European Economic
and Social Committee
Taraifí, bréagaisnéis agus an saol ina chíor thuathail: cad é an chéad chéim eile don Eoraip?
Grúpa na nOibrithe in CESE a scríobh
‘Ní féidir le duine bréag a insint mura bhfuil fios na fírinne aige. Ach is beag fios a theastaíonn le ráiméis a chumadh.’ Saothar de chuid an fhealsaimh Harry G. Frankfurt is ea On Bullshit: ó bhí ‘Lá na Saoirse’ ann inné in Washington, níor mhiste an saothar sin a thabhairt i gceist arís.
An 2 Aibreán, d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe taraif allmhairiúcháin bunúsach 10 % do chách, chomh maith le taraif allmhairiúcháin ar leith do na ‘ciontóirí is measa’. Cuireadh liosta de na ciontóirí sin os ár gcomhair. Bhí figiúirí ann freisin le haghaidh ‘taraifí cómhalartacha’ ar thíortha eile, ina measc sin taraif 20 % ar an Aontas. Ba róchuma leis an uachtarán na huimhreacha sin a bheith ar easpa céille den chuid is mó agus ba róchuma leis dá réir gur cinnte nach bhfuil siad ag teacht le haon sainmhíniú cuí ar tharaifí cómhalartacha. Rud eile ba róchuma leis gur rud é easnamh na trádála i réimse na seirbhísí atá ag an Aontas a fhágann go bhfuil an trádáil fhoriomlán idir an dá bhloc cothrom a bheag nó a mhór. Dar ndóigh, is beag meas thall ar an gcruinneas.
Nuair atá cogadh trádála nua ann atá bunaithe ar amaidí, céard go díreach atá i ndán? Ardú ar an mboilsciú níos airde, éiginnteacht sa mhargadh agus drochthionchar ar thionscail na hEorpa. Beidh le feiceáil an rachaidh sé sin chun tairbhe d’oibrithe na Stát Aontaithe nó nach rachaidh.
Anuas ar na taraifí, ní mór don Aontas oibrithe agus poist sa bhaile a chosaint, rud a mhaolóidh na chéad tionchair, ní hamháin mar gheall ar na taraifí, ach freisin mar gheall ar an éiginnteacht a eascraíonn as a treallachas na dtaraifí sin. Is éard atá i gceist leis sin ár n-éileamh inmheánach a athghníomhachtú agus a chinntiú go n-athdháilfear agus go n-úsáidfear an rachmas go héifeachtach.
Rud eile atá le rá ár bpríomhthionscail agus ár bpríomhearnálacha a chosaint agus infheistíocht a dhéanamh iontu, na foinsí fuinnimh a éagsúlú, dul i ngleic leis an ngéarchéim sa chostas maireachtála agus an tAontas a athchóiriú ionas gur éifeachtach dá chuid chinnteoireachta. Sochaí atá láidir athléimneach – sin é an t-aon rud a chinnteoidh nach baol go dtiocfaidh leithéidí Trump i réim ar fud na mór-roinne seo. Is cuid lárnach de shochaí den sórt sin na comhpháirtithe sóisialta. Naimhde le Musk-Trump atá sna ceardchumainn agus tá a ndóthain údair acu.