Le Clár Oibre an Choimisiún Eorpaigh le haghaidh 2025, clár ina leagtar amach tosaíochtaí reachtacha agus beartais an Aontais, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go ndíreofaí ar an athléimneacht eacnamaíoch, ar an gcothroime shóisialta agus ar an inbhuanaitheacht. Is mór an ról atá ag CESE i múnlú an chláir oibre sin. I ndíospóireacht iomlánach a bhí ag an gCoiste leis an gCoimisinéir um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, Valdis Dombrovskis, d’athdhearbhaigh sé go bhfuil sé tiomanta clár oibre a fhorbairt lena rachfar i ngleic le dúshláin phráinneacha, agus Aontas Eorpach níos cuimsithí atá dírithe níos mó ar an todhchaí a thógáil ag an am céanna.

I mí na Nollag 2024, rinne CESE ionchur an Choiste leis an gclár oibre a chur i láthair. ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’ ab ea téama a ionchuir. Leis sin, tá CESE ag iarraidh dul i ngleic le bunchúiseanna dhúshláin eacnamaíocha agus gheopholaitiúla an Aontais. Gach bliain, déanann CESE an clár oibre a bheachtú trí chomhairliúcháin a dhéanamh agus moltaí a chur le chéile d’fhonn a chinntiú go bhfreastalaíonn an clár oibre ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa ar an mbealach is fearr is féidir.

Chuir Uachtarán CESE, Oliver Röpke, in iúl gur mór aige an comhar láidir atá ar siúl leis an gCoimisiún Eorpach. D’aithin an tUachtarán iarrachtaí an Choimisiúin ina leith sin, ach d’iarr sé go nglacfaí cur chuige ní b’uaillmhianaí agus ní ba chuimsithí: ‘Táimid tiomanta i gcónaí beartais a mhúnlú lena gcuirtear cobhsaíocht eacnamaíoch, cothromas sóisialta agus luachanna daonlathacha chun cinn,’ arsa seisean.

D’athdhearbhaigh an Coimisinéar Dombrovskis gurb é is aidhm do chlár oibre an Choimisiúin le haghaidh na chéad chúig bliana eile borradh a chur faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoin tslándáil: ‘Is ríthábhachtach an ní é an rómhaorlathas a laghdú más uainn Eoraip níos iomaíche a thógáil. Leis an gclár oibre simpliúcháin seo, is mian linn a chinntiú go gcabhróidh ár rialacha lenár spriocanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus slándála – seachas teacht sa bhealach orthu,’ a dúirt sé.

Príomhthosaíochtaí le haghaidh 2025

Fás eacnamaíoch agus iomaíochas

Dírítear sa chlár oibre ar athchóirithe struchtúracha, ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua agus ar mhargaí caipitil níos láidre. Molann CESE go nglacfaí cur chuige ní ba leithne i dtaca leis an athléimneacht eacnamaíoch, sin agus go rachfaí i ngleic leis an bhfás mall, le géarchéim an chostais maireachtála agus leis an éiginnteacht gheopholaitiúil atá ag dul i méid.

Ná gearraimis siar ar an rialáil amháin, ach rialaímis go cliste freisin

Tacaíonn CESE le tiomantas an Choimisiúin ualaí riaracháin a laghdú. Ag an am céanna, áfach, tá rabhadh á thabhairt aige go mbeimis ar ár n-airdeall nach mbainfí an bonn den chosaint sóisialta ná de chaighdeáin chomhshaoil agus an creat rialála á shimpliú againn.

Nuálaíocht agus infheistíocht a spreagadh

Agus béim láidir á leagan ar líonraí digiteacha, ar an intleacht shaorga agus ar theicneolaíochtaí candamacha, tugtar tús áite sa chlár oibre do cheannaireacht theicneolaíoch an Aontais. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún dálaí a chruthú lena gcuirfear cosc ar eis-sreafaí caipitil agus lena gcothófar infheistíocht fhadtéarmach san Eoraip.

Eoraip níos cothroime agus níos glaise

Agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin amhail ganntanas scileanna, slándáil bia agus maoiniú inbhuanaithe, is é is aidhm don chlár oibre an inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a neartú. Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá beartais lena gcuirtear comhtháthú sóisialta agus aistriú cóir digiteach chun cinn.

Ullmhú don mhéadú agus don todhchaí

De réir mar atá an tAontas ag ullmhú don mhéadú a d’fhéadfaí teacht air tar éis 2028, tá pleananna le haghaidh cobhsaíocht airgeadais agus cobhsaíocht pholaitiúil leagtha amach sa chlár oibre. Áitíonn CESE nach mór peirspictíochtaí na sochaí sibhialta a chomhtháthú chun a áirithiú go bhfreastalóidh beartais ar riachtanais mhuintir uile na hEorpa. (tk)