European Economic
and Social Committee
Matthew Caruana Galizia: is éard a chuirim romham a chinntiú nach in aisce a fuair mo mháthair bás
Agallamh eisiach le Matthew Caruana Galizia, iriseoir iniúchta agus stiúrthóir Fhondúireacht Daphne Caruana Galizia i Málta.
‘Táim ag obair ag Fondúireacht Daphne Caruana Galizia i Málta, a baisteadh as mo mháthair, Daphne. B’iriseoir ar feadh 30 bliain í a d’iniúch éilliú ardleibhéil agus saincheisteanna sóisialta i Málta; dúnmharaíodh í an 16 Deireadh Fómhair 2017 le linn di iniúchadh an-tábhachtach a dhéanamh, an ceann ba thábhachtaí dá ndearna sí lena saol. Bhí mé i láthair nuair a dúnmharaíodh í. Ó shin i leith, in éineacht le mo theaghlach, táim ar theann mo dhíchill ag troid chun a ceart a fháil di’.
CESE info: An fearr an bhail atá ar iriseoirí ó dúnmharaíodh do mháthair?
Matthew Caruana Galizia: I gcás iriseoirí i gcoitinne, tá aitheantas ann anois ar leibhéal an Choimisiúin go bhfuil tábhacht le hobair iniúchta agus go bhfuil fadhbanna tromchúiseacha le sárú againn. Táimid ar an mbóthar ceart, ach ní dóigh liom go bhfuil dóthain feabhais tagtha ar chúrsaí dóibh siúd a bhíonn i mbun iriseoireacht iniúchta.
Cinnte, is fíor a rá gur mó an rath atá ar iriseoirí anois agus an choireacht eagraithe, an t-éilliú agus sciúradh airgid á n-iniúchadh acu. Le gach iniúchadh comhoibríoch nua dá ndéanann siad, tá ag méadú ar a n-éifeacht.
Is é an sampla is deireanaí de sin ná Páipéir Phandóra, óir iniúchadh fíor-éifeachtach dea-struchtúrtha ab ea é. Rinne na daoine a bhí ag obair air sin éacht agus gan acu ach fíorbheagán acmhainní, ach is é an fáth nach fusa dúinn ár gcuid oibre a dhéanamh go fóill féin ná go bhfuil ag dul de na húdaráis, ar bhonn domhanda, coinneáil suas lena bhfuil ag tarlú i réimse an éilithe, réimse atá á chomhrac acu san am céanna.
Ar an leibhéal domhanda, bhí righneas orainn ag iarraidh uirlisí nua a cheapadh ab fhéidir a úsáid chun cur in éadan na coireachta eagraithe agus an éillithe. Níl dul á shéanadh ach go bhfágann iriseoirí a fhoilsíonn a gcuid fianaise agus a gcuid tuairiscí maidir le héilliú agus coireacht eagraithe iad féin gan chosaint ar chontúirtí.
Conas is féidir leis an tsochaí shibhialta tacú le hiriseoirí iniúchta?
Tá sé d’acmhainn ag eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, más eagraíochtaí an-mhór agus dea-mhaoinithe iad, obair iniúchta a mhaoiniú agus tacú le hobair saoririseoirí ar roinnt iniúchtaí tábhachtacha.
Tá eagraíochtaí um chearta an duine ag labhairt amach faoi sháruithe ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faoin gcaoi a n-úsáidtear an ciapadh dlíthiúil d’fhonn iriseoirí a chur ina dtost.
Cuir i gcás, tá tacaíocht ollmhór faighte ag mo theaghlach ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, agus murach an tacaíocht sin, ní bheadh oiread céanna dul chun cinn déanta againn go dtí seo sa chomhrac ar son an chirt do mo mháthair.
Ach, ar ndóigh, tá na heagraíochtaí sochaí sibhialta sin ag brath ar mhaoiniú ó na hinstitiúidí Eorpacha, ó chomhlachtaí Eorpacha, ó shaoránaigh phríobháideacha, óna gcuid comhaltaí féin agus mar sin de.
Caitear anuas ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tarraingítear droch-chlú orthu. Tá na heagraíochtaí sin faoi ionsaí anois. Is gá dúinn iad a chosaint freisin, dá bhrí sin.
Cad eile is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun a thiomantas do shaoirse an phreasa a chur in iúl?
Tar éis an athraithe ar lucht ceannaireachta an Choimisiúin Eorpaigh, creidim gur cara anois ag iriseoirí, ag daoine atá ag obair i réimse chearta an duine agus ag cosantóirí an chirt chun tuairimí a nochtadh an Coimisiún agus creidim gur cara acu Parlaimint na hEorpa freisin, a bhfuil duais i réimse na hiriseoireachta cruthaithe aici ar na mallaibh a sloinneadh ó mo mháthair: duais Daphne Caruana Galizia.
Is léir uaidh sin go bhfuil ceann de na hinstitiúidí Eorpacha is tábhachtaí dá bhfuil ann meáite ar thacaíocht a thabhairt don iriseoireacht iniúchta ar bhealach dáiríre éifeachtach nithiúil.
Dar liom, tá laincis á cur ag Ballstáit an Aontais faoi na hinstitiúidí féin, toisc nach bhfuil ag éirí leis na Ballstáit, cuir i gcás, an Treoir maidir le Sceithirí ná na Treoracha maidir le Frithsciúradh Airgid a chur chun feidhme.
Tá roinnt tíortha san Aontas Eorpach, mar shampla, nach bhfuil cláir phoiblí acu maidir le húinéireacht cuideachtaí. Tá an Chipir ar cheann díobh. Fágann sin gur deacra do na hiriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh.
Teastaíonn uaim a chinntiú nach in aisce a fuair mo mháthair bás. Sin é i ndáiríre an spreagadh is mó atá agam: go mbeadh ciall cheannaithe againn de dheasca dhúnmharú mo mháthar, agus nach dtarlódh an rud céanna an athuair. Ach, faraor, tharla sé arís, rud a léiríonn an dul chun cinn atá fós le déanamh againn. Dúnmharaíodh Ján Kuciak, faoi mar a dúnmharaíodh iriseoir eile sa Ghréig agus iriseoir eile fós san Ísiltír. Mar sin, tá bealach fada romhainn fós ach táimid ar an mbóthar ceart. Níl aon dul as againn ach coinneáil orainn.