Coheur, dúirt sé an méid a leanas: ‘Tá iarracht á déanamh inniu againn treochlár a ghlacadh thar ceann na gcoimisinéirí Eorpacha a bheidh ann amach anseo, ceann a chuireann an cúram sláinte do chách chun cinn agus a chosnóidh an pobal ar ghéarchéimeanna na todhchaí.’ Ágnes Cser, an rapóirtéir don tuairim maidir le galair neamhchoitianta, chuir sise an méid seo lenar dúradh: ‘Ní mór dúinn plean gníomhaíochta a chur le chéile. Mar sin féin, níor cheart dúinn an bhéim a leagan ar an bplean gníomhaíochta um ghalair neamhchoitianta agus air sin amháin, ach ar an tsláinte féin freisin – is gné lárnach den iomaíochas an tsláinte. Ó thaobh an Aontais Sláinte de, ní féidir leanúint de na focail mhóra is na mogaill fholmha.’

Sa tuairim maidir le tionscnamh suaitheanta Eorpach don tsláinte, leagtar amach colúin straitéiseacha d’fhonn an cur le chéile agus an comhar idir na Ballstáit a threisiú i réimse na sláinte. Ina measc sin tá ráthaíocht Eorpach um chúram agus um chúram sláinte a bhunú, rud lena leagfaí síos cuspóirí sláinte ilbhliantúla ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh air sin téacs atá ceangailteach ó thaobh dlí a chruthú (Treoir, cuir i gcás).

Colún eile ná Cur Chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun feidhme, cur chuige a thógann nasc idir na beartais a bhaineann leis an duine daonna, an t-ainmhí, an planda, agus an comhshaol. Sa tuairim maidir le haghaidh a thabhairt ar na galair neamhchoitianta, iarrtar ar an gCoimisiún Teachtaireacht a fhoilsiú a mbeadh ina chuid de Plean Gníomhaíochta Eorpach cuimsitheach um Ghalair Neamhchoitianta, lena leagfaí amach spriocanna sonracha, intomhaiste, indéanta, réalaíocha agus faoi cheangal ama a bheifí in ann a bhaint amach faoi 2030. (lm)