European Economic
and Social Committee
Tá ceannairí nua roghnaithe ag Grúpa na bhFostóirí, Grúpa na nOibrithe agus Grúpa “Éagsúlacht Eoraip” in CESE
Ar an gcéad lá de sheisiún iomlánach tionscnaimh CESE, thogh na trí ghrúpa leasmhara, as a bhfuil CESE comhdhéanta, a n-uachtaráin nua don chéad téarma oifige eile.
Is iad seo a leanas uachtaráin nua na nGrúpaí:
- Stefano Mallia do Ghrúpa na bhFostóirí
- Oliver Röpke do Ghrúpa na nOibrithe
- Séamus Boland don ghrúpa "Éagsúlacht Eoraip".
Fanfaidh siad in oifig go ceann dhá bhliain go leith, go dtí 2023.
Rinneadh an vótáil i rith chruinnithe bunaitheacha na nGrúpaí a tionóladh i dteannta an tseisiúin iomlánaigh.
Tá Stefano Mallia ina chomhalta de CESE ó bhí 2010 ann. Le linn a uachtaránacht ar Ghrúpa na bhFostóirí in CESE, díreofar ar chabhair a thabhairt do ghnólachtaí teacht slán as géarchéim COVID-19 agus téarnamh uaithi trí na ceachtanna crua atá foghlamtha acu ón ngéarchéim a chur chun deise dóibh féin. I measc thosaíochtaí eile a uachtaránachta beidh an t-aistriú chuig geilleagar níos glaine, a chaithfear a dhéanamh ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de, agus an digiteáil. Tá Stefano Mallia go mór den tuairim nach foláir do CESE agus do Ghrúpa na bhFostóirí a bheith ina gcomhpháirtí nádúrtha ag institiúidí AE eile agus geilleagar na hEorpa á phlé acu. Tá an tUasal Mallia ina Chomhpháirtí de chuid na comhlachta sainchomhairleoireachta EMSC Teo., ar comhlacht é atá dírithe ar an anailís eacnamaíoch agus ar chúrsaí gnó, agus is iar-Uachtarán é ar Chomhlachas Tráchtála, Fiontraíochta agus Tionsclaíochta Mhálta. Tá saineolas aige ar chistí struchtúracha an Aontais agus ar mhaoiniú FBManna.
Is í seo an dara tréimhse uachtaránachta ag Oliver Röpke, óir toghadh é roimhe seo chun teacht i gcomharbas ar Gabriele Bischoff i lár na tréimhse oifige deiridh nuair a d’éirigh Bischoff as in 2019 d'fhonn dul i gceann oifige mar fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá Oliver Röpke ina chomhalta de Chónaidhm Cheardchumann na hOstaire (ÖGB) agus is é ionadaí ÖGB ar choiste feidhmiúcháin Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) é. Tá sé ag obair le CESE ó 2009 i leith agus tá tuairimí curtha le chéile aige maidir le saincheisteanna sóisialta ríthábhachtacha amhail íosphá cuibhiúil agus íoschaighdeáin choiteanna i réimse na sochar dífhostaíochta. Tá sé tiomanta do straitéis láidir Eorpach um théarnamh agus atógáil shóisialta chun dul i ngleic le hiarmhairtí COVID-19, straitéis lena leagtar béim ar an dlúthpháirtíocht agus ar chlár oibre sóisialta a bhfuil sé mar aidhm leis bearta a leagan amach chun cearta oibrithe a chosaint.
An bhochtaineacht agus an ról atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun í a leigheas; is orthu sin a bheidh Séamus Boland ag díriú le linn a chéad téarma oifige mar uachtarán ar an ngrúpa "Éagsúlacht Eoraip". Is éard is "Éagsúlacht Eoraip" ann ná grúpa a thugann réimse leathan eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta le chéile faoina scáth. Is mian leis an Uachtarán nua díriú ar an tsaincheist seo ar dhóigh níos leithne á gcur san áireamh an Comhaontú Glas don Eoraip agus tionchar COVID-19 ar an tsochaí. Feirmeoir agus gníomhaí fadtéarmach ar son na sochaí sibhialta is ea Séamus Boland agus tá sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Nasc Tuaithe na hÉireann, ina chomhalta boird d’Iascaigh Intíre Éireann agus ina chathaoirleach ar an gComhairle Tailte Móna. Tá sé ina chomhalta de CESE ó bhí 2011 ann agus ina rapóirtéir le haghaidh go leor tuairimí de chuid CESE a bhaineann le talmhaíocht, forbairt tuaithe, fuinneamh, gnóthaí sóisialta agus Brexit.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach leathanaigh ghréasáin na nGrúpaí;
Ceapadh Stefano Mallia ina Uachtarán nua ar Ghrúpa na bhFostóirí in CESE
Ceapadh an tÉireannach Séamus Boland ina Uachtarán nua ar an ngrúpa "Éagsúlacht Eoraip" in CESE